"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.

Féach ár leathanach beartais maidir le fianáin chun tuilleadh eolais a fháil agus chun do shocruithe a athrú.

български español čeština dansk Deutsch eesti Ελληνικά English français Gaeilge hrvatski italiano latviešu lietuvių magyar Malti Nederlands polski português română slovenčina slovenščina suomi svenska
Skip to content

Trédhearcacht

Tá obair leanúnach ar bun ag an nGrúpa Euro chun an trédhearcacht a fheabhsú chun tuilleadh comhsheasmhachta a chur ar fáil i ndáil leis an tslí a gcuirtear saoránaigh agus parlaimintí náisiúnta sna Ballstáit ar an eolas faoina ghníomhaíochtaí.

I mí Mheán Fómhair 2018, chuir an tUachtarán Centeno tús le hathbhreithniú ar bheartas trédhearcachta an Ghrúpa Euro, mar fhreagairt ar na hábhair imní a chuir na parlaimintí náisiúnta agus ombudsman an Aontais in iúl.

I mí Mheán Fómhair 2019, tháinig an Grúpa Euro ar chomhaontú maidir le liosta de ghníomhaíochtaí nithiúla chun trédhearcacht a fheabhsú. I measc na ngníomhaíochtaí atá san áireamh, tá:

  • clár ar líne de dhoiciméid an Ghrúpa Euro atá ar fáil go poiblí a chruthú
  • ábhar litreacha achoimre an Ghrúpa Euro a leathnú
  • a chinntiú go bhfuil an ceart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid luaite go soiléir ar leathanaigh ghréasáin an Ghrúpa Euro
  • féilire chruinnithe Mheitheal an Ghrúpa Euro a fhoilsiú
  • dréachtchlár an Ghrúpa Euro (nach bhfuil anótáilte) a fhoilsiú a luaithe a bheidh sé formheasta ag Meitheal an Ghrúpa Euro
  • leathanach gréasáin Mheitheal an Ghrúpa Euro a fheabhsú

Le seoladh chlár doiciméad an Ghrúpa Euro i mí Feabhra 2020, tá na gníomhaíochtaí ar fad curtha i gcrích. Tá gealltanas tugtha ag na hairí go ndéanfaidh siad measúnú agus athbhreithniú rialta ar an mbeartas trédhearcachta.

Is féidir rochtain a iarraidh ar dhoiciméid trí dhul i dteagmháil le hArdrúnaíocht na Comhairle:

An t-athbhreithniú deireanach: an 22 Eanáir 2026