Cearta na n-oiliúnaithe san Aontas
Tá an Chomhairle ag obair ar rialacha nua atá ceaptha chun feabhas a chur ar dhálaí oibre d’oiliúnaithe, lena gcinnteofar nach mbainfear leas astu ná nach gcaithfear go héagórach leo.
Oiliúnaithe san Aontas
Tá breis agus trí mhilliún oiliúnaí san Aontas faoi láthair, agus meastar go dtiocfaidh méadú 16 % ar an líon sin faoi 2030.
Is é is tréimhse oiliúna ann tréimhse shealadach taithí oibre ina bhfoghlaimíonn daoine go leor rudaí agus ina ndéanann siad a gcuid scileanna a fhorbairt, rud a chuireann ar a gcumas taithí phraiticiúil ghairmiúil a fháil.
An 19 Meitheamh 2025, shocraigh an Chomhairle a seasamh maidir le rialacha nua atá ceaptha chun feabhas a chur ar dhálaí oibre d’oiliúnaithe, lena gcinnteofar nach lú an fabhar a thabharfar dóibh le hais fostaithe inchomparáide agus lena gcuirfear cosc ar fhostóirí caidrimh fostaíochta a bhréagleiriú mar thréimhsí oiliúna ‘bréagacha’, mar a thugtar orthu.
Féach freisin:
Tá an Chomhairle agus an Pharlaimint i mbun caibidlíochta faoi láthair maidir leis an leagan deiridh den treoir nua.
In 2019, bhí beagnach leath den 3.1 milliún oiliúnaí san Aontas gan phá. Tugtar le fios i staidéar ón gCoimisiún Eorpach gur dócha go ndéantar gannmheastachán ar líon na n-oiliúnaithe, go háirithe ar oiliúnaithe nach bhfaigheann aon phá.
Eiseoidh an Chomhairle treoirlínte maidir le tréimhsí oiliúna, ina n-díreofar ar an méid seo a leanas:
- luach saothair cóir
- cosaint shóisialta
- rochtain chomhionann do ghrúpaí leochaileacha
Tá tréimhse oiliúna amháin ar a laghad déanta ag ochtar as gach deichniúr Eorpach óg
Léiríodh i suirbhé Eorabharaiméadair in 2023 go ndearna níos mó ná 78% de 26 000 duine idir 18 agus 34 bliana d’aois tréimhse oiliúna amháin ar a laghad. Astu sin, rinne 21% amhlaidh i dtír eile san Aontas, ar ardú suntasach é ó 9 % in 2013.
Ina theannta sin, luaigh 76% de rannpháirtithe an tsuirbhé gur fhorbair siad scileanna gairmiúla úsáideacha le linn a dtréimhse oiliúna. Tar éis na taithí sin, fuair 68% post, agus fuair 39% dóibh conradh seasta nó buan leis an bhfostóir céanna agus 26% le fostóir difriúil.
Tá an ráta is airde de dhaoine a dhéanann tréimhse oiliúna, 90%, sa Ghearmáin; is ag an tSualainn atá an ráta is ísle, 53%
Léirítear sa ghraf seo céatadán na ndaoine aonair i dtíortha éagsúla san Aontas a chríochnaigh tréimhsí oiliúna.
Léirítear sa ghraf seo céatadán na ndaoine aonair i dtíortha éagsúla san Aontas a chríochnaigh tréimhse oiliúna amháin ar a laghad, nach rinne aon tréimhse oiliúna, nó nach bhfuil cinnte faoina dtaithí ar thréimhse oiliúna.
Samplaí de shonraí sa tábla:
- AE27: Ní rinne 19% de dhaoine tréimhse oiliúna, níl 4% cinnte, agus rinne 78% díobh tréimhse oiliúna amháin ar a laghad.
- An Bheilg: ní dhearna 17% de dhaoine tréimhse oiliúna, níl 3% cinnte, agus rinne 80% díobh tréimhse oiliúna amháin ar a laghad.
- An Ghearmáin: ní dhearna 7% de dhaoine tréimhse oiliúna, níl 3% cinnte, agus rinne 90% díobh tréimhse oiliúna amháin ar a laghad.
- An Ghréig: ní dhearna 26% de dhaoine tréimhse oiliúna, níl 3% cinnte, agus rinne 71% díobh tréimhse oiliúna amháin ar a laghad.
- An Pholainn: ní dhearna 12% de dhaoine tréimhse oiliúna, níl 3% cinnte, agus rinne 86% díobh tréimhse oiliúna amháin ar a laghad.
- An Fhionlainn: ní dhearna 34% de dhaoine tréimhse oiliúna, níl 7% cinnte, agus rinne 59% díobh tréimhse oiliúna amháin ar a laghad.
- An tSualainn: ní dhearna 40% de dhaoine tréimhse oiliúna, níl 7% cinnte, agus rinne 53% díobh tréimhse oiliúna amháin ar a laghad.
