"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Molta ag Ballstáit an limistéir euro go mbeadh an Chróit ar an 20ú ball den limistéar euro
D’fhormhuinigh an Grúpa Euro moladh ó Bhallstáit an limistéir euro chuig an gComhairle. D’aontaigh na hairí le measúnú dearfach an Choimisiúin Eorpaigh agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar an gcaoi a bhfuil na critéir um chóineasú á gcomhlíonadh ag an gCróit. Moltar sa mholadh gur cheart don Chróit an euro a thabhairt isteach an 1 Eanáir 2023. Is é sin an chéad chéim i bpróiseas trína nglacann Comhairle an Aontais Eorpaigh gníomhartha dlíthiúla a chuirfidh ar chumas na Cróite a bheith ina bhall den limistéar euro agus leas a bhaint as ár n-airgeadra comhchoiteann, an euro, ón mbliain seo chugainn ar aghaidh.
Is cúis mhóir áthais dom a fhógairt gur aontaigh an Grúpa Euro inniu go gcomhlíonann an Chróit na coinníollacha go léir atá riachtanach chun an euro a ghlacadh. Is céim ríthábhachtach í seo don Chróit agus í ar a bealach le bheith ar an 20ú ball den limistéar euro agus is comhartha láidir é ó thaobh lánpháirtiú na hEorpa de. Is mian liom aitheantas ar leith a thabhairt do rialtas na Cróite as a thiomantas agus an obair dhian a rinne sé le blianta beaga anuas, i gcúinsí a bhí thar a bheith dúshlánach, chun an toradh seo a bhaint amach.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Na chéad chéimeanna eile
Tá an moladh sin le glacadh ag Comhairle Ecofin (trí vótáil trí thromlach cáilithe de chuid Bhallstáit an limistéir euro) ag an gcruinniú a bheidh aici an 17 Meitheamh 2022. Meastar freisin go bhformhuineoidh an Chomhairle litir ó Uachtarán Chomhairle Ecofin chuig an gComhairle Eorpach. Pléifidh an Chomhairle Eorpach an t-ábhar ag an gcruinniú a bheidh aici an 23-24 Meitheamh.
Tabharfar an próiseas chun críche nuair a ghlacfaidh an Chomhairle (tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an mBanc Ceannais Eorpach) trí ghníomh dlí is gá chun é a chur ar chumas na Cróite an euro a thabhairt isteach an 1 Eanáir 2023. Meastar go nglacfar na gníomhartha sin i mí Iúil.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas: