Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 22 Feabhra 2022 14:05

An Úcráin: Dearbhú ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le cinntí Chónaidhm na Rúise lena mbaintear an bonn a thuilleadh de cheannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine

Cáineann an tAontas go láidir an cinneadh a rinne an tUachtarán Putin aitheantas mar eintitis neamhspleácha a thabhairt do na limistéir nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin na hÚcráine, Donetsk agus Luhansk, agus an cinneadh a d’eascair as sin trúpaí de chuid na Rúise a chur chuig na limistéir sin. Baineann an gníomh neamhdhleathach sin an bonn a thuilleadh de cheannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine agus is sárú tromchúiseach ar an dlí idirnáisiúnta é agus sárú ar chomhaontuithe idirnáisiúnta, Cairt na Náisiún Aontaithe, Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí, Cairt Pháras agus Meabhrán Bhúdaipeist san áireamh.

Mar shínitheoir chomhaontuithe Mhionsc, tá freagracht shoiléir dhíreach ar an Rúis oibriú chun teacht ar réiteach síochánta ar an gcoinbhleacht i gcomhréir leis na prionsabail sin. Leis an gcinneadh aitheantas mar ‘stáit neamhspleácha’ a thabhairt don réigiún in oirthear na hÚcráine nach bhfuil faoi rialú an rialtais, is léir go bhfuil an Rúis ag sárú chomhaontuithe Mhionsc, ina sonraítear go bhfuil iomlán na limistéar sin le tabhairt ar ais faoi rialú rialtas na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá a gealltanas go n-oibreodh sí laistigh d’fhormáid na Normainne agus den Ghrúpa Teagmhála Tríthaobhach chun teacht ar réiteach síochánta ar an gcoinbhleacht á bhriseadh ag an Rúis, gealltanas a thug sí go mion minic, agus arís le fíordhéanaí. Tá Rún 2202 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe á shárú aici freisin, lena gceanglaítear Comhaontuithe Mhionsc a chur chun feidhme ina n-iomláine.

Áitímid ar an Rúis, mar pháirtí sa choinbhleacht, an t-aitheantas a aisiompú, seasamh lena gealltanais, cloí leis an dlí idirnáisiúnta agus filleadh ar an bplé laistigh d’fhormáid na Normainne agus den Ghrúpa Teagmhála Tríthaobhach. Iarraimid ar Stáit eile gan cinneadh neamhdhleathach na Rúise a leanúint agus an neamhspleáchas a d’fhógair sí a aithint.

Freagróidh an tAontas, i gcomhar lenár gcomhpháirtithe, ar na sáruithe is déanaí sin mar ábhar práinne le bearta sriantacha breise, lena n-áirítear ar an gcaidreamh eacnamaíoch uile leis na limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais, mar aon le hainmniúcháin i gcoinne daoine aonair agus eintitis atá freagrach as an mbonn a bhaint d’iomláine chríochach na hÚcráine.

Tugaimid rabhadh don Rúis gan úsáid a bhaint as na comhshocruithe nua-shínithe leis na ‘poblachtaí’ féinfhógartha mar leithscéal as tuilleadh bearta míleata a dhéanamh i gcoinne na hÚcráine. Tá an tAontas faoi réir chun smachtbhannaí polaitiúla agus eacnamaíocha níos forleithne a ghlacadh go pras.

Cuireann an tAontas in iúl athuair a thacaíocht agus a thiomantas buanseasmhach do neamhspleáchas, do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta. Athdhearbhaíonn an tAontas go bhfuil sé tiomanta an caidreamh polaitiúil agus eacnamaíoch atá aige leis an Úcráin a neartú.


Tá na Tíortha is Iarrthóirí, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró, an tSeirbia agus an Albáin1), tír an Phróisis Cobhsaíochta agus Comhlachais agus tír a d’fhéadfadh a bheith ina hiarrthóir amach anseo, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, agus na tíortha ar comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa agus den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad, an Íoslainn agus an Iorua, mar aon leis an Úcráin, agus an tSeoirsia ag seasamh leis an dearbhú seo.

1) Tá an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró, an tSeirbia agus an Albáin páirteach sa Phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais i gcónaí

Teagmhálaithe preasa

  • Peter Stano Príomh-Urlabhraí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

  • +32 2 295 45 53
  • +32 460 75 45 53
  • @ExtSpoxEU

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 7 Feabhra 2024