Skip to content

Athbhunú an dúlra

Tá an dúlra i mbaol a bháis, agus is boichte muid dá éagmais. Leagtar síos i ndlí an Aontais maidir le hathbhunú an dúlra na chéad spriocanna ceangailteacha riamh chun éiceachórais, gnáthóga agus speicis a athchóiriú san Eoraip.

Cad é staid an dúlra san am i láthair?

laghdú tubaisteach ag teacht ar an dúlra san Aontas. Tá líon na speiceas agus na limistéir nádúrtha ina bhfuil cónaí orthu ag dul i laghad agus in olcas ó thaobh caighdeáin de, agus tá iarmhairtí tromchúiseacha ann do dhaoine agus don phláinéad dá bharr seo.

Tá treoracha ón Aontas maidir le héin agus gnáthóga, lena gcosnaítear breis agus 1 200 speicis neamhchoitianta agus speicis atá i mbaol, chomh maith le breis agus 27 000 limistéar nádúrtha, i bhfeidhm leis na blianta.

In ainneoin na n-iarrachtaí sin agus roinnt feabhsuithe teoranta, thug an t-athbhreithniú a rinne an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil in 2025 ar chúrsaí timpeallachta san Aontasscéal scáfar chun solais.

Tá roinnt tosca ann atá ag cur brú mór ar na héiceachóras agus ar na speicis, iad seo a leanas ina measc:

  • caillteanas gnáthóige
  • róshaothrú acmhainní nádúrtha
  • an t-athrú aeráide
  • an truailliú
  • speicis ionracha
Léirítear sa ghrafaic faisnéise, atá bunaithe ar na tuarascálacha eolaíocha is déanaí, staid an nádúir san Aontas Eorpach.
Cad é staid an dúlra san Aontas? (Grafaic faisnéise)

Cad é staid an dúlra san Aontas? (Grafaic faisnéise)

Cad é an tábhacht a bhaineann le hathbhunú an dúlra?

Bíonn idirchaidreamh tábhachtach sa dúlra idir na speicis agus na gnáthóga ina bhfuil cónaí orthu. Cothromaíocht chaolchúiseach atá ann lena gcinntítear timpeallacht nádúrtha atá sláintiúil agus atá ag feidhmiú mar ba cheart.

Má chailltear an chothromaíocht sin sa dúlra, tagann drochbhail ar na héiceachórais agus cailltear an cumas seirbhísí ríthábhachtacha atá riachtanach do shaol an duine a sholáthar, mar atá sa méid a leanas:

  • bia cothaitheach a sholáthar
  • ocsaigin a dhéanamh
  • acmhainní nádúrtha a chur ar fáil
  • CO2 a ionsú agus dochar a dhéantar de dheasca an athraithe aeráide a mhaolú

Na nithe saor in aisce a sholáthraíonn an dúlra

bia do dhaoine agus ainmhithe

ithir thorthúil

amhábhair

tairbhí meabhairshláinte

fionnuisce

cógais

Is é an dúlra dúshraith gheilleagar an domhain. Braitheann os cionn leath den olltáirgeacht intíre (OTI) ar na hábhair agus ar na seirbhísí a fhaightear óna héiceachórais. Tá luach suntasach ag baint le hamhábhair don tionscal agus don tógáil, cuir i gcás, agus bíonn gá le hacmhainní géiniteacha sa talmhaíocht agus in earnáil an leighis.

Ní hathbhunú go tacú le téarnamh na n-éiceachóras a scriosadh nó a bhfuil drochbhail orthu trína struchtúr agus a bhfeidhmeanna a fheabhsú, agus é mar sprioc fhoriomlán an athléimneacht agus an bhithéagsúlacht sa dúlra a fheabhsú.

I measc a gcinntítear le héiceachórais shláintiúla, tá an méid seo a leanas:

  • an táirgiúlacht talmhaíochta a mhéadú
  • an seasmhacht i gcoinne an athraithe aeráide a fheabhsú
  • an bhithéagsúlacht a fheabhsú
  • an baol tuilte, triomaigh agus tonnta teasa a laghdú

Cén chaoi a ndéanfaidh tíortha an Aontais an dúlra a athbhunú?

dlí um athbhunú an dúlra glactha ag tíortha an Aontais, i dtionól na Comhairle, le dea-bhail caomhnaithe a chur ar an dúlra agus ar na héiceachórais.

