- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 21 Eanáir 2025 14:05
An comhshocrú cobhsaíochta agus fáis: Moltaí glactha ag an gComhairle do thíortha atá faoi réir an nós imeachta um easnamh iomarcach
Ghlac an Chomhairle moltaí do sheacht dtír chun a staid easnaimh iomarcaigh a cheartú laistigh de thréimhse shocraithe ama: An Bheilg, an Fhrainc, an Iodáil, Málta, an Pholainn, an tSlóvaic agus an Rómáin.
Tá conair bhuiséadach cheartaitheach, arna sloinneadh i dtéarmaí uimhriúla, agus spriocdháta do gach Ballstát sna moltaí. Tá siad sin i gcomhréir le cuspóirí gach Ballstáit, arna gcur in iúl ina bpleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha a tíolacadh i gcomhthéacs chur chun feidhme chreat nua rialachais eacnamaíoch an Aontais.
an Bheilg
Molann an Chomhairle gur cheart don Bheilg deireadh a chur le staid an easnaimh iomarcaigh faoi 2027. Ba cheart don Bheilg a áirithiú nach mó ráta fáis ainmniúil an ghlanchaiteachais ná 2.4 % in 2025, 1.9 % in 2026 agus 2.0 % in 2027. Ós rud é nár chuir an Bheilg plean fioscach-struchtúrach meántéarmach isteach go fóill, is ar an gconair thagartha a tharchuir an Coimisiún chuig an mBeilg i mí an Mheithimh 2024 a bunaíodh an chonair cheartaitheach, a tugadh cothrom le dáta í le sonraí a foilsíodh ní ba dhéanaí.
An Fhrainc
Bunaítear leis an moladh ón gComhairle gur cheart don Fhrainc deireadh a chur le staid reatha an easnaimh iomarcaigh faoi 2029. Ba cheart don Fhrainc a áirithiú nach mó ráta fáis ainmniúil an ghlanchaiteachais ná 0.8 % in 2025, 1.2 % in 2026, 1.2 % in 2027, 1.2 % in 2028 ná 1.1 % in 2029.
An Iodáil
Molann an Chomhairle gur cheart don Iodáil deireadh a chur le staid an easnaimh iomarcaigh faoi 2026. Ba cheart don Iodáil a chinntiú nach mó ráta fáis ainmniúil an ghlanchaiteachais ná 1.3% in 2025 ná 1.6% in 2026.
Málta
Molann an Chomhairle gur cheart do Mhálta deireadh a chur le staid an easnaimh iomarcaigh faoi 2027. Ba cheart do Mhálta a chinntiú nach mó ráta fáis ainmniúil an ghlanchaiteachais ná 6.0 % in 2025, 5.8 % in 2026 ná 5.8 % in 2027.
An Pholainn
Molann an Chomhairle gur cheart don Pholainn deireadh a chur le staid an easnaimh iomarcaigh faoi 2028. Ba cheart don Pholainn a chinntiú nach mó ráta fáis ainmniúil an ghlanchaiteachais ná 6.3 % in 2025, 4.4 % in 2026, 4.0% in 2027 ná 3.5 % in 2028.
An Rómáin
Molann an Chomhairle gur cheart don Rómáin deireadh a chur le staid an easnaimh iomarcaigh faoi 2030. Ba cheart don Rómáin a chinntiú nach mó ráta fáis ainmniúil an ghlanchaiteachais ná 5.1 % in 2025, 4.9 % in 2026, 4.7% in 2027, 4.3% in 2028, 4.2% in 2029 ná 3.9 % in 2030.
An tSlóvaic
Bunaítear leis an moladh ón gComhairle gur cheart don tSlóvaic deireadh a chur le staid an easnaimh iomarcaigh faoi 2027. Ba cheart don tSlóvaic a chinntiú nach mó ráta fáis ainmniúil an ghlanchaiteachais ná 3.8 % in 2025, 0.9 % in 2026 ná 1.6 % in 2027.
Cúlra
Ní mór do na Ballstáit smacht buiséadach a chomhlíonadh ar bhonn na gcritéar agus na luachanna tagartha a leagtar amach i gConarthaí an Aontais: níor cheart go sáródh a n-easnamh 3% dá n-olltáirgeacht intíre (OTI) agus níor cheart go sáródh a bhfiachas 60% dá OTI. Ní mór do na Ballstáit uile luachanna tagartha sin na gConarthaí a urramú.
Má tharlaíonn easnamh iomarcach i mBallstát, is é is aidhm don nós imeachta um easnamh iomarcach a cheartú a spreagadh trí ghrinnscrúdú feabhsaithe a dhéanamh ar na Ballstáit agus trí mholtaí a thabhairt dóibh gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh chun an t-easnamh a cheartú. I ndeireadh na dála, is é an sprioc atá ann inbhuanaitheacht fiachais na mBallstát a neartú.
Faoin gcreat nua rialachais eacnamaíoch, déanfaidh an Chomhairle moladh don Bhallstát lena mbaineann gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh a luaithe a sheolfar nós imeachta um easnamh iomarcach, chun deireadh a chur leis an staid maidir le heasnamh iomarcach laistigh de spriocdháta socraithe.
Sa mholadh ón gComhairle, iarrfaidh sí ar an mBallstát conair ghlanchaiteachais cheartaitheach a chur chun feidhme, lena n‑áirithítear go dtabharfar an t-easnamh rialtais ghinearálta faoi bhun an luacha tagartha 3 % de OTI, agus go gcoinneofar faoina bhun sin é, laistigh den sprioc-am a leagtar síos sa mholadh.
An 26 Iúil 2024, sheol an Chomhairle nósanna imeachta um easnamh iomarcach go foirmiúil i gcoinne seacht mBallstát, agus chinn sí an nós imeachta um easnamh iomarcach a choinneáil ar oscailt i gcoinne na Rómáine, cinneadh a bunaíodh ar thograí ón gCoimisiún le haghaidh cinntí ón gComhairle lena mbunaítear go bhfuil easnaimh iomarcacha i seacht mBallstát (an Bheilg, an Fhrainc, an Iodáil, Málta, an Pholainn, an tSlóvaic agus an Ungáir) agus ar chinneadh ina luaitear nach ndearna an Rómáin, atá faoi réir an nós imeachta um easnamh iomarcach ó 2020 i leith, gníomhaíocht éifeachtach chun an staid a cheartú.
I mbliana, ar bhonn eisceachtúil, rinneadh uainiú na moltaí do na Ballstáit atá faoi réir an nós imeachta um easnamh iomarcach chun gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh a ailíniú le forálacha chreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais.
Faoi na rialacha nua, atá i bhfeidhm ón 30 Aibreán 2024, ceanglófar ar na Ballstáit pleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha a ullmhú, ina leagfar amach a gconairí caiteachais agus a n-athchóirithe agus a n-infheistíochtaí tosaíochta sna 4-7 mbliana amach rompu.
Ba é an cuspóir a bhí ann moltaí na Comhairle faoi na nósanna imeachta um easnamh iomarcach a ailíniú leo siúd faoi na pleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha.
- Moladh ón gComhairle d'fhonn deireadh a chur le staid an easnaimh iomarcaigh sa Bheilg
- Moladh ón gComhairle d’fhonn deireadh a chur le staid an easnaimh iomarcaigh sa Fhrainc
- Moladh ón gComhairle d’fhonn deireadh a chur le staid an easnaimh iomarcaigh san Iodáil
- Moladh ón gComhairle d’fhonn deireadh a chur le staid an easnaimh iomarcaigh i Málta
- Moladh ón gComhairle d’fhonn deireadh a chur le staid an easnaimh iomarcaigh sa Pholainn
- Moladh ón gComhairle d’fhonn deireadh a chur le staid an easnaimh iomarcaigh sa tSlóvaic
- Moladh ón gComhairle d’fhonn deireadh a chur le staid an easnaimh iomarcaigh sa Rómáin
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 7 Aibreán 2025