Buiséad an Aontais a mhaoiniú
Is iad ranníocaíochtaí na mBallstát príomhfhoinsí ioncaim bhuiséad 2021-2027, ranníocaíochtaí atá bunaithe ar a n-ollioncam náisiúnta, ar a n-acmhainní cánach breisluacha agus ar a ndleachtanna custaim.
Conas a mhaoinítear buiséad an Aontais?
Maoinítear caiteachas an Aontais le hioncam ó fhoinsí éagsúla:
- acmhainní dílse, óna dtagann níos mó ná 90% den ioncam
- barrachas ioncaim an Aontais – an méid a bhíonn fágtha san athbhliain tar éis íocaíochtaí na bliana roimpi
- foinsí eile – fíneálacha ar chuideachtaí a sháraíonn dlíthe iomaíochta an Aontais, aisíocaíochtaí agus cánacha ar thuarastail, den chuid is mó
Leis an ‘cinneadh maidir le hacmhainní dílse’, mar a thugtar air, leagtar síos an chaoi a maoinítear buiséad an Aontais.
Córas acmhainní dílse an Aontais
Tá ceithre acmhainn dhílse ann faoi láthair le haghaidh bhuiséad an Aontais:
- acmhainní dílse traidisiúnta: dleachtanna custaim den chuid is mó
- ranníocaíochtaí ó na Ballstáit atá bunaithe ar cháin bhreisluacha (CBL)
- ranníocaíochtaí ó na Ballstáit atá bunaithe ar an ollioncam náisiúnta (OIN), a choigeartaítear chun cothromaíocht a bhaint amach idir an t-ioncam agus an caiteachas
- ranníocaíochtaí náisiúnta bunaithe ar an méid dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte arna giniúint ag Ballstát
Bíonn éagsúlacht bheag i sciar na bhfoinsí éagsúla d'ioncam an Aontais ó bhliain go bliain, ach is í acmhainn dhílis an ollioncaim náisiúnta fós an phríomhfhoinse chun buiséad an Aontais a mhaoiniú.
Acmhainní dílse in 2025
Léirítear sa phíchairt miondealú ar acmhainní dílse an Aontais do 2025, dar luach €149.81 billiún san iomlán. Féadtar an t-iomlán a mhiondealú mar a leanas:
- acmhainní dílse traidisiúnta – 14%
- acmhainní dílse bunaithe ar CBL – 16%
- acmhainní dílse bunaithe ar OIN – 65%
- acmhainn dhílis bunaithe ar an dramhaíl ó phacáistíocht – 4.8%
Acmhainní dílse traidisiúnta
Ó cuireadh deireadh leis na tobhaigh siúcra in 2017, is iad na dleachtanna custaim ar allmhairí ó thíortha lasmuigh den Aontas an t-aon chineál acmhainní dílse traidisiúnta atá i mbuiséad an Aontais.
Tá na Ballstáit freagrach as dleachtanna custaim a bhailiú ag a dteorainneacha seachtracha. Le linn na tréimhse 2021-2027, coinníonn na húdaráis náisiúnta 25% de na dleachtanna custaim a bhailítear.
Acmhainn dhílis bunaithe ar CBL
Cuirtear ráta aonfhoirmeach 0.3% i bhfeidhm ar bhonn cánach breisluacha gach Ballstáit, agus ní féidir an bonn CBL is inchánach a bheith níos mó ná 50% de OIN i gcás gach tíre.
Acmhainn dhílis bunaithe ar OIN
Tá an acmhainn dhílis atá bunaithe ar OIN ceaptha le go gcumhdófar an méid is gá chun an t-ioncam agus an caiteachas i mbuiséad an Aontais a chomhardú. Ós rud é nach féidir easnamh a bheith ar bhuiséad an Aontais, ní mór an caiteachas uile in aon bhliain ar leith a chumhdach le hioncam.
