Skip to content

An creat rialachais eacnamaíoch

Is colún lárnach den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta é an rialachas eacnamaíoch. Tá sé d’aidhm aige míchothromaíochtaí eacnamaíocha a bhrath agus a cheartú, ar míchothromaíochtaí iad a d’fhéadfadh geilleagair náisiúnta a lagú nó a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar thíortha eile de chuid an Aontais trí iarmhairtí trasteorann.

Cad é creat rialachais eacnamaíoch an Aontais?

Sular tugadh isteach an euro, bhunaigh an tAontas struchtúr an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta trí Chonradh Maastricht in 1992.

Tagraíonn an creat rialachais eacnamaíoch do chóras institiúidí agus nósanna imeachta atá curtha ar bun ag an Aontas chun beartais eacnamaíocha na mBallstát a chomhordú agus chun a chuspóirí eacnamaíocha a bhaint amach. Is é atá sa chreat córas mionsaothraithe lena gcomhordaítear beartais agus lena ndéantar faireachas. Tá sé bunaithe ar phrionsabail an fhaireacháin, an choisc agus an cheartaithe ar threochtaí eacnamaíocha a d’fhéadfadh geilleagair na mBallstát aonair a lagú nó tionchar a imirt ar gheilleagair eile.

Tá trí phríomhbhuntáiste ag baint le comhordú agus faireachas éifeachtach a dhéanamh ar bheartas eacnamaíoch ar fud an Aontais.

Trí charn de bhoinn atá suite laistigh de chiorcal réaltaí ina bhfuil saighead ag díriú suas.

Dearbhaíonn sé fóntacht agus inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí sa mheántéarma agus san fhadtéarma i dtaca leis na Ballstáit uile

Barrachairt ina bhfuil na barraí ag dul i méid agus duilleog suite ar a mbarr.

Cuireann sé fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus cóineasú chun cinn

Doiciméad a bhfuil marcanna seiceála air.

Tugann sé aghaidh ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, le tacaíocht ó athchóirithe agus infheistíochtaí chun feabhas a chur ar fhás agus ar athléimneacht

In éineacht leis an airgeadra aonair sa limistéar euro agus leis an mbeartas airgeadaíochta aonair a bhaineann leis sin, tá curtha ag creat rialachais eacnamaíoch an Aontais leis an gcobhsaíocht eacnamaíoch, le fás agus le fostaíocht níos airde.

Athchóiriú ar an gcreat rialachais eacnamaíoch

Ó síníodh Conradh Maastricht, tháinig forbairt de réir a chéile ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais. Cuireadh athchóirithe chun feidhme mar fhreagairt ar ghéarchéimeanna eacnamaíocha, mar shampla an ghéarchéim airgeadais dhomhanda a bhí ann in 2008.

Tá dúshláin nua do gheilleagar an Aontais ag baint leis an téarnamh ó phaindéim COVID-19 agus le hiarmhairtí chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, i bhfianaise leibhéil fiachais agus rátaí úis níos airde agus spriocanna nua infheistíochta agus athchóiriúcháin. Léiríodh freisin go bhfuil an creat atá ann faoi láthair ródhocht le linn tréimhsí diana, rud a fhágann go gcomhlíonann na Ballstáit na rialacha ar bhealach míchothrom.

Dá bhrí sin, tá an tAontas Eorpach tar éis a chreat rialachais eacnamaíoch a nuashonrú a thuilleadh chun go mbeidh sé oiriúnach don todhchaí. An 29 Aibreán 2024, ghlac an Chomhairle an pacáiste reachtaíochta lena n-athchóirítear creat rialachais eacnamaíoch agus fhioscaigh an Aontais. Tháinig na rialacha nua teacht i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024.

Is iad seo a leanas príomhchuspóirí an athchóirithe:

  • airgeadas poiblí atá fónta agus inbhuanaithe a chinntiú
  • fás a chur chun cinn trí athchóirithe agus infheistíochtaí

Ina theannta sin, tá sé d’aidhm ag na rialacha nua rannchuidiú le tosaíochtaí an Aontais maidir le todhchaí dhigiteach ghlas atá níos athléimní a thógáil agus tacaíocht d’iomaíochas agus neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a neartú ag an am céanna.

Cad iad na rialacha?

Braitheann creat rialachais eacnamaíoch an Aontais ar shraitheanna éagsúla rialacha.

Cairt

Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)

Leagtar síos leis luachanna tagartha do leibhéil easnaimh rialtais agus fiachais phoiblí.