Is iad na rialacha seo na chéad rialacha riamh ina ndíreofar go sonrach ar athbhunú an dúlra sna Ballstáit.

Is é is aidhm leis na rialacha sprioc cheangailteach a leagan síos ar leibhéal an Aontais, agus chun sin a bhaint amach beidh ar na Ballstáit bearta éifeachtacha athbhunaithe a chur i bhfeidhm lena gcumhdófaí ar a laghad 20% de limistéir talún agus farraige an Aontais faoi 2030. Ní mór bearta athbhunaithe a bheith i bhfeidhm i ngach éiceachóras atá ina ngá faoi 2050.

Leis an sprioc, cuirtear leis an tiomantas idirnáisiúnta a thug an tAontas agus a Bhallstáit ina gcáil mar pháirtí sa choinbhinsiún domhanda maidir leis an mbithéagsúlacht. Thángthas ar chomhaontú suntasach i ndáil leis na héiceachórais talún agus mhuirí a athbhunú faoi 2030 ag cruinniú mullaigh na Náisiún Aontaithe maidir leis an mbithéagsúlacht i mí Nollag 2022.

Is iad seo a leanas a bheidh i gceist leis an dlí um athbhunú an dúlra:

  • gnáthóga díghrádaithe talún agus mara
  • pailneoirí
  • éiceachórais talmhaíochta
  • limistéir uirbeacha
  • aibhneacha agus tuilemhánna
  • foraoisí

Beidh roinnt díolúintí ó na rialacha athbhunaithe sna limistéir a úsáidtear chun críche cosanta náisiúnta agus tionscadail fuinnimh in-athnuaite.

Gnáthóga díghrádaithe talún agus mara

Is é is aidhm do na rialacha na gnáthóga a bhfuil drochbhail orthu i dtíortha an Aontais a athbhunú. Éiceachórais atá i ngnáthóga talún, cósta, muirí agus fionnuisce a bheadh i gceist leis seo.

An sprioc atá ann bearta athbhunaithe a chur i bhfeidhm i 30% ar a laghad de na gnáthóga sin ar fud an Aontais faoi 2030. Ba cheart go gcuirfí leis na hiarrachtaí sa chaoi is go gcumhdófaí 60% de na gnáthóga faoi 2040 agus 90% díobh faoi 2050.

Is don nascacht idir na gnáthóga gur ceart tús áite a thabhairt sna bearta a bhunóidh agus a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm, is é sin, a chinntiú go nascfar na gnáthóga a mhéid is féidir le go mbeidh an fiadhúlra in ann bogadh eatarthu.

Pailneoirí

Is iad na beacha fiáine na pailneoirí is fearr dá bhfuil ann. Mar sin féin, tá speicis feithidí eile ann freisin a phailníonn bláthanna freisin, rud atá ríthábhachtach le fás barra a chinntiú. Is a bhuí leis na feithidí a phailníonn go ndéantar beagnach €5 billiún d’aschur bliantúil talmhaíochta san Aontas.

Díríonn na rialacha nua ar mheath na bpailneoirí a aisiompú agus a líon a mhéadú faoi 2030.

I measc na bpailneoirí san Eoraip tá féileacáin, ciaróga, beacha, cuileog, leamhain agus foichí.

Léaráidí d’fhéileacán, ciaróg, beach, cuileog, leamhain agus foiche.

Éiceachórais talmhaíochta

Ach oiread leis na pailneoirí, bíonn an táirgiúlacht talmhaíochta ag brath ar éiceachórais shláintiúla chomh maith.

Bíonn cumas laghdaithe déanta bia ag ithir agus ag éiceachórais talmhaíochta a bhfuil drochbhail orthu. Sa lá atá inniu ann, tá cothrom is 73% den talamh talmhaíochta buailte ag an díghrádú ithreach.