Nuair a bhaintear na hacmhainní dílse eile, déanann na Ballstáit ranníocaíochtaí de réir a n-ollioncam náisiúnta leis an difear a dhéanamh suas. Déantar an ráta ranníocaíochta a choigeartú gach bliain chun na hathruithe ar chion coibhneasta na OINanna a chur san áireamh.
Le himeacht ama, mhéadaigh na ranníocaíochtaí bunaithe ar OIN sa chaoi is gurb iad an chomhpháirt is mó i gcóras na n-acmhainní dílse iad anois, as a dtagannníos mó ná 70% d’ioncam an Aontais.
Faigheann roinnt tíortha aisíocaíochtaí – nó lacáistí – a dhéanann an difríocht a laghdú idir an méid a íocann siad isteach i mbuiséad an Aontais Eorpaigh agus an méid a fhaigheann siad uaidh. I gcás bhuiséad 2021- 2027, baineann an tAontas úsáid as ceartúcháin chnapshuime chun na ranníocaíochtaí bliantúla OIN-bhunaithe a dhéanann an Ostair, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Ísiltír agus an tSualainn a laghdú.
Acmhainn dhílis bunaithe ar phlaisteach
Tá an acmhainn dhílis atá bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021.
Déantar an tobhach nua a ríomh ar bhonn mheáchan na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte i ngach Ballstát, agus glaoráta €0.80 in aghaidh an chileagraim i bhfeidhm. Tá sásra i gceist leis an tobhach sin freisin chun tionchar ró-chúlchéimnitheach ar rannchuidithe náisiúnta a sheachaint.
Acmhainní dílse nua le haghaidh bhuiséad an Aontais
An 16 Iúil 2025, mar chuid de phacáiste foriomlán an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI) le haghaidh 2028–2034, mhol an Coimisiún córas ioncaim bhuiséad an Aontais a nuachóiriú agus a éagsúlú.
Tá sé mar aidhm leis an bpacáiste an t-ualach ar na Ballstáit a laghdú agus a chinntiú go ndéanfar tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a chistiú ar bhealach inbhuanaithe. Moltar cúig acmhainn dhílse nua ann, bunaithe ar an méid seo a leanas:
- córas trádála astaíochtaí an Aontais (CTA), rud a ghinfeadh ioncam ó astaíochtaí gás ceaptha teasa
- an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (SCCT), rud a ghinfeadh ioncam ó astaíochtaí leabaithe earraí allmhairithe áirithe san Aontas
- dramhthrealamh leictreonach neamhbhailithe, trí ráta aonfhoirmeach a chur i bhfeidhm ar mheáchan na dramhaíola leictrí (ar nós ríomhairí, fóin chliste, táibléad, teilifíseán, printéirí) nach mbailítear
- dleacht mháil ar thobac, bunaithe ar an dleacht mháil íosta a chuireann gach Ballstát i bhfeidhm ar tháirgí tobac
- acmhainn chorparáideach don Eoraip (ACE), is é sin ranníocaíocht chnapshuime bhliantúil ó gach cuideachta, seachas FBManna, atá ag oibriú agus ag díol san Aontas agus ag a bhfuil glanláimhdeachas bliantúil €100 milliún ar a laghad
De réir mheastacháin an Choimisiúin, d’fhéadfadh na hacmhainní nua, mar aon le coigeartuithe ar na hacmhainní atá ann cheana, thart ar €58.2 billiún a ghiniúint in aghaidh na bliana (i bpraghsanna 2025) nuair a thabharfar isteach iad an 1 Eanáir 2028.
Tá tús curtha cheana féin ag na Ballstáit le scrúdú a dhéanamh ar an togra i Meitheal na Comhairle um Acmhainní Dílse.
Féach freisin
Buiséad fadtéarmach an Aontais Eorpaigh
Buiséad bliantúil an Aontais
An t-athrú aeráide: a bhfuil á dhéanamh ag an Aontas
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Deireadh Fómhair 2025