Maireann tréimhse oiliúna amháin as gach 10 dtréimhse oiliúna níos faide ná 6 mhí
I gcásanna áirithe, féadfar tréimhsí oiliúna a úsáid chun gnáthphoist a líonadh, rud a chiallaíonn go bhfuil na cúraimí agus na freagrachtaí céanna ar oiliúnaithe agus atá ar fhostaí ach níl aon tairbhe á bhaint acu as an bpá céanna ná an chinnteacht phoist.
Nuair dhéantar tréimhsí oiliúna iomadúla leis an bhfostóir céanna, tá an baol ann go n-úsáidfear oiliúnaithe mar fhostaithe faoi bhréagriocht. Cosc a chur air seo tarlú is ea ceann de chuspóirí an dlí nua.
Is san Ungáir atá an ráta is airde do dhaoine a dhéanann, ag 50%, thréimhsí oiliúna iomadúla leis an bhfostóir céanna
Tugtar eolas sa tábla seo faoi Eorpaigh a rinne tréimhsí oiliúna iomadúla leis an bhfostóir céanna.
Sa tábla seo tugtar eolas faoi dhaoine aonair a rinne tréimhsí oiliúna iomadúla leis an bhfostóir céanna.
Achoimre ar na torthaí:
- Is san Ungáir (50%), san tSeicia (46%) agus san Liotuáin (47%) atá an sciar is airde de dhaoine aonair a dhearbhaigh go ndearnadh siad tréimhsí oiliúna iomadúla leis an bhfostóir céanna
- Is i Lucsamburg (17%) atá an sciar is ísle de thréimhsí oiliúna leis an bhfostóir céanna. Tá rátaí níos ísle sa Fhrainc (26%), sa Bheilg (31%) agus sa Chróit (31%) freisin.
- Ba sa tSlóvaic a bhí an líon is airde de fhreagraí ‘níl a fhios agam’ ag 7%, rud a léiríonn éiginnteacht níos airde i measc na bhfreagróirí
- Ba i Lucsamburg a bhí an líon is ísle de fhreagraí ‘níl a fhios agam’ ag 1%
Ní íoctar duine as gach beirt oiliúnaithe san Aontas, geall leis
Ina measc siúd a chríochnaigh tréimhse oiliúna amháin ar a laghad, fuair 55% luach saothair, i gcomparáid le 40% in 2013.
Is sa Cróit atá an ráta is airde de thréimhsí oiliúna íoctha, ag 78%; tá an Bheilg ar an tír is ísle ag 39%
Tugtar sonraí sa tábla seo maidir le cé acu a bhí nó nach raibh luach saothair ag gabháil le tréimhsí oiliúna i dtíortha éagsúla san Aontas.
Tugtar sonraí sa tábla seo maidir le cé acu a bhí nó nach raibh luach saothair ag gabháil le tréimhsí oiliúna i dtíortha éagsúla san Aontas. Déantar freagraí a chatagóiriú i dtrí rogha: ‘Bhí,’ ‘Ní raibh,’ agus ‘Níl a fhios agam.’
Achoimre ar na torthaí:
1. Tréimhsí oiliúna a n-íoctar luach saothair ina leith (‘Bhí’)
- Taifeadadh na rátaí is airde de thréimhsí oiliúna a raibh luach saothair ag gabháil leo sa Chróit (78%), sa Ghréig (73%), agus sa tSlóivéin (71%)
- Bhí na céatadáin ab ísle de thréimhsí oiliúna a raibh luach saothair ag dul leo i Lucsamburg (41%) agus sa Bheilg (39%)
2. Tréimhsí Oiliúna nach raibh luach saothair ag gabháil leo (‘Ní raibh’)
- Bhí na rátaí ab airde de thréimhsí oiliúna nach raibh luach saothair i gabháil leo i Lucsamburg (58%) agus sa Liotuáin (56%)
- Bhí na rátaí ab ísle de thréimhsí oiliúna nach raibh luach saothair ag gabháil leo sa Ghréig (26%) agus sa tSlóivéin (26%)
3. Éiginnte (‘Níl a fhios agam’):
- Ba sa tSlóvaic a taifeadadh an sciar is airde d’fhreagraí ‘Níl a fhios agam’ (4 %)
- Bhí an sciar íseal céanna den fhreagra ‘Níl a fhios agam’ (1%) in go leor tíortha, ina measc an Eastóin, Éire, an Ghréig agus an Fhrainc
Cosaint shóisialta
San Aontas, níl rochtain ar chosaint shóisialta ag oiliúnaí amháin as gach ceathrar oiliúnaithe. Go sonrach, thuairiscigh 61% dóibh go raibh rochtain iomlán nó pháirteach acu ar chosaint shóisialta le linn a dtréimhse oiliúna, agus thuairiscigh 27% dóibh nach raibh aon rochtain acu.
Chuir 69% de na freagróirí in iúl go raibh a ndálaí oibre le linn a dtréimhse oiliúna deiridh — trealamh, uaireanta oibre agus cóir — mar aon leis na dálaí oibre a bhíonn ag gnáthfhostaithe.