Díríonn an dlí um athbhunú an dúlra ar an mbithéagsúlacht in éiceachórais talmhaíochtaa fheabhsú . Is é an sprioc áirithe atá leis na rialacha go n-athbhunófar agus go gcuirfear le líon:

  • féileacáin féaraigh
  • éin ar thalamh feirme

Tá os cionn 50% de líon na bhféileacán féaraigh caillte ó bhí 1991 ann.

Leagan téacs

Cairt líne lena léirítear an innéacs maidir leis an bhféileacán féaraigh idir 1991 agus 2020, agus luaitear 100 pointe sa bhliain 2000. Tá le feiceáil ón innéacs gur tháinig laghdú ar líon na bhféileacán féarach idir 1991 (108 bpointe san innéacs) agus 2002 (98 bpointe san innéacs); bhí ardú go 114 phointe ann go dtí 2011 agus ó shin i leith tharla meath tubaisteach go 76 phointe in 2020.

Ina theannta sin, ní mór do Bhallstáit an Aontais bearta a dhéanamh chun an méid seo a leanas a bhaint amach:

  • 30% de thailte portaigh draenáilte atá á n-úsáid sa talmhaíocht a athbhunú faoi 2030, agus 50% faoi 2050 (bheadh céatadán níos ísle i bhfeidhm i gcás tíortha atá buailte go mór)
  • feabhas a chur ar an stoc carbóin in ithreacha mianraí
  • cuir le gnéithe tírdhreacha ardéagsúlachta ar thalamh (fálta sceach, stiallacha bláthanna, talamh branair, linnte agus crainn torthaí)

Tá tábhacht shuntasach ag baint leis an obair athbhunaithe chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí ar shlándáil an tsoláthair bia. Tá sé ríthábhachtach an bhithéagsúlacht a fheabhsú agus inbhuanaitheacht na talmhaíochta a mhéadú chun táirgeadh bia a áirithiú sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Mar shampla, trí rialú lotnaidí nádúrtha a úsáid agus spleáchas ar leasacháin cheimiceacha a laghdú, cuirtear le saibhreas cothaitheach na-ithreach agus cuirtear borradh faoi shláinte na n-éiceachóras.

Limistéir uirbeacha

22% de dhromchla talún an Aontais tá sna limistéir uirbeacha. Is gnáthóga tábhachtacha iad páirceanna, gairdíní, crainn agus móinéir do phlandaí, d’éin agus d’fheithidí.

Leis na rialacha nua, tá sé d’aidhm ag an Aontas cuir le líon na spásanna glasa i gcathracha, i mbailte agus i mbruachbhailte. Cinntítear an méid a leanas sna spriocanna:

  • nach gcaillfear aon spás glas eile faoi 2030, i gcomparáid leis an mbliain ina dtagann na rialacha um athbhunú an dúlra i bhfeidhm (bheadh eisceacht ann dá mba 45% méid an spáis ghlais sa limistéir uirbeach cheana féin)
  • cuir le líon na gcrann i gcathracha

Aibhneacha agus tuilemhánna

Tá níos mó ná milliún bacainn de dhéantús an duine in aibhneacha na hEorpa, mar shampla dambaí, coraí agus rampaí.

Ceadaíonn aibhneacha saorchúrsála gluaiseacht uisce, dríodair, éisc agus orgánach eile, agus tá tábhacht shuntasach ag baint leis le caighdeán an uisce san Aontas agus an bhithéagsúlacht a fheabhsú.

Tá sé d’aidhm ag na rialacha nua na bacainní atá ann cheana in aibhneacha san Aontas a bhaint leis an nascacht i líonraí aibhneacha a chinntiú.

Is tearc fós é líon na sonraí faoi bhacainní abhann, agus dá bhrí sin tá sé de sprioc ag na rialacha nua fardal de na bacainní a bhfuil ann ar fud an Aontais a chur i dtoll a chéile.

Is ar bhacainní nach bhfuil feidhm leo nó nach n-úsáidtear a thuilleadh a dhírítear na hiarrachtaí.

Foraoisí

Clúdaíonn foraoisí geall le 40% de thalamh an Aontais agus tá siad ríthábhachtach chun an t-athrú aeráide a mhaolú; linnte carbóin is feidhm dóibh agus tá chuid mhaith de bhithéagsúlacht na hEorpa le fáil iontu.