3% don chóimheas idir an t-easnamh rialtais, pleanáilte nó iarbhír, agus an olltáirgeacht intíre (OTI) ag praghsanna margaidh. 60% don chóimheas idir an fiachas rialtais agus OTI ag praghsanna margaidh.

 gloine formhéadúcháin

An Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis

Sainítear leis rialacha maidir le faireachán agus comhordú a dhéanamh ar bheartais náisiúnta fhioscacha agus eacnamaíocha.

rialacha coisctheacha agus rialacha ceartaitheacha araon sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis. Tá feidhm ag an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis maidir le Ballstáit uile an Aontais, ach níl ach tíortha an limistéir euro faoi réir na géige ceartaithí.

Scála

An sé-phaca agus an dé-phaca



Rialacháin lena dtreisítear an faireachas fioscach agus lena gcruthaítear an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha chun a chinntiú go ndéanfar maoirseacht ar mhíchothromaíochtaí a thagann chun cinn lasmuigh de bheartais fhioscacha.

Cosc

Tá creat rialachais fhioscaigh sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF), ar a dtugtar an ‘ghéag choisctheach’ freisin. Is é is aidhm don ghéag choisctheach airgeadas poiblí fónta agus comhardú inbhuanaithe íocaíochtaí a chinntiú agus easnaimh rialtais iomarcacha a sheachaint.

I gcleachtadh bliantúil an tSeimeastair Eorpaigh, déanann an tAontas agus a Bhallstáit cuid mhór den chomhordú praiticiúil ar a mbeartais eacnamaíocha agus fhioscacha, agus iad á n-ailíniú leis na rialacha a comhaontaíodh ar leibhéal an Aontais.

Faigheann gach Ballstát treoir ón gComhairle gach bliain maidir lena bheartais eacnamaíocha, bhuiséadacha, fostaíochta agus struchtúracha. Is é an Coimisiún a mholann na moltaí tír-shonracha sin ar dtús agus ansin déanann saineolaithe na mBallstát iad a anailísiú agus a phlé. Ina dhiaidh sin, tagann airí eacnamaíocha agus airgeadais an Aontais ar chomhaontú maidir leo sula ndéanfaidh cinn stáit agus rialtais an Aontais iad a phlé ag an gComhairle Eorpach agus glacfaidh an Chomhairle iad go foirmiúil ina dhiaidh sin.

Leis an athchóiriú a comhaontaíodh, tugtar isteach cur chuige saincheaptha do gach Ballstát, agus seasaimh fhioscacha éagsúla, leibhéil fiachais phoiblí agus dúshláin eacnamaíocha éagsúla ar fud an Aontais á gcur san áireamh. Ag an am céanna, cinntíonn sé laghdú foriomlán ar chóimheasa fiachais agus ar easnaimh fiachais go leibhéil stuama de réir a chéile, ar bhealach réalaíoch agus ar bhealach lena gcothófar fás. Cinntítear faireachas iltaobhach éifeachtach leis freisin.

Conair thagartha

Déanann an Coimisiún conair thagartha rioscabhunaithe shaincheaptha, a shloinntear i dtéarmaí glanchaiteachas ilbhliantúil, a tharchur chuig na Ballstáit sin ina sáraíonn an t-easnamh agus an fiachas rialtais na luachanna tagartha, 3% agus 60% de OTI faoi seach. Féadfaidh Ballstáit a chomhlíonann na luachanna tagartha faisnéis theicniúil a iarraidh ar an gCoimisiún maidir leis an gcomhardú príomha struchtúrach is gá chun a chinntiú go gcoinneofar a n-easnamh ceannlíne faoi bhun 3% de OTI.

Cinntítear leis an gconair sin, tar éis tréimhse coigeartaithe fhioscaigh, go mbeidh fiachas rialtais na mBallstát ar chonair íslitheach shochreidte nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama faoi bhun 60% den OTI sa mheántéarma. Ina theannta sin, tá sé d’aidhm aici a chinntiú go dtabharfar agus go gcoinneofar aon easnamh rialtais faoi bhun 3% de OTI.

4 bliana atá sa tréimhse chaighdeánach coigeartaithe fhioscaigh. Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit tréimhse choigeartaithe níos faide suas le 7 mbliana a iarraidh. Ceadaítear an síneadh sin má dhéanann an Ballstát atá i gceist athchóirithe agus infheistíochtaí lena gcuirfear feabhas ar athléimneacht agus acmhainneacht fáis, lena dtacófar leis an inbhuanaitheacht fhioscach agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais, mar shampla an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, an tslándáil fuinnimh nó forbairt na gcumas cosanta.

Comhlíonfaidh an chonair thagartha dhá choimirce:

  • an choimirce inbhuanaitheachta fiachais
  • an choimirce athléimneachta easnaimh

Leis an gcoimirce inbhuanaitheachta fiachais, cinntítear go dtiocfaidh meánlaghdú íosta bliantúil de 1% de OTI ar an gcóimheas fiachais rialtais fad is gur mó cóimheas fiachais an Bhallstáit ná 90%, nó go dtiocfaidh laghdú 0.5% den OTI air fad is a fhanfaidh cóimheas fiachais an Bhallstáit idir 60% agus 90%. Níl feidhm ag an gcoimirce sin maidir le tíortha a bhfuil cóimheas fiachais faoi bhun 60% acu. Is é is cuspóir dó cóimheasa fiachais a laghdú go leibhéil stuama de réir a chéile agus ar bhealach réalaíoch.

