Skip to content
  • An Grúpa Euro

An Grúpa Euro, 11/02/2016, 11 Feabhra 2016

Na príomhthorthaí

An staid eacnamaíoch sa limistéar euro

Roinn an Grúpa Euro tuairimí maidir leis an staid eacnamaíoch sa limistéar euro, bunaithe ar chur i láthair ón gCoimisiún Eorpach faoina réamhaisnéis eacnamaíoch gheimhridh do 2016.

De réir na réamhaisnéise sin, leanfar leis an téarnamh eacnamaíoch sa limistéar euro, agus táthar ag coinne go sroichfidh fás OTI 1.7% in 2016 agus 1.9% in 2017. 

Meastar go laghdófar an ráta dífhostaíochta ó 11% in 2015 go 10.5% in 2016 agus go 10.2% in 2017. 

Sa réamhaisnéis sin, áirítear an praghas íseal ola, ráta malartaithe an euro faoi láthair agus an ráta íseal úis ar roinnt de na tosca is mó a sheasfaidh leis an téarnamh. Mar sin féin, léirítear freisin sa réamhaisnéis go ráineoidh gaotha cinn agus priacail eile an gheilleagair mar thoradh ar an mborradh sna geilleagair fhorbarthacha a bheith ag meathlú. 

Chomhaontaigh na hAirí i gcoitinne leis an anailís a rinne an Coimisiún Eorpach agus d’athdhearbhaigh siad, i bhfianaise na luaineachta atá sa mhargadh faoi láthair, go bhfuil sé fíorthábhachtach go gcuirfí na rialacha a comhaontaíodh i gcreat rialachais buiséadach, eacnamaíoch agus airgeadais an Aontais chun feidhme. 

Plé téamach: cáilíocht an chaiteachais phoiblí sa limistéar euro

D'aontaigh na hAirí go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh an caiteachas poiblí níos éifeachtaí ionas go gcuirfear feabhas ar acmhainneacht an limistéir euro don fhás eacnamaíoch. 

D'aontaigh siad níos mó plé a dhéanamh ar réimsí sonracha a bhaineann leis an gcaiteachas poiblí. Tabharfaidh an Grúpa Euro aird faoi leith ar infheistíocht, ar chúram sláinte agus ar chaiteachas a bhaineann le haosú ag na cruinnithe a bheidh ag an nGrúpa Euro amach anseo.

Bhí an plé bunaithe ar staidéar a rinne an Coimisiún Eorpach inar measadh comhdhéanamh, éifeachtúlacht agus éifeachtacht chaiteachas rialtais an limistéir euro i réimsí amhail oideachas, cúram sláinte agus taighde agus forbairt.

Ról idirnáisiúnta an euro

Roinn an Grúpa Euro a thuairimí maidir leis an staidéar a rinne an Coimisiún Eorpach maidir le ról idirnáisiúnta an euro, a rinneadh ar iarraidh ón nGrúpa Euro. 

Léirítear sa staidéar nach bhfuil aon bhacainní córasacha ar an euro a úsáid in idirbhearta idirnáisiúnta. Mar sin féin, ar chúiseanna stairiúla, is gnách go mbaintear úsáid as sonraisc i ndollair na Stát Aontaithe in earnálacha éagsúla, amhail earnáil na hola nó earnáil na heitlíochta.

Tháinig na hAirí le tuairim an Choimisiúin go n-áirítear beartais fhónta mhaicreacnamaíocha agus forbairt bhreise ar an aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta ar na príomhthosca lena bhféadfaí úsáid an euro a spreagadh in idirbhearta idirnáisiúnta.

An Phortaingéil: an staid mar atá

Phléigh an Grúpa Euro an tuairim ón gCoimisiún Eorpach i ndáil le dréachtphlean buiséadach na Portaingéile do 2016 agus scrúdaigh sé na torthaí ón tríú misean faireachais iarchláir. 

Leanfar leis an bhfaireachas iarchláir go dtí go mbeidh ar a laghad 75% den chúnamh a fuarthas faoin gclár íoctha ar ais. 

De réir na tuairime ón gCoimisiún, tá an baol ann nach gcomhlíonfar an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis le plean buiséadach na Portaingéile. 

D'eisigh an Grúpa Euro ráiteas inar chomhaontaigh sé leis na torthaí ón gCoimisiún agus ba dhíol sásaimh dó a thiomanta agus atá rialtas na Portaingéile d'ullmhúchán a dhéanamh do bhearta breise a chuirfear chun feidhme nuair is gá lena chinntiú go gcomhlíonfar rialacha an Chomhshocraithe leis an mbuiséad atá aici do 2016.

Chuir na hinstitiúidí eile an Grúpa Euro ar an eolas faoi na torthaí príomhúla ón tríú misean faireachais iarchláir, a bhí ar bun idir an 25 Eanáir agus an 2 Feabhra 2016.  

Meastar go leanfaidh an Phortaingéil leis na hathchóirithe ar cuireadh tús leo le linn a cláir coigeartaithe chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin amhail an inbhuanaitheacht bhuiséadach, an t-iomaíochas agus an chobhsaíocht san earnáil airgeadais.

An Ghréig: an staid mar atá

Phléigh an Grúpa Euro an dul chun cinn atá déanta maidir leis an gcéad athbhreithniú leanúnach ar chur chun feidhme chlár coigeartaithe na Gréige, tar éis na cuairte a thug ceannairí misin institiúidí an Aontais ar an Aithin an tseachain seo caite.

D'iarr an Grúpa Euro ar údaráis na Gréige agus ar a bhfoireann misin leanúint den chomhar cuiditheach atá ar bun acu agus oibriú chun go gcuirfear bailchríoch go gasta ar an athbhreithniú, ina gcumhdaítear saincheisteanna amhail athchóiriú ar phinsin, an straitéis bhuiséadach agus an ciste um príobháidiú a chur i bhfeidhm.

Ceapaim gurb é sin an ghné is tábhachtaí ó thaobh dhlisteanacht ár gcuid oibre de. Jeroen Dijsselbloem 

Trédhearcacht

Ar thionscnamh Uachtarán an Ghrúpa Euro, Jeroen Dijsselbloem, phléigh na hAirí méadú a dhéanamh ar thrédhearcacht ghníomhaíochtaí an Ghrúpa Euro. 

D'aontaigh an Grúpa Euro go raibh gá le níos mó comhsheasmhachta maidir leis an gcaoi ina gcuirtear saoránaigh agus parlaimintí náisiúnta na mBallstát ar an eolas faoina ghníomhaíochtaí.

Chomhaontaigh na hAirí, mar chéad chéim, na cláir oibre anótáilte do chruinnithe an Ghrúpa Euro agus na hachoimrí ar an bplé a dhéantar a chur ar fáil go poiblí. Chuir siad de chúram ar Mheitheal an Ghrúpa Euro tuilleadh feabhais a chur ar chur chun feidhme praiticiúil na dtograí sin.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025