Tá sé d’aidhm ag na rialacha nua athbhunaithe feabhas a chur ar an mbithéagsúlacht i bhforaoisí.

Chuige sin, tá ar thíortha an Aontais feabhas a chur ar staid na bhforaoisí trí tháscairí sonracha a chuidíonn le sláinte éiceachóras foraoisí a thomhas. Níorbh fholáir na nithe a leanas a thomhas:

  • an méid adhmad marbh atá ann, ar gnáthóg é do go leor orgánach foraoise agus a chuireann leis an foirmiú ithreach
  • líon na speiceas éan

Ina theannta sin, tá ar na Ballstáit rannchuidiú le trí bhilliún crann ar a laghad a chur faoi 2030 ar leibhéal an Aontais.

Na rialacha go hiarbhír maidir leis an athbhunú

Beidh tíortha an Aontais faoi cheangal ag an dlí um athbhunú an dúlra maidir le pleananna náisiúnta athbhunaithe a fhorbairt. Ba cheart a shainiú sna pleananna sin na bearta athbhunaithe is gá chun na spriocanna ceangailteacha a leagtar síos sa dlí a bhaint amach agus an limistéar iomlán atá le hathbhunú, chomh maith le hamlíne, a shonrú.

Cumhdófar leis na pleananna athbhunaithe achar ama suas go dtí 2050. Ba cheart na bearta a ailíniú leis an reachtaíocht ábhartha, cuir i gcás leis na rialacha maidir le cosaint an dúlra, an fuinneamh in-athnuaite agus an talmhaíocht.

Is samplaí iad seo a leanas de bhearta athbhunaithe:

  • plandaí neamhdhúchasacha ar fhéarthailte, ar bhogaidh agus i bhforaoisí a stoitheadh
  • tailte portaigh a draenáladh a athfhliuchadh
  • an nascacht idir na gnáthóga a fheabhsú
  • bac nó srian a chur le húsáid lotnaidicídí ceimiceacha agus leasachán
  • caomhnú an limistéir nádúrtha a chur chun cinn

Leis an rialachán, cuirtear de cheangal ar an gCoimisiún athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh faoi 2033 ar chur i bhfeidhm na rialacha agus ar a dtionchar ar earnálacha na talmhaíochta, an iascaigh agus na foraoiseachta, chomh maith leis na héifeachtaí socheacnamaíocha níos leithne a bhaineann leo.

Ghlac an Chomhairle an dlí um athbhunú an dúlra i mí an Mheithimh 2024, tar éis do Pharlaimint na hEorpa é a ghlacadh i mí Feabhra na bliana céanna.

Tábhacht na salamandar duitse: 30 bliain ag cosaint an dúlra san Eoraip

Bíonn freagracht ollmhór ar na hainmhithe is lú, níos lú ná an salamandar fiú, as gréasán an-suimiúil na beatha a chothú.

Leis an treoir maidir le gnáthóga, tá an salamandar á chosaint ag an Aontas, mar aon leis na céadta speiceas eile d’ainmhithe, chomh maith le plandaí agus limistéir nádúrtha. Ón bhFionlainn go Málta, ón Rómáin go dtí an Phortaingéil, tá dlí an Aontais ina chuidiú le gnáthóga agus na speicis bheo atá á n-óstáil acu a chaomhnú.

An salamandar tine ina ghnáthóg nádúrtha

Féach freisin

Dhá lámh timpeall ar radharc beag i gcoill ina bhfuil fia agus éin ag eitilt, mar shiombail ar dhaoine agus an dúlra agus an fiadhúlra á gcosaint acu.
Cosaint an dúlra

Cosaint an dúlra

An bhithéagsúlacht

An bhithéagsúlacht

Léaráid stílithe de chiorcal réaltaí an Aontais agus siombailí den aistriú glas timpeall air, lena n-áirítear tuirbín gaoithe, painéil ghréine, crainn, fiadhúlra, barra agus tarracóir.
Comhaontú Glas don Eoraip

Comhaontú Glas don Eoraip

An t-athbhreithniú deireanach: an 30 Meán Fómhair 2025