Soláthraítear an choimirce athléimneachta easnaimh corrlach sábháilteachta faoi bhun luach tagartha easnaimh an Chonartha de 3%. Is é is cuspóir dó féachaint chuige go seasfaidh buiséid náisiúnta an aimsir trí mhaoláin fhioscacha a chruthú.

Na pleananna fioscacha struchtúracha meántéarmacha náisiúnta

Faoin gcreat nua, ullmhaíonn gach Ballstát plean fioscach struchtúrach meántéarmach náisiúnta lena gclúdófaí tréimhse 4 nó 5 bliana. Tá a ghealltanais fhioscacha, athchóiriúcháin agus infheistíochta sa phlean sin, agus cuideoidh sé le laghdú seasta, de réir a chéile ar an bhfiachas a chinntiú agus le fás inbhuanaithe cuimsitheach a chur chun cinn.

Bunaithe ar a gconair thagartha nó ar a bhfaisnéis theicniúil, déanfaidh na Ballstáit a gconair choigeartaithe fhioscaigh, a chuirtear in iúl mar chonair ghlanchaiteachais, a ionchorprú ina bplean fioscach struchtúrach meántéarmach náisiúnta.

Ní mór don Chomhairle na pleananna agus na conairí glanchaiteachais sin a fhormhuiniú, tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh orthu. Má iarrann Ballstát go gcuirfí síneadh leis an tréimhse choigeartaithe, ní mór don Chomhairle an tsraith de ghealltanais athchóiriúcháin agus infheistíochta atá mar bhonn taca leis an síneadh sin a fhormhuiniú freisin.

Maidir le plean fioscach struchtúrach meántéarmach náisiúnta de Bhallstát, mura gcomhlíonann an plean sin na ceanglais, molann an Chomhairle go dtíolacfadh an Ballstát plean athbhreithnithe.

Baineann an Coimisiún úsáid as cuntas rialaithe chun faireachán a dhéanamh ar dhialltaí carnacha suas agus síos na mBallstát ó na conairí glanchaiteachais atá comhaontaithe acu.

Táscaire glanchaiteachais

Chun creat fioscach an Aontais a shimpliú agus trédhearcacht a mhéadú, feidhmíonn táscaire oibriúcháin aonair, atá bunaithe ar inbhuanaitheacht fiachais, mar bhonn leis an gconair ghlanchaiteachais a leagan amach agus le faireachas fioscach bliantúil a dhéanamh do gach Ballstát: an táscaire glanchaiteachais.

Tá sé bunaithe ar ghlanchaiteachas príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta, i.e. caiteachas cé is moite de bhearta lánroghnacha ioncaim, caiteachas úis, caiteachas dífhostaíochta timthriallaí, caiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár arna gcistiú ag an Aontas, agus caiteachas ar chláir de chuid an Aontais meaitseáilte go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais.

Leis an táscaire glanchaiteachais, táthar in ann cobhsú maicreacnamaíoch a dhéanamh toisc nach ndéanfaidh cobhsaitheoirí uathoibríocha difear dó, lena n-áirítear luaineachtaí ioncaim agus caiteachais nach bhfuil faoi rialú díreach an rialtais.

Tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn

Leis an gcreat nua, tugadh isteach tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn, ina dtugann gach Ballstát faisnéis i ndáil lena phlean fioscach struchtúrach meántéarmach náisiúnta a chur chun feidhme, a mbeidh an chonair ghlanchaiteachais san áireamh air, agus i ndáil leis an dul chun cinn maidir le hathchóirithe agus infheistíochtaí.

Clásal éalaithe

Foráiltear leis na rialacha go bhféadfaí clásal éalaithe ginearálta a ghníomhachtú, agus ar an gcaoi sin na rialacha do na Ballstáit uile a chur ar fionraí i gcás mórshleabhcadh eacnamaíoch sa limistéar euro nó san Aontas ina iomláine, ar choinníoll nach gcuirtear an inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol sa mheántéarma dá ndéanfaí amhlaidh. Tá teorainn ama bliana ag gabháil le gníomhachtú an chlásail, ach d’fhéadfaí síneadh a chur leis sin.

