Skip to content
  • An Chomhairle Eorpach
  • Preaseisiúint
  • 8 Samhain 2024 15:20

Dearbhú Bhúdaipeist i ndáil leis an gComhaontú Nua maidir le hIomaíochas na hEorpa

I bhfianaise na dteagmhas tubaisteach adhaimsire sa Spáinn, cuirimid ár gcomhbhrón ó chroí in iúl do mhuintir na Spáinne agus seasaimid i ndlúthpháirtíocht leo, go háirithe teaghlaigh agus cairde na ndaoine a cailleadh.

*

* *

I bhfianaise na réaltachtaí geopholaitiúla nua agus na ndúshlán eacnamaíoch agus déimeagrafach, táimidne, ceannairí an Aontais Eorpaigh, meáite ar ár rathúnas eacnamaíoch coiteann a áirithiú, ar bhorradh a chur faoinár n-iomaíochas, ar an gcéad mhór-roinn aeráidneodrach ar domhan a dhéanamh den Aontas agus ar cheannasacht, slándáil, athléimneacht agus tionchar domhanda an Aontais a áirithiú. Bunaithe ar an obair ar cuireadh tús léi in Versailles, agus a saothraíodh a thuilleadh in Granada, sa Bhruiséil agus sa Chlár Oibre Straitéiseach, déanfaimid an tAontas níos iomaíche, níos táirgiúla, níos nuálaí agus níos inbhuanaithe, agus forbairt á déanamh againn ar an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, agus cóineasú agus cothroime iomaíochta á n-áirithiú againn san Aontas agus ar bhonn domhanda.

Is díol sásaimh dúinn na tuarascálacha ó Enrico Letta agus ó Mario Draghi dar teideal Much more than a market [Margadh thar an gCoitiantacht] agus The future of European competitiveness [Todhchaí iomaíochas na hEorpa] faoi seach, inar sainaithníodh dúshláin chriticiúla agus ina ndearnadh moltaí réamhbhreathnaitheacha. Cuirfimid ár n-obair chun cinn go huaillmhianach ar bhonn láidir na dtuarascálacha sin. Freagróimid an glao dúisithe atá iontu. Is den ríthábhacht an bhearna nuálaíochta agus táirgiúlachta a dhúnadh, lenár n-iomaitheoirí domhanda agus san Aontas féin. Oibreoimid i gcomhar agus i ndlúthpháirtíocht ar mhaithe le saoránaigh, gnólachtaí agus Ballstáit uile an Aontais.

Chun borradh a chur faoinár n-iomaíochas, ní mór leas a bhaint as na hionstraimí agus na beartais uile ar bhealach cuimsitheach stuama comhleanúnach ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát. Ní ceadmhach cur chuige ‘gnó mar is gnách’ a thuilleadh. Leagaimid béim ar a phráinní atá sé gníomhú go cinntitheach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin agus iarraimid comhiarrachtaí diongbháilte maidir leis an méid a leanas a spreagann an t-iomaíochas, mar obair leantach ar na conclúidí ón gComhairle Eorpach i mí Aibreáin 2024:

1. Dlús a chur lenár n-iarrachtaí margadh aonair lánfheidhmiúil a áirithiú agus leas iomlán a bhaint as a acmhainneacht mar phríomhspreagadh don nuálaíocht, don infheistíocht, don chóineasú, don fhás, don nascacht agus don athléimneacht eacnamaíoch. Chuige sin, iarraimid ar an gCoimisiún straitéis chothrománach chuimsitheach nua a thíolacadh faoi mhí an Mheithimh 2025 maidir leis an margadh aonair a dhoimhniú, lena n-áirítear treochlár ina mbeidh amlínte agus garspriocanna soiléire.

2. Céimeanna cinntitheacha a thabhairt i dtreo Aontas Coigiltis agus Infheistíochtaí faoi 2026, agus dul chun cinn a dhéanamh maidir le hAontas na Margaí Caipitil ar bhonn práinne. Leis sin, cruthófar margaí caipitil Eorpacha fíor-chomhtháite a bheidh inrochtana do gach saoránach agus gnólacht, go háirithe FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta. Ba cheart go gcuirfeadh sé sin ar chumas ár gcuideachtaí nuálacha uas-scálú a dhéanamh. Ina theannta sin, rannchuideodh infheistíocht mhéadaithe chothromais le hiomaíochas an Aontais a dhaingniú i dtaobh teicneolaíochtaí criticiúla. Tá tuilleadh dul chun cinn de dhíth freisin chun an tAontas Baincéireachta a thabhairt chun críche.

3. Ár n-athnuachan thionsclaíoch agus ár ndícharbónú a áirithiú, agus é a chur ar chumas an Aontais a bheith ina chumhacht thionsclaíoch agus theicneolaíoch i gcónaí. Chuige sin, forbróimid beartas tionsclaíoch Eorpach chun fás phríomhtheicneolaíochtaí na todhchaí a áirithiú, agus aird ar leith á tabhairt ar thionscail thraidisiúnta atá i mbun aistrithe. Iarraimid ar an gCoimisiún straitéis thionsclaíoch chuimsitheach a thíolacadh maidir le tionscail iomaíocha agus poist ardcháilíochta mar ábhar tosaíochta.

