"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 21 Eanáir 2025
Na príomhthorthaí
Clár oibre na hUachtaránachta
Chuir Uachtaránacht na Polainne a clár oibre don chéad seimeastar den bhliain i láthair faoin focal faire, 'An tSlándáil, a Eoraip!'.
Is mithid a chinntiú go mbeidh an tAontas slán agus iomaíoch. Tá sé seo tábhachtach go háirithe i dtimpeallacht atá ag athrú ar fud an domhain. Ceal geilleagar iomaíoch, ní bheidh an Eoraip láidir. Ní mór dúinn praghsanna fuinnimh a ísliú, an timpeallacht ghnó a shimpliú go mór agus a chinntiú go mbeidh níos mó caipiteal príobháideach ag sreabhadh isteach i ngeilleagar na hEorpa. Agus ar deireadh, ní mór dúinn níos mó infheistíochta a dhéanamh inár gcumais chosanta agus inár n-ullmhacht.
Andrzej Domanski, Aire Airgeadais na Polainne
Faoi Uachtaránacht na Polainne, is é príomhaidhm na hoibre atá á déanamh ag an gComhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais freagairt ar an dúshlán a bhaineann leis an meath in iomaíochas an Aontais.
Is iad na réimsí is tábhachtaí a ndíreoidh an Uachtaránacht orthu cuíchóiriú a dhéanamh ar an margadh aonair chun iomaíochas gheilleagar na hEorpa a neartú, obair a dhéanamh ar na gnéithe airgeadais a bhaineann le cumais chosanta an Aontais a neartú, agus tacú leis an Úcráin.
Beidh Uachtaránacht na Polainne tiomanta do thacaíocht leanúnach a fháil don Úcráin agus don ullmhúchán a chur chun cinn maidir le maoiniú a hiarrachtaí atógála.
Ghlac na hairí páirt i ndíospóireacht bheartais maidir le timpeallacht ghnó a chinntiú san Eoraip a bheidh iomaíoch ar fud an domhain trí shimpliú, gortghlanadh agus tríd an ualach rialála a laghdú.
Thacaigh na hairí go láidir leis an bhféidearthacht na ceanglais tuairiscithe do ghnólachtaí a laghdú agus a shimpliú, agus chuir siad in iúl go bhfuil siad tiomanta do chéimeanna fóinteacha i dtreo simpliú rialála do chuideachtaí, beart a bheadh éifeachtach chun iomaíochas gheilleagar an Aontais a fheabhsú.
Chaith na hairí súil chun cinn ar an togra ón gCoimisiún atá beartaithe le haghaidh ‘Pacáiste omnibus um shimpliúchán’ darb aidhm an t-ualach rialála ar ghnólachtaí a chuíchóiriú agus a laghdú.
Fogha na Rúise faoin Úcráin
Phléigh na hairí staid na himeartha maidir le tionchar eacnamaíoch agus airgeadais fhogha na Rúise faoin Úcráin i láthair Aire Airgeadais na hÚcráine, Sergii Marchenko.
Labhair an Coimisiún faoin staid eacnamaíoch agus bhuiséadach san Úcráin, mar shampla cur chun feidhme Shaoráid na hÚcráine agus cur chun feidhme chomhaontú G7 maidir le hiasacht $50 billiún (EUR 45 bhilliún) don Úcráin a bheidh le seirbhísiú agus le haisíoc le sreafaí ioncaim urghnácha amach anseo a eascróidh as díluailiú shócmhainní ceannasacha na Rúise.
Ghlac an Chomhairle moltaí maidir le pleananna fioscach-struchtúracha ‑meántéarmacha an 21 Bhallstát a leanas i gcomhthéacs chur chun feidhme an chreata rialachais eacnamaíoch: An Chróit, an Chipir, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghréig, an Iodáil, an Ísiltír, an Laitvia, Lucsamburg, Málta, an Pholainn, an Phortaingéil, Poblacht na Seice, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn agus an tSualainn.
Ghlac an Chomhairle moltaí maidir leis na 7 mBallstát atá faoi réir nós imeachta um easnamh iomarcach faoi láthair chun gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh chun a n-easnamh a cheartú laistigh de thréimhse áirithe ama. Is iad an Bheilg, an Fhrainc, an Iodáil, Málta, an Pholainn, an tSlóvaic agus an Rómáin na tíortha sin.
Tá conair bhuiséadach cheartaitheach agus spriocdháta do gach Ballstát sna moltaí faoin nós imeachta um easnamh iomarcach. Tá na conairí buiséadacha sna pleananna fioscach‑struchtúracha meántéarmacha agus na conairí buiséadacha faoin nós imeachta um easnamh iomarcach ailínithe.
Ag leanúint dó den obair ar Sheimeastar Eorpach 2025, thíolaic an Coimisiún Tuarascáil 2025 maidir leis an Sásra Foláirimh agus an dréachtmholadh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro.
Ghlac an Chomhairle cinntí cur chun feidhme lena bhformheastar leasuithe spriocdhírithe a thíolaic an Chipir, an Ghréig agus an Spáinn ar a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta.
Faoi phointí gan phlé, cheap an Chomhairle Bruna Szego ina Cathaoirleach ar an Údarás um Fhrithsciúradh Airgid. Ghlac an Chomhairle rialachán maidir leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.