Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
- 447 Torthaí
An trádáil idir an tAontas agus Ceanada: fíricí agus figiúirí
Tá an comhaontú trádála idir an tAontas agus Ceanada ag cur borradh faoi onnmhairí an Aontais. Idir 2016 agus 2025, tháinig méadú níos mó ná 76 % ar thrádáil earraí agus tháinig méadú tuairim is 90 % ar thrádáil seirbhísí.

Meabhairshláinte
Tá an mheabhairshláinte ríthábhachtach chun go mbainfí sásamh agus tairbhe as an saol. Ach fós féin, tá fadhbanna meabhairshláinte ag go leor Eorpach. Tá tíortha an Aontais ag obair le chéile chun an mheabhairshláinte a chur chun chinn ar bhealach níos fearr.

Cad is cearta maoine intleachtúla ann?
Tá sé ríthábhachtach cearta maoine intleachtúla (CMI) a chosaint chun infheistíocht sa taighde agus san fhorbairt a chothú, agus cruthaitheacht agus iomaíocht chóir a chur chun cinn ag an am céanna.

Cúig chúis le suim a chur sa bhfhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha (AMR)
Is iad ró-úsáid agus mí-úsáid ábhar frithmhiocróbach is mó a spreagann frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha. Tarlaíonn AMR nuair a mhaireann miocrorgánach in ainneoin go nochtar do chógas é atá deartha chun é a chosc nó a mharú.

an Ríocht Aontaithe
Is comhpháirtithe straitéiseacha iad an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a bhfuil luachanna coiteanna acu agus a fhéachann leis an gcomhar a neartú i réimsí leasa choitinn chun freastal ar riachtanais a saoránach.

Comhaontú um Tharraingt Siar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe
Leagtar síos sa chomhaontú um tharraingt siar na téarmaí do tharraingt siar rianúil na Ríochta Aontaithe agus tá bearta ann chun cearta na saoránach a chosaint.

Míniú ar Chreat Windsor
Le Creat Windsor, déantar an Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a choigeartú. D’fhormheas an tAontas agus an Ríocht Aontaithe an dá chomhaontú agus tá sé d’aidhm leo teorainn chrua ar oileán na hÉireann a sheachaint.

Bréagaisnéis agus an athléimneacht dhaonlathach
Tá an tAontas tiomanta a chuid daonlathas a chosaint agus cur i gcoinne éifeachtaí díobhálacha an chur isteach eachtraigh ar fhaisnéis, lena n-áirítear an bhréagaisnéis.

An Buanchomhar Struchtúrtha (PESCO)
Cuireann PESCO creat ar fáil do na 26 Bhallstát rannpháirteacha chun tionscadail cumais chomhroinnte a phleanáil, a fhorbairt agus infheistíocht a dhéanamh iontu go comhpháirteach, agus chun ullmhacht oibríochtúil agus rannchuidiú a bhfórsaí armtha a fheabhsú.

Oiriúnach do 55: an chúis a bhfuil dianú á dhéanamh ag an Aontas ar chaighdeáin astaíochtaí CO2 le haghaidh gluaisteán agus veaineanna
Is é is aidhm do na rialacha nua atá beartaithe spriocanna laghdaithe astaíochtaí CO2 a mhéadú le haghaidh gluaisteáin agus veaineanna nua, chun a chinntiú go rannchuideoidh an earnáil mótarfheithiclí le spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach.