Faoi na rialacha nua, féadfaidh an Chomhairle clásal éalaithe náisiúnta a ghníomhachtú má iarrann Ballstát é sin agus má mholann an Coimisiún é sin. Leis sin, ní chuirfí na rialacha ar fionraí ach amháin don Bhallstát lena mbaineann, i gcás ina mbeadh tionchar mór ag imthosca eisceachtúla nach bhfuil neart ag an mBallstát sin orthu ar a airgeadas poiblí. Ní dhéantar an clásal sin a ghníomhachtú ach amháin mura gcuirfear an inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol sa mheántéarma mar gheall air sin, agus sonróidh an Chomhairle teorainn ama dá thréimhse ghníomhachtaithe.

An 8 Iúil 2025, rinne an Chomhairle an clásal éalaithe náisiúnta a ghníomhachtú i gcás 15 Bhallstát: An Bheilg, an Bhulgáir, an Chróit, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Ghréig, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an Phortaingéil, an tSeicia, an tSlóvaic, an tSlóivéin agus an Ungáir. An 10 Deireadh Fómhair 2025, rinne an Chomhairle an clásal a ghníomhachtú don Ghearmáin freisin.

Is é an aidhm atá ann cabhrú leo agus an t-aistriú atá ar bun acu chuig caiteachas cosanta níos airde ar an leibhéal náisiúnta a éascú agus inbhuanaitheacht fiachais á chinntiú ag an am céanna.

Forfheidhmiú

Ní mór do na Ballstáit easnaimh agus fiachais rialtais iomarcacha a sheachaint, i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (Airteagal 126(1) CFAE). Go praiticiúil, ciallaíonn sé sin nár cheart do na Ballstáit na luachanna tagartha de chóimheas easnaimh 3% agus cóimheas fiachais 60% a shárú.

Tá na rialacha maidir le forfheidhmiú sa réimse seo leagtha amach i ngéag cheartaitheach an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis. Tá na rialacha sin le neartú faoin gcreat nua rialachais eacnamaíoch.

An nós imeachta um easnamh iomarcach

Is é cuspóir an nós imeachta um easnamh iomarcach smacht buiséadach a chinntiú:. Tá sé d’aidhm aige :

  • easnaimh rialtais iomarcacha a dhíspreagadh agus, má tharlaíonn siad, iad a cheartú go pras
  • fiachas a laghdú de réir a chéile ar bhealach inbhuanaithe, go dtí go dtabharfar an fiachas faoi bhun luach tagartha an Chonartha, arb ionann é agus 60% de OTI

Éilíonn an nós imeachta um easnamh iomarcach ar bhonn an chritéir easnaimh coigeartú struchtúrach bliantúil íosta dar luach 0.5% de OTI. D’fhéadfadh fíneálacha suas le 0.05% de OTI a bheith mar thoradh ar neamhchomhlíonadh, agus beidh ar an mBallstát lena mbaineann na fíneálacha a íoc gach 6 mhí go dtí go ndearbhóidh an Chomhairle go ndearnadh gníomhaíocht éifeachtach. Déanfaidh an Coimisiún machnamh ar nós imeachta um easnamh iomarcach a bheidh easnamh-bhunaithe a thionscnamh má sháraíonn an cóimheas idir an t-easnamh rialtais agus OTI an luach tagartha 3%.

Faoi na rialacha nua, tá an nós imeachta um easnamh iomarcach fiachasbhunaithe dírithe ar imeachtaí ón gconair ghlanchaiteachais. Ciallaíonn sé sin go measfar go bhfuil an cóimheas idir fiachas an rialtais agus OTI ag laghdú go leordhóthanach agus ag druidim leis an luach tagartha ar luas sásúil má urramaíonn an Ballstát lena mbaineann a chonair ghlanchaiteachais. Déanfaidh an Coimisiún machnamh ar an nós imeachta um easnamh iomarcach fiachasbhunaithe a thionscnamh má sháraíonn na dialltaí a thaifeadtar i gcuntas rialaithe an Bhallstáit 0.3% den OTI in aghaidh na bliana nó 0.6% den OTI go carnach.

Agus meastóireacht á déanamh acu féachaint an bhfuil na critéir easnaimh agus/nó fiachais á gcomhlíonadh ag Ballstát, déanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún measúnú ar thosca ábhartha éagsúla. Tá an méid seo a leanas ina measc:

  • déine an diallta
  • dul chun cinn maidir le hathchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme
  • méid na ndúshlán a bhaineann leis an bhfiachas poiblí
  • an méadú ar chaiteachas cosanta (más infheidhme)

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht rialta chun féachaint an ndearna an rialtas lena mbaineann gníomhaíocht éifeachtach, agus eiseoidh sé moladh chuig an gComhairle. Is faoin gComhairle atá sé ansin cinneadh a dhéanamh an féidir deireadh a chur leis na smachtbhannaí, nó ar cheart leanúint leo agus/nó ar cheart iad a threisiú.

An t-athbhreithniú deireanach: an 10 Deireadh Fómhair 2025