An euro
Foghlaim faoin euro, na buntáistí a bhaineann leis, agus an tionchar atá aige ar shaol 350 milliún saoránach i 21 tír.
Is é an euro an ghné is follasaí de lánpháirtiú na hEorpa.
Seoladh an euro in 1999 mar airgeadra cuntais agus thosaigh sé ag cúrsaíocht mar nótaí bainc agus mar bhoinn an 1 Eanáir 2002.
Is é airgeadra oifigiúil 21 tír de chuid an Aontais é, is é sin, an limistéir euro.
Tíortha an Aontais sa limistéar euro
Is é an euro airgeadra oifigiúil na Beilge, na Bulgáire, na Cróite, na Cipire, na hEastóine, na hÉireann, na Fionlainne, na Fraince, na Gearmáine, na Gréige, na hIodáile, na hÍsiltíre, na Laitvia, na Liotuáine, Lucsamburg, Mhálta, na hOstaire, na Portaingéile, na Slóvaice, na Slóivéine agus na Spáinne.
Is í an Bhulgáir an tír is déanaí a tháinig isteach sa limistéar euro; thug sí an t-airgeadra coiteann isteach an 1 Eanáir 2026.
Cuir an cúrsóir ar an léarscáil le feiceáil cathain a thug gach Ballstát sa limistéar euro an euro isteach.
An tráth a thug gach Ballstát sa limistéar euro an euro isteach:
an Ostair in 1999
an Bheilg in 1999
an Bhulgáir in 2026
an Chróit in 2023
an Chipir in 2008
an Eastóin in 2011
an Fhionlainn in 1999
an Fhrainc in 1999
an Ghearmáin in 1999
an Ghréig in 2001
Éire in 1999
an Iodáil in 1999
an Laitvia in 2014
an Liotuáin in 2015
Lucsamburg in 1999
Málta in 2008
an Ísiltír in 1999
an Phortaingéil in 1999
an tSlóvaic in 2009
an tSlóivéin in 2007
an Spáinn in 1999
Mar a théann tíortha an Aontais isteach sa limistéar euro
Chun dul isteach sa limistéar euro, ní mór do thír coinníollacha áirithe, ar a dtugtar ‘critéir Maastricht um chóineasú’, a chomhlíonadh. Bunaíodh na ceanglais eacnamaíocha agus dhlíthiúla sin le Conradh Maastricht in 1992 chun a chinntiú go mbeadh na Ballstáit sásta an euro a ghlacadh agus go bhfeidhmeoidís go rianúil sa limistéar euro.
Ceanglais eacnamaíocha
Boilsciú íseal
Ní fhéadfaidh an ráta boilscithe a bheith níos mó ná 1.5 phointe céatadáin os cionn ráta na dtrí Bhallstát is fearr feidhmíochta.
Rátaí malairte cobhsaí
Ní mór don tír a bheith rannpháirteach sa sásra ráta malairte ar feadh 2 bhliain ar a laghad gan imeacht mórán uaidh.
Airgeadais phoiblí inbhuanaithe
Níor cheart an tír a bheith faoi réir nós imeachta um easnamh iomarcach.
Ráta úis inbhuanaithe
Níor cheart don ráta fadtéarmach úis a bheith níos mó ná dhá phointe céatadáin os cionn ráta na dtrí Bhallstát is fearr feidhmíochta ó thaobh na cobhsaíochta praghsanna de.
Cé a dhéanann an cinneadh maidir leis an euro a thabhairt isteach?
Is í Comhairle an Aontais Eorpaigh a chinnfidh an féidir le tír an euro a thabhairt isteach. Bunaítear an cinneadh ar an méid seo a leanas:
- togra ón gCoimisiún
- moladh ó Bhallstáit an limistéir euro
- comhairliúchán ó Pharlaimint na hEorpa
- plé ag an gComhairle Eorpach
An euro sa domhan
Is é an euro an dara hairgeadra is mó a úsáidtear ar domhan, agus tá a thionchar le brath i bhfad níos faide i gcéin ná teorainneacha an Aontais. Tá tíortha agus críocha go leor ar fud an domhain tar éis a n-airgeadra a phionnáil go díreach nó go hindíreach leis an euro.
An euro digiteach
I ndomhan atá ag éirí níos digití, tá an tAontas ag féachaint an bhféadfaí ‘euro digiteach’ a sheoladh chun go seasfaidh an t-airgeadra coiteann an aimsir, rud a chuirfidh ar a chumas freagairt do na nósanna íocaíochta atá ag athrú agus neamhspleáchas agus athléimneacht na hEorpa a neartú.
Is é a bheadh sa euro digiteach foirm dhigiteach d’airgead bainc ceannais, arb é an Banc Ceannais Eorpach a d’eiseodh é.
Bheadh an euro digiteach á chur leis an airgead tirim, seachas ina ionad. Bealach slán, saoráideach, saor a bheadh ann do dhaoine íocaíochtaí digiteacha a dhéanamh ar fud an limistéir euro.
Ról an Ghrúpa Euro
Is é an Grúpa Euro an cruinniú neamhfhoirmiúil ina dtagann airí airgeadais Bhallstáit an limistéir euro le chéile chun na hábhair a bhaineann leis an euro a phlé.
Is é an ról atá aige a chinntiú go gcomhordaíonn tíortha an limistéir euro a mbeartais eacnamaíocha agus bhuiséadacha chun dálaí a chur chun cinn ar mhaithe le fás eacnamaíoch níos láidre.
An scéala is déanaí
Na blaisíní breise is déanaí
Excessive deficit procedure
Pacáiste 2021 maidir le haontas na margaí caipitil
An euro: fíricí agus figiúirí
An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Eanáir 2026