An nós imeachta um easnamh iomarcach
Is é is aidhm don nós imeachta um easnamh iomarcach a chinntiú go gcoinneoidh na Ballstáit uile fiachas íseal rialtais nó go laghdóidh siad fiachas ard go leibhéil inbhuanaithe.
Céard é an nós imeachta um easnamh iomarcach?
Is sásra é an nós imeachta um easnamh iomarcach (EDP) atá ceaptha chun a chinntiú go bhfillfidh Ballstáit an Aontais ar bhuiséid a rialtas nó go gcoinneoidh siad smacht ar bhuiséad a rialtas.
Tá beartais eacnamaíocha agus bhuiséadacha an-tábhachtach do na Ballstáit. Measann siad gur ábhar leasa choitinn iad. Chun teorainn a chur le heasnamh agus fiachas rialtais, chomhaontaigh na Ballstáit luachanna tagartha, atá cumhdaithe acu i gconarthaí an Aontais: cóimheas easnaimh 3 % agus cóimheas fiachais 60 %. Déantar na cóimheasa a ríomh i gcónaí i gcoibhneas le OTI Ballstáit.
Is iad na luachanna tagartha ná:
Ní mór do na Ballstáit uile dul thar na luachanna tagartha sin a sheachaint. Ní mór dóibh easnaimh iomarcacha rialtais a sheachaint agus ní mór dóibh fiachas iomarcach a laghdú.
Is é is aidhm don nós imeachta um easnamh iomarcach easnaimh rialtais iomarcacha a dhíspreagadh agus, má tharlaíonn siad, a gceartú a spreagadh. Tá rialacha an nós imeachta um easnamh iomarcach leagtha amach sa ‘cuid cheartaitheach’ den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF) a athbhreithníodh le déanaí.
Céimeanna an nós imeachta um easnamh iomarcach
Le creat rialachais eacnamaíoch nua an Aontais, atá i bhfeidhm ón 30 Aibreán 2024, tá athrú tagtha ar an gcaoi a ndéantar EDP.
Tá roinnt príomhchéimeanna i gceist leis an bpróiseas.
Má sháraíonn Ballstát na luachanna tagartha d’easnamh nó d’fhiachas, nó má tá an baol ann go sárófar iad go luath amach anseo, ullmhaíonn an Coimisiún tuarascáil ina ndéanann sé anailís féachaint an bhfuil easnamh iomarcach ag an mBallstát lena mbaineann.
Más rud é, maidir leis na tosca ábhartha uile a chuirtear san áireamh, go gcreideann an Coimisiún go bhfuil gá le nós imeachta um easnamh iomarcach do Bhallstát, cuireann sé an Chomhairle ar an eolas dá réir sin agus molann sé don Chomhairle cinneadh a ghlacadh lena ndearbhaítear go bhfuil easnamh iomarcach sa Bhallstát lena mbaineann.
Tar éis an togra ón gCoimisiún, déanann an Chomhairle aon bharúlacha a thugann an Ballstát lena mbaineann a mheas agus ansin glacann sí cinneadh ina bhfuil measúnú foriomlán i dtaobh an bhfuil easnamh iomarcach ann.
Má chinneann Chomhairle go bhfuil easnamh iomarcach ann, glacann sí moladh ansin, bunaithe ar mholadh ón gCoimisiún, ina leagtar amach an chaoi ar cheart an staid a cheartú. Féadfaidh conair bhuiséadach cheartaitheach, arna sloinneadh i dtéarmaí uimhriúla, agus sprioc-am a bheith sna moltaí.
Is faoin mBallstát lena mbaineann a bheidh sé ansin an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh faoi cheann 6 mhí.
Mura ndéanfar aon ghníomhaíocht éifeachtach faoin sprioc-am, nó mura gcomhlíonfaidh an Ballstát an moladh, féadfaidh an Chomhairle smachtbhannaí a fhorchur, lena n-áirítear fíneáil suas le 0.05 % de OTI na bliana roimhe sin i gcás Bhallstáit an limistéir euro.
