- An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 17 Meitheamh 2022
Na príomhthorthaí
An staid eacnamaíoch agus airgeadais
Le linn an bhricfeasta, bhí malartú neamhfhoirmiúil tuairimí ag na hairí maidir leis an staid reatha eacnamaíoch agus airgeadais, i gcomhthéacs an mhéadaithe ar an mboilsciú.
Chomhaontaigh airí airgeadais agus geilleagair an Aontais leanúint de bheartais eacnamaíocha a chomhordú chun freagairt ar an méadú ar an mboilsciú, go háirithe le bearta sealadacha chun na teaghlaigh is leochailí a chosaint.
Acmhainní dílse nua an Aontais
Tar éis an chomhaontaithe idirinstitiúidigh an 16 Nollaig 2020, phléigh airí eacnamaíocha agus airgeadais an Aontais an cinneadh atá beartaithe maidir le córas acmhainní dílse nua an Aontais Eorpaigh. Bhí an plé sin bunaithe ar nóta ón Uachtaránacht agus cumhdaíodh leis inter alia an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha agus córas AE i ndáil le trádáil astaíochtaí.
Chuir na hairí a dtuairimí in iúl maidir le hacmhainní dílse nua a thabhairt isteach chun a chinntiú go n-aisíocfar plean téarnaimh an Aontais, agus maidir leis an amchlár dá gcur chun feidhme.
- Taifeadadh den phlé a rinneadh ag Comhairle Ecofin
- Tuarascáil ar dhul chun cinn ón Uachtaránacht maidir le hacmhainní dílse nua an 10 Meitheamh 2022
Frithsciúradh airgid
Thug an Chomhairle dá haire staid na himeartha i ndáil leis an bpacáiste reachtach maidir le frithsciúradh airgid.
Buiséad AE 2021-2027 agus plean téarnaimh (Grafaic faisnéise)
Sócmhainneacht II
Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh (cur chuige ginearálta) maidir leis na leasuithe ar an treoir Sócmhainneacht II, príomhphíosa reachtaíochta an Aontais i réimse an árachais. Chuir an Chomhairle i bhfáth gur féidir leis an earnáil árachais agus athárachais foinsí príobháideacha maoiniúcháin a sholáthar do ghnólachtaí Eorpacha agus tabhairt ar an ngeilleagar a láidriú trí chosaint a sholáthar ar réimse leathan rioscaí.
An treoir maidir le bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha
Chun margadh caipitil na hEorpa a fheabhsú agus cosaint infheisteoirí a neartú, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir lena seasamh (cur chuige ginearálta) i ndáil le hathbhreithniú ar an treoir maidir le bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha, arb é an creat reachtach é lena rialaítear bainisteoirí cistí fálaithe, cistí cothromais phríobháidigh, cistí fiachais phríobháidigh, cistí réadmhaoine agus cistí infheistíochta malartacha eile, mar a thugtar orthu, san Aontas.
Cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus phlean na Polainne
Rinne na hairí a marana ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Ghlac an Chomhairle a cinneadh cur chun feidhme maidir le plean téarnaimh agus athléimneachta na Polainne a fhormheas.
Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta clár tacaíochta airgeadais mórscála an Aontais mar fhreagairt ar na dúshláin atá tugtha ag an bpaindéim do gheilleagar na hEorpa. Úsáidtear €672.5 billiún na saoráide chun tacú leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a leagtar amach i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát. Eisíocadh €100 billiún cheana féin.
An ciste téarnaimh: beart á dhéanamh ag an Aontas de réir a bhriathair (Grafaic faisnéise)
Seimeastar Eorpach 2022: moltaí tírshonracha comhaontaithe
D’fhormheas an Chomhairle na moltaí maidir le Cláir Náisiúnta um Athchóiriú 2022 agus thug sí tuairim uaithi maidir le Cláir um Chobhsaíocht agus um Chóineasú 2022. Cuirtear san áireamh iontu réamhaisnéis earrach 2022 agus an leanúint le clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis in 2023 agus tugtar aghaidh leo ar sheasamh buiséadach na mBallstát i dtéarmaí cáilíochtúla seachas i dtéarmaí cainníochtúla, i bhfianaise na n-imthosca eisceachtúla atá ann faoi láthair.