Ba san Ostair a bhí an rochtain ab airde ar chosaint shóisialta ag 49%; Ba sa Bheilg agus sa Chipir a bhí an líon is ísle ag 24%
Cuirtear i láthair sa tábla seo sonraí maidir leis an rochtain atá ag oiliúnaithe ar chosaint shóisialta le linn a dtréimhsí oiliúna san Eoraip.
Cuirtear i láthair sa tábla seo sonraí maidir leis an rochtain atá ag oiliúnaithe ar chosaint shóisialta le linn a dtréimhsí oiliúna i dtíortha éagsúla san Eoraip.
Achoimre ar na torthaí:
Rochtain iomlán ar chosaint shóisialta
- Rinneadh na céatadáin is airde d’fhreagróirí a thuairiscigh go raibh rochtain acu ar chosaint shóisialta mar a bheadh ag gnáthfhostaithe a thaifeadadh san Ostair (49%) agus san Fhionlainn (48%)
- Bhí na céatadáin is ísle d’oiliúnaithe a raibh rochtain iomlán acu sa Bheilg (24%) agus sa Danmhairg (25%)
rochtain pháirteach ar chosaint shóisialta
- Tuairiscíodh na céatadáin is airde d’fhreagraoirí a raibh rochtain acu ar roinnt gnéithe den chosaint shóisialta i bPoblacht na Seice (38%) agus sa tSlóivéin (34%)
- Bhí na céatadáin is ísle d’fhreagóirí a raibh rochtain pháirteach acu san Eastóin (12%) agus i Lucsamburg (15%)
gan aon rochtain ar chosaint shóisialta
- Bhí na céatadáin is ísle d’fhreagróirí a thuairiscigh nach raibh aon rochtain acu ar chosaint shóisialta san Fhionlainn (7%) agus sa tSualainn (9%)
- Tuairiscíodh na céatadáin is airde d’fhreagróirí nach raibh aon rochtain acu sa Bheilg (36%) agus sa Chipir (35%)
éiginnte
- Ba i Lucsamburg (30 %) agus san Fhionlainn (23 %) a bhí na céatadáin is airde de fhreagraí ‘níl a fhios agam’, rud a léiríonn éiginnteacht shuntasach
- Bhí na céatadáin is ísle d’éiginnteacht i Lucsamburg (7%) agus sa Bheilg (7%)
Tá rochtain éagothrom ar thréimhsí oiliúna
Dar leis an gCoimisiún Eorpach, is dúshlán do ghrúpaí leochaileacha é rochtain éagothrom – go háirithe ar dheiseanna ardcháilíochta agus trasteorann — go mór mór nuair a bhfuil tréimhsí oiliúna ann nach bhfuil pá ag gabháil leo.
Measann 40% d’fhreagróirí Eorabharaiméadair go bhfuil bacainní roimh dhaoine óga ar de chúlra imirceach iad, iad siúd ó ghrúpaí socheacnamaíocha faoi mhíbhuntáiste agus daoine faoi mhíchumas i dtaobh rochtain a fháil ar thréimhsí oiliúna.
Fuarthas amach sa suirbhé freisin i measc iad siúd nár chríochnaigh tréimhsí oiliúna, go raibh 18% dóibh nach raibh in ann ceann a aimsiú, 16% dóibh nach raibh ar an eolas fúthu agus go raibh easpa acmhainní airgeadais ar 10% dóibh chun tréimhse oiliúna a dhéanamh.
Níl raibh sé d’acmhainn airgeadais ag 10% dóibh siúd nach ndearnadh tréimhse oiliúna ceann a dhéanamh
Léirítear sa chairt seo na cúiseanna nár ghlac daoine aonair ar fud an Aontais páirt i dtréimhse oiliúna.
Cuirtear i láthair sa tábla seo na cúiseanna nár ghlac daoine aonair ar fud an Aontais páirt i dtréimhse oiliúna.
- an phríomhchúis:
- ba í an easpa spéise tréimhse oiliúna a dhéanamh an chúis ba choitianta (36%)
- cúiseanna eile:
- ní raibh 18% in ann teacht ar thréimhse oiliúna, agus bhí 16% nach raibh ar an eolas
- luaigh 10% de na freagróirí go raibh bacainní airgeadais orthu (nach raibh go leor acmhainní airgeadais acu)
- ba í easpa scileanna riachtanacha ba chúis le 8% de na freagróirí
- cúiseanna neamhshonraithe eile a bhí i gceist le 20%
- luaigh 8% de na freagróirí nach raibh a fhios acu an fáth nach ndearnadh siad tréimhse oiliúna
Féach freisin
- <em>Integration of young people into the labour market with particular focus on traineeships </em>[Daoine óga a lánpháirtiú i margadh an tsaothair agus béim ar leith á leagan ar thréimhsí oiliúna] (Eorabharaiméadar, 2023)
- Staidéar ina ndéantar iniúchadh ar an gcomhthéacs, ar na dúshláin agus ar na réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le cáilíocht na dtréimhsí oiliúna san Aontas (staidéar ón gCoimisiún Eorpach, 2024)
An t-athbhreithniú deireanach: an 17 Lúnasa 2025