Ní mór an fhíneáil a íoc gach 6 mhí go dtí go measfaidh an Chomhairle go bhfuil gníomhaíocht éifeachtach déanta ag an mBallstát lena mbaineann. Má leanann an Ballstát de bheith ag teipeadh na smachtbhannaí a chomhlíonadh, tá sé de cheart ag an gComhairle na smachtbhannaí a threisiú.
Rialacha vótála
Glactar cinntí agus moltaí ón gComhairle faoi rialacha sonracha vótála.
Níl vóta ag an mBallstát lena mbaineann.
Baintear tromlach cáilithe amach nuair a vótálann 55 % ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle, a ionadaíonn do na Ballstáit rannpháirteacha a chuimsíonn 65 % ar a laghad de dhaonra na Stát sin, i bhfabhar an togra.
Chun mionlach blocála a bhaint amach ní mór ar a laghad an méid íosta de chomhaltaí na Comhairle arbh mó iad ná 35 % de dhaonra na mBallstát rannpháirteach, móide comhalta amháin, a bheith ann.
Nósanna imeachta leanúnacha maidir le heasnamh iomarcach
Nós imeachta um easnamh iomarcach bunaithe ar easnamh
Mar gheall ar COVID-19, chuir an tAontas a rialacha buiséadacha do na Ballstáit uile ar fionraí idir 2020 agus 2023 tríd an gclásal éalaithe ginearálta a ghníomhachtú. Níl an clásal éalaithe ginearálta i bhfeidhm a thuilleadh agus ní raibh sé i bhfeidhm ó bhí 2024 ann. Dá bhrí sin, tá nós imeachta EDP easnamh-bhunaithe athsheolta ag an Aontas faoi rialacha nua an chreata rialachais eacnamaíoch athbhreithnithe.
an Ostair
An 8 Iúil 2025, chinn an Chomhairle EDP a oscailt i gcoinne na hOstaire. Bhí údar leis an gcinneadh i bhfianaise easnamh buiséadach 4.7 % na hOstaire in 2024. I gcomhthráth lena cinneadh, d’fhormheas an Chomhairle moladh don Ostair freisin ina leagtar amach an chonair ghlanchaiteachais agus an amlíne ar cheart cloí léi chun deireadh a chur lena heasnamh iomarcach faoi 2028.
an Bheilg
An 26 Iúil 2024, tar éis an togra ón gCoimisiún, sheol an Chomhairle EDP i gcoinne na Beilge. Le heasnamh buiséid 4.4 % na Beilge in 2023, soláthraíodh an bunús leis an gcinneadh sin.
An 21 Eanáir 2025, ghlac an Chomhairle moladh gur cheart don Bheilg deireadh a chur le staid an easnaimh iomarcaigh faoi 2027.
An 20 Meitheamh 2025, ghlac an Chomhairle moladh athbhreithnithe don Bheilg chun deireadh a chur lena heasnamh iomarcach faoi 2029.
an Fhionlainn
Bhí údar leis an gcinneadh ón gComhairle i bhfianaise easnamh buiséid 4.4 % na Fionlainne in 2024 agus an easnaimh buiséid 4.3 % atá beartaithe in 2025.
Sa mholadh uaithi, sonraíonn an Chomhairle gur cheart don Fhionlainn, gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh agus na bearta is gá a thíolacadh faoin 30 Aibreán 2026 chun a heasnamh a laghdú.
An Fhrainc
An 26 Iúil 2024, tar éis an togra ón gCoimisiún, sheol an Chomhairle EDP i gcoinne na Fraince. Bhí údar leis an gcinneadh i bhfianaise easnamh buiséid 5.5 % na Fraince in 2023.
An 21 Eanáir 2025, ghlac an Chomhairle moladh lena mbunaítear gur cheart don Fhrainc deireadh a chur le staid an easnaimh iomarcaigh faoi 2029.
An Iodáil
An 26 Iúil 2024, tar éis an togra ón gCoimisiún, sheol an Chomhairle EDP i gcoinne na hIodáile. Bhí údar leis an gcinneadh i bhfianaise easnamh buiséadach 7.4 % na hIodáile in 2023.
an Ungáir
Sheol an Chomhairle EDP i gcoinne na hUngáire an 26 Iúil 2024, i bhfianaise easnamh buiséid 6.7 % na hUngáire in 2023.