4. Réabhlóid simpliúcháin a sheoladh lena n-áiritheofar creat rialála soiléir, simplí agus cliste do ghnólachtaí agus lena ndéanfar laghdú suntasach ar ualaí riaracháin, rialála agus tuairiscithe, go háirithe do FBManna. Ní mór meon cumasúcháin a ghlacadh bunaithe ar iontaoibh, rud a chuirfidh ar chumas gnólachtaí a bheith faoi rath gan rialáil iomarcach. Ar na príomhchuspóirí atá le baint amach gan mhoill ag an gCoimisiún tá tograí nithiúla a dhéanamh maidir le ceanglais tuairiscithe a laghdú 25% ar a laghad sa chéad leath de 2025 agus measúnuithe tionchair ó thaobh rómhaorlathais agus iomaíochais de a áireamh ina chuid tograí.

5. Ár n-ullmhacht agus ár gcumais cosanta a mhéadú, go háirithe trínár mbonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch cosanta a neartú dá réir[1].. I ndáil leis an méid sin, cuirfidh an tArdionadaí agus an Coimisiún roghanna forbartha maidir le cistiú poiblí agus príobháideach i láthair gan mhoill. Bainfimid leas freisin as acmhainneacht thionscal an spáis.

6. An Eoraip a chur ar thús cadhnaíochta sa taighde agus sa nuálaíocht ar fud an domhain, go háirithe i dtaobh teicneolaíochtaí suaiteacha, agus an cuspóir maidir le 3% de OTI maidir le T&F a bhaint amach faoi 2030. Táimid réidh chun obair a dhéanamh ar mholadh Enrico Letta maidir le ‘cúigiú saoirse’ chun taighde, nuálaíocht agus oideachas sa Mhargadh Aonair a fheabhsú.

7. Déchuspóir na ceannasachta straitéisí fuinnimh agus na haeráidneodrachta faoi 2050 a shaothrú. Chuige sin, tógfaimid fíor-Aontas Fuinnimh ina mbeidh margadh fuinnimh lán-chomhtháite idirnasctha mar ábhar tosaíochta, trí dhícharbónú ár meascáin fuinnimh agus trí fhuinneamh inacmhainne glan a sholáthar dár saoránaigh agus dár ngnólachtaí uile. Déanfar bearta práinneacha chun aghaidh a thabhairt ar an staid a eascraíonn as praghsanna arda luaineacha leictreachais san Eoraip agus ar na cúiseanna leo sin.

8. Geilleagar níos ciorclaí agus níos tíosaí ar acmhainní a thógáil agus margadh comhtháite a fhorbairt le haghaidh ábhair thánaisteacha, go háirithe amhábhair chriticiúla. Chuige sin, iarraimid ar an gCoimisiún a Ghníomh um an nGeilleagar Ciorclach a thíolacadh.

9. Cumais theicneolaíocha an Aontais a neartú, dlús a chur leis an gclaochlú digiteach ar fud na dtionscal, deiseanna an gheilleagair sonraí a thapú agus príobháideachas agus slándáil á n-áirithiú ag an am céanna, agus forbairt teicneolaíochtaí nuálacha a chothú. Iarraimid ar an gCoimisiún tograí a dhéanamh i ndáil leis sin faoi mhí an Mheithimh 2025.

10. Leas a bhaint as tallann na hEorpa agus infheistíocht a dhéanamh i scileanna chun poist ardcháilíochta a chothú ar fud an Aontais. Beidh sé mar aidhm againn an t-idirphlé sóisialta a neartú, comhionannas deiseanna a chaomhnú agus neamhionannais a laghdú i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta.

11. Beartas trádála atá uaillmhianach, láidir, oscailte agus inbhuanaithe a shaothrú, a mbeidh an Eagraíocht Dhomhanda Trádála ina chroílár, agus lena ndéantar leasanna, éagsúlú eacnamaíoch agus athléimneacht an Aontais a chosaint agus a chur chun cinn. Cuirfimid feabhas ar ár slándáil eacnamaíoch agus geilleagar oscailte á choinneáil ar bun agus comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta á dtógáil ag an am céanna.

12. Earnáil talmhaíochta iomaíoch, inbhuanaithe agus athléimneach a bheith ann, creat cobhsaí intuartha a sholáthar d’fheirmeoirí, a seasamh i slabhra an tsoláthair bia a neartú agus iomaíocht chóir a áirithiú ar bhonn domhanda agus sa mhargadh inmheánach.

Cistiú atá oiriúnach don todhchaí

Beidh gá le hinfheistíocht ollmhór, idir mhaoiniú poiblí agus mhaoiniú príobháideach, má táimid chun dul i ngleic leis na dúshláin iomaíochais. Táimid tiomanta féachaint agus giaráil a dhéanamh ar gach ionstraim agus uirlis chun ár spriocanna a bhaint amach: an Creat Airgeadais Ilbhliantúil mar mheán bunriachtanach chun ár dtosaíochtaí straitéiseacha a chur i gcrích; Aontas na Margaí Caipitil, chun maoiniú príobháideach a shlógadh; agus rannpháirtíocht mhéadaithe an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta. Féachfaimid ar ionstraimí nua a fhorbairt. Leanfaimid de bheith ag féachaint le hacmhainní dílse nua a thabhairt isteach.

Is mó ná riamh an gá atá le freagra aontaithe. Iarraimid ar institiúidí uile an Aontais, ar na Ballstáit agus ar na páirtithe leasmhara an comhaontú nua maidir le hiomaíochas na hEorpa a chur chun feidhme agus a bhaint amach go pras. Leanfaimid de threoir straitéiseach bhreise a thabhairt agus déanfaimid athbhreithniú rialta ar an dul chun cinn sa bhliain atá le teacht.


[1] Ní dochar an méid sin do cháilíocht shonrach beartais slándála agus cosanta Ballstát áirithe.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 22 Eanáir 2025