Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
- 447 Torthaí
Mar a fhreagraíonn an tAontas ar ghéarchéimeanna agus mar a chuireann sé le hathléimneacht
Tá an tAontas ag obair i réimsí éagsúla chun gur fearr a bheidh sé in ann freagairt ar ghéarchéimeanna agus chun feabhas a chur ar a athléimneacht i leith dúshláin a bheidh ann amach anseo.

Rialacha cistiúcháin CBT 2023-2027
Is é is aidhm don chomhbheartas talmhaíochta athchóirithe 2023-2027 an fheirmeoireacht san Aontas a dhéanamh níos cothroime, níos glaise agus níos dírithe ar thorthaí.

Stoic éisc a chomhroinntear idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe
Ó mhí Eanáir 2021 i leith, déantar cearta iascaireachta maidir le stoic a chomhroinntear idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a shainiú i gcomhairliúcháin bhliantúla dhéthaobhacha.

An tSlándáil Mhuirí
Cosnaíonn an tAontas a leasanna, a shaoránaigh agus a luachanna, agus tugann sé aghaidh ag an am céanna ar dhúshláin slándála, mar shampla ionsaithe ar bhonneagar faoi uisce, cibearbhagairtí agus rioscaí a bhaineann leis an scáthchabhlach.

An comhaontú domhanda maidir le paindéimí i mbeagán focal
Faigh tuilleadh eolais faoi chonradh idirnáisiúnta ar phaindéimí, lena ndírítear ar shlándáil sláinte dhomhanda, ullmhacht agus freagairt ar éigeandálaí sláinte a threisiú, i bhfianaise na gceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID.

Míniú ar tharaifí an Aontais
Tá earraí a allmhairítear isteach san Aontas ón gcuid eile den domhan faoi réir taraifí a leanann rialacha agus prionsabail na hEagraíochta Domhanda Trádála.

Bratach an Aontais Eorpaigh
Is í bratach an Aontais an tsiombail is inaitheanta den Aontas Eorpach. Ní hamháin go léiríonn sí an tAontas, ach cuireann sí féiniúlacht chomhroinnte agus aontacht na hEorpa in iúl freisin. Seasann sí don chomhar, don dlúthpháirtíocht agus don tsíocháin i measc mhuintir na hEorpa.

Léargas ar oibrithe ar ardáin dhigiteacha san Aontas
Tá rialacha glactha ag an Aontas chun feabhas a chur ar dhálaí oibre d’oibrithe ardáin trí aghaidh a thabhairt ar mhí-aicmiú, an trédhearcacht a fheabhsú, agus trí shonraí pearsanta a chosaint.

An trádáil idir an tAontas agus Singeapór: fíricí agus figiúirí
B’fhiú breis agus €132 bhilliún trádáil earraí agus seirbhísí idir an tAontas agus Singeapór in 2023.

Tásca geografacha le haghaidh bianna agus deochanna
Le scéimeanna cáilíochta an Aontais déantar oidhreacht táirgí talmhaíochta an Aontais a choimirciú. Is tríothu sin a aithníonn tomhaltóirí táirgí ar ardchaighdeán agus cuireann siad deiseanna sa mhargadh ar fáil do tháirgeoirí, táirgeoirí taobh amuigh den Aontas ina measc.