An 18 Feabhra, mhol an Chomhairle don Ungáir deireadh a chur le staid an easnaimh iomarcaigh faoi 2026.
An Pholainn
An 26 Iúil 2024, tar éis an togra ón gCoimisiún, sheol an Chomhairle EDP i gcoinne na Polainne, i bhfianaise a heasnamh buiséid 5.1 % in 2023.
An 21 Eanáir 2025, mhol an Chomhairle gur cheart don Pholainn deireadh a chur le staid an easnaimh iomarcaigh faoi 2028.
An tSlóvaic
An 26 Iúil 2024, tar éis an togra ón gCoimisiún, sheol an Chomhairle EDP i gcoinne na Slóvaice. Bhí údar leis an gcinneadh i bhfianaise easnamh buiséid 4.9 % na Slóvaice in 2023.
An 21 Eanáir, ghlac an Chomhairle moladh lena mbunaítear gur cheart don tSlóvaic deireadh a chur le staid an easnaimh iomarcaigh faoi 2027.
An Rómáin
Sheol an Chomhairle nós imeachta um easnamh iomarcach i gcoinne na Rómáine an 3 Aibreán 2020 d’fhonn deireadh a chur lena heasnamh iomarcach.
An 26 Iúil 2024, shuigh an Chomhairle gur cheart go bhfanfadh an nós imeachta um easnamh iomarcach don Rómáinar oscailt, ós rud é nach raibh gníomhaíocht éifeachtach déanta ag an tír chun a heasnamh a cheartú.
An 8 Iúil 2025, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar a moladh don Rómáin faoin nós imeachta um easnamh iomarcach atá ar siúl aici faoi láthair.
Nós imeachta um easnamh iomarcach bunaithe ar easnamh
Faoi na rialacha nua, ní mór do na Ballstáit uile pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta a ullmhú. Ní mór conair ghlanchaiteachais a bheith iontu.
Fad a leanfaidh tíortha a bhfuil fiachais ollmhóra acu a gconair ghlanchaiteachais mar atá leagtha síos ag an gComhairle, rud a chuirfidh a bhfiachas ar chonair shochreidte anuas agus ag druidim le luach tagartha an chonartha ar luas sásúil, ní bheidh siad faoi réir nós imeachta um easnamh iomarcach. Déanfar measúnú rialta ar an gcomhlíontacht.
Treochtaí buiséadacha
Tá sé de cheangal ar Bhallstáit uile an Aontais smacht buiséadach a urramú, bunaithe ar na critéir agus ar na luachanna tagartha a leagtar amach i gConarthaí an Aontais. Go sonrach, níor cheart go rachadh a n-easnamh rialtais thar 3 % den olltáirgeacht intíre (OTI), agus ba cheart go bhfanfadh a bhfiachas poiblí faoi bhun 60 % de OTI.
Léirítear sna cairteacha thíos an chaoi a bhfuil ag éirí leis na Ballstáit i ndáil leis an dá thairseach sin.
Teacht chun cinn easnaimh de réir Ballstáit (2013-2024)
Léirítear sa chairt thíos an chaoi ar tháinig athrú ar easnamh rialtais gach Ballstáit den Aontas le himeacht ama i ndáil leis an luach tagartha 3 %.
Na Ballstáit atá faoi bhun an tagarmhairc faoi láthair:
An Bhulgáir, an tSeicia, an Ghearmáin, an Eastóin, Éire, an Ghréig, an Chróit, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg agus an Ísiltír.
Teacht chun cinn fiachais de réir Ballstáit ( 2013-2024)
Rianaítear leis an gcairt thíos forbairt na leibhéal fiachais phoiblí i ngach Ballstát den Aontas i gcomparáid leis an luach tagartha 60 %.
Ballstáit a bhog faoi bhun an tagarmhairc le linn na tréimhse:
An t-athbhreithniú deireanach: an 12 Meitheamh 2026