Méadú an limistéir euro: an Chróit
Ghlac an Chomhairle moladh arb é an chéad chuid de phróiseas dlíthiúil é lena gcuirfear ar chumas na Cróite a bheith ina ball den limistéar euro agus tairbhe a bhaint as ár n-airgeadra coiteann, an euro, a úsáid ón 1 Eanáir 2023.
D’fhormheas an Chomhairle freisin litir ó Uachtarán Chomhairle Ecofin chuig an gComhairle Eorpach. Pléifidh an Chomhairle Eorpach an t-ábhar ag an gcruinniú a bheidh aici an 24 Meitheamh.
Is í an Chróit an 20ú Ballstát de chuid an Aontais a ghlacfaidh an euro mar airgeadra. Déanfaidh sí mar a rinne an Liotuáin roimpi, a chuaigh isteach sa limistéar euro mar an 19ú Ballstát de chuid an Aontais in 2015.
- Molta ag Ballstáit an limistéir euro go mbeadh an Chróit ar an 20ú ball den limistéar euro (preasráiteas, an 16 Meitheamh 2022)
- Ról idirnáisiúnta an euro (eolas cúlra)
- Dul isteach sa limistéar euro (eolas cúlra)
Reachtaíocht seirbhísí airgeadais
Chuir an Uachtaránacht i láthair staid na himeartha maidir leis na tograí reachtacha reatha i réimse na seirbhísí airgeadais.
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
- An t-airgeadas digiteach (eolas cúlra)
An comhrac in aghaidh na calaoise CBL: an comhaontú idir an tAontas agus an Iorua
Mheas an Chomhairle go raibh sé tráthúil an comhar leis an Iorua a neartú tuilleadh maidir le comhar riaracháin, calaois a chomhrac agus éilimh ó cháin bhreisluacha (CBL) a aisghabháil. Chuige sin, thug sí údarás don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht leis an Iorua chun comhaontú idir an tAontas agus an Iorua a neartú, ar comhaontú é a tháinig i bhfeidhm in 2018.
Conclúidí maidir leis an Meitheal um an gCód Iompair (cánachas gnó)
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an dul chun cinn a rinne an Mheitheal um an gCód Iompair (Cánachas Gnó) le linn Uachtaránacht na Fraince.
D’fhormheas an Chomhairle an tuarascáil leathbhliantúil ón Meitheal um an gCód Iompair.
- Cánachas corparáide: conclúidí maidir leis an obair a rinne an Mheitheal um an gCód Iompair (preaseisiúint, an 17 Meitheamh 2022)
- Liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach (eolas cúlra)
An Ionstraim soláthair phoiblí idirnáisiúnta
Ghlac an Chomhairle rialachán chun cómhalartacht a chur chun cinn i dtaca le rochtain ar mhargaí soláthair phoiblí idirnáisiúnta, lena ndéanfar rochtain agus cothrom na Féinne a chinntiú do chuideachtaí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí tríú tíortha, rud a mhéadóidh deiseanna gnó do na cuideachtaí sin.
An treoir maidir le cánachas fuinnimh
Mar mhír gan phlé, thug an Chomhairle dá haire tuarascáil ar dhul chun cinn maidir leis an athbhreithniú ar an treoir maidir le cánachas fuinnimh.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
- Seimeastar Eorpach 2022: moltaí tírshonracha comhaontaithe
- 17/06/2022
- Aontas na Margaí Caipitil: a seasamh comhaontaithe ag an gComhairle maidir le rialacha nuashonraithe le haghaidh cistí fálaithe, cistí fiachais phríobháidigh agus cistí infheistíochta malartacha eile
- 17/06/2022
- NextGenerationEU: an measúnú a rinne an Coimisiún Eorpach ar phlean náisiúnta na Polainne formheasta ag na hairí
- 17/06/2022
- Cánachas corparáide: conclúidí maidir leis an obair a rinne an Mheitheal um an gCód Iompair
- 17/06/2022
- Sócmhainneacht II: A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle ar rialacha nuashonraithe do chuideachtaí árachais
- 17/06/2022
- An comhrac in aghaidh na calaoise CBL: an comhar leis an Iorua a dhoimhniú údaraithe ag an gComhairle
- 17/06/2022
- Molta ag Ballstáit an limistéir euro go mbeadh an Chróit ar an 20ú ball den limistéar euro
- 16/06/2022
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ECOFIN
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025