Cúig chúis le suim a chur sa bhfhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha (AMR)
Tarlaíonn frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha (AMR) nuair a mhaireann miocrorgánach in ainneoin gur nochtadh é do chógais atá ceaptha é a chosc nó a mharú.
Is iad ró-úsáid agus mí-úsáid ábhar frithmhiocróbach is mó a spreagann frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha (AMR). Ábhair fhrithmhiocróbacha — ina measc antaibheathaigh, frithvíreasaigh, frithfhungasaigh agus frithsheadánacha — a úsáidtear chun ionfhabhtú i ndaoine, in ainmhithe nó i bplandaí a chosc agus a chóireáil.
Is mar seo a tharlaíonn AMR de ghnáth:
An 13 Meitheamh 2023, ghlac an Chomhairle moladh chun AMR a chomhrac. Féachtar sa tionscanamh le húsáid fhreagrach ábhar frithmhiocróbach a chur chun cinn, cosc agus rialú ionfhabhtaithe a fheabhsú, agus taighde agus nuálaíocht a mhéadú, i measc gníomhaíochtaí eile.
1. Ionfhabhtaíonn baictéir fhrithsheasmhacha 800 000 duine in aghaidh na bliana
In 2020, ionfhabhtaíodh os cionn 800 000 duine le baictéir atá frithsheasmhach in aghaidh antaibheathach san Eoraip. I measc na ngalar a bhí mar thoradh air sin, bhí niúmóine agus ionfhabhtuithe fola agus ionfhabhtuithe laistigh den bholg.
In ainneoin laghdú beag in 2020, tá líon na n-ionfhabhtuithe ag fás
Léirítear sa ghraf seo líon measta na n-ionfhabhtuithe ina bhfuil baictéir atá frithsheasmhach in aghaidh antaibheathach san Aontas agus sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE).
Líne-chairt de líon na n-ionfhabhtuithe ina bhfuil baictéir atá frithsheasmhach in aghaidh antaibheathach san Aontas agus in LEE sa tréimhse 2016- 2020.
Tháinig méadú ar líon na n-ionfhabhtuithe gach bliain idir 2016 agus 2019; le 685 433 ionfhabhtú in 2016 agus 865 767 in 2019. Tá líon na n-ionfhabhtuithe níos ísle in 2020, 801 517, b’fhéidir de bharr athruithe ar chleachtais faireacháin agus cúraim sláinte le linn phaindéim COVID-19 agus leis na bearta a rinneadh chun leathadh an víris a rialú.
De réir ECFE, tarlaíonn 70% d’ionfhabhtuithe i suíomhanna cúraim sláinte. Cuireann AMR isteach ar obráidí, ar thrasphlanduithe, ar dhianchúram, agus ar shláinte daoine a bhfuil córais imdhíonachta lagaithe acu, mar shampla othair ailse, ar féidir le hionfhabhtú simplí a bheith ina gcúis bháis dóibh.
Is iad na grúpaí is leochailí páistífaoi bhun 12 mhí d’aois agus daoine fásta os cionn 70. Is mó an seans freisin gur fir seachas mná a bhuailfear le ionfhabhtú frithsheasamhach.
2. In 2020 san Eoraip bhásaigh 100 duine in aghaidh an lae de AMR
Tá ionfhabhtuithe a d’fhéadtaí a leigheas san am atá caite tar éis éirí deacair nó fiú dodhéanta a chóireáil. Má leanann AMR ag forbairt, is féidir le gearrthacha beaga agus ionfhabhtuithe beaga agus lialanna a bheith bagrach don bheatha.
Maraíonn ionfhabhtuithe atá frithsheasmhach in aghaidh drugaí 35 000 duine gach bliain
Léirítear sa ghraf seo líon measta na n-ionfhabhtuithe ina bhfuil baictéir atá frithsheasmhach in aghaidh antaibheathach san Aontas agus sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE).
Cairt limistéir de líon na n-ionfhabhtuithe ina bhfuil baictéir atá frithsheasmhach in aghaidh antaibheathach san Aontas agus in LEE sa tréimhse 2016- 2020. Chuaigh líon na n-ionfhabhtuithe i méad gach bliain idir 2016 agus 2019; bhí 30 730 ionfhabhtú in 2016 agus 38 710 in 2019.
In 2020, tháinig laghdú ar líon na mbásanna go dtí 35 813. Is é 35 813 líon na bpaisinéirí a mbeadh spás ann dóibh ar 13 long cúrsála, geall leis.
Is sa Ghréig agus san Iodáil a bhí na rátaí báis ab airde
Léirítear sa ghraf seo an líon measta básanna in 2020 in aghaidh gach 100 000 duine de réir tíre arbh é AMR ba chúis leo.
Barrachairt de líon na mbásanna in aghaidh an 100 000 duine san Aontas agus i dtíortha LEE arbh í frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh ba chúis leo.
Sa chairt, seasann an Ghréig amach mar an tír ina bhfuil an ráta báis is airde, le 20 bás in aghaidh 100 000 duine, agus an Iodáil ina dhiaidh sin, agus 19 mbás in aghaidh 100 000 duine.
Is iad an Iorua agus an Ísiltír na tíortha a bhfuil na rátaí báis is ísle acu, le 2 bhás in aghaidh 100 000 duine.
Is é meán an Aontais ná 6 bhás in aghaidh 100 000 duine.
3. Tá AMR le sonrú in ainmhithe, i bplandaí agus sa timpeallacht
Úsáidtear ábhair fhrithmhiocróbacha freisin chun beostoc, dobharshaothrú, agus ainmhithe a chóireáil. Sroicheann siad an timpeallacht freisin trí fhual agus eisfhearadh an duine agus ainmhithe, diúscairt mhí-oiriúnach cógas agus úsáid aoiligh éillithe sa talmhaíocht. Mar thoradh air sin, tá iarmhair in ithir, in uisce agus i bplandaí freisin, rud a mhéadaíonn an baol go ndéanfar tuilleadh éillithe.
Is airde anois tomhaltas antaibheathach i ndaoine ná i mbia-ainmhithe
Léirítear sa ghraf thíos tomhaltas frithmhiocróbach in ainmhithe feirmshaothraithe, i gcomparáid le daoine. Tá laghdú ag teacht ar úsáid antaibheathach i mbia-ainmhithe.
Líne-chairt maidir le tomhaltas ábhar frithmhiocróbach in ainmhithe feirmshaothraithe, i gcomparáid le daoine.
Tá laghdú ar úsáid antaibheathach i mbia-ainmhithe ó 154.7 mg de chomhábhar gníomhach ábhar frithmhiocróbach in aghaidh an kg bhithmhaise in 2014 go dtí 104.8 mg in 2018, agus ardú ar an úsáid i ndaoine, ó 125.3 mg in 2014 go 131.7 in 2018.
Cé go bhfuil laghdú ag teacht ar thomhaltas ábhar frithmhiocróbach i measc ainmhithe, cuireann a mí-úsáid ainmhithe agus daoine araon i mbaol i gcónaí, toisc gur féidir le hainmhithe baictéir fhrithsheasmhacha a tharchur chuig daoine trí theagmháil dhíreach nó tríd an slabhra bia.
4. Baineann costais shuntasacha cúraim sláinte le baictéir fhrithsheasmhacha a chomhrac
Is é €1.1 billiún in aghaidh na bliana costas measta AMR do chórais cúraim sláinte san Eoraip.
Nuair nach bhfreagraíonn ionfhabhtú ar chóireáil fhrithmhiocróbach chéad líne (an rogha cóireála is éifeachtaí agus is sábháilte don othar), casann gairmithe cúraim sláinte ar mhalairtíníos costasaí, drugaí dara agus tríú líne mar shampla (na roghanna cóireála deireanacha atá ar fáil). Uaireanta bíonn tréimhsí níos faide san ospidéal de dhíth ar aimhréidheanna nó fad níos faide galair nó cóireála, agus na costais chomhfhreagracha a ghabhann leo.
Tá an fhrithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach ag fás
Léirítear sa ghraf seo go bhfuil AMR in aghaidh antaibheathach dara líne agus tríú líne, a úsáidtear nuair atá baictéir frithsheasmhach in aghaidh antaibheathach coitianta, ard agus meastar go leanfaidh sé de bheith ag méadú i dtíortha AE/LEE. De réir saineolaithe, mura ndéanfar aon ghníomhaíocht éifeachtach, cruthóidh AMR ualach suntasach sláinte agus eacnamaíoch.
Líne-chairt den fhrithsheasmhacht fhrithmhiocróbach in aghaidh antaibheathach den chéad líne, den dara líne agus den tríú líne, i gcás ina meastar go dtiocfaidh laghdú 11% ar an bhfrithsheasmhacht in aghaidh antaibheathaigh chéad líne in 2050 i gcomparáid le 2005, agus go dtiocfaidh méadú 72% agus 119% faoi seach ar an bhfrithsheasmhacht in aghaidh antaibheathaigh dara líne agus tríú líne faoi 2050, i gcomparáid le 2005.
5. Déanann AMR dochar don gheilleagar
Bíonn tionchar díreach ag breoiteacht agus básmhaireacht fhada ar ár ngeilleagair. Is féidir le AMR cur isteach freisin ar thrádáil beostoic agus táirgí beostoic, toisc go mbíonn tionchar aige ar shláinte agus leas ainmhithe agus ar a dtáirgiúlacht dá bharr sin.
Is mó an tionchar a bheidh ag frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha ar OTI an domhain
Léirítear sa ghraf seo na caillteanais eacnamaíocha a d’fhéadfadh teacht as tionchar AMR ar shláinte oibrithe agus ar shláinte ainmhithe mura ndéantar aon ghníomhaíocht éifeachtach.
Líne-chairt de na caillteanais eacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar thionchar na frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha ar shláinte oibrithe agus ar shláinte ainmhithe mura ndéantar aon ghníomhaíocht éifeachtach.
I gcás dearfach ina mbeidh frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach íseal ann, meastar go mbeidh an t-ualach eacnamaíoch suntasach agus go gcaillfear 1.1% de OTI ar an leibhéal domhanda in 2050.
I gcás diúltach ina mbeidh frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach ard ann, meastar go mbeidh na costais eacnamaíocha dian agus go gcaillfear 3.8% de OTI ar an leibhéal domhanda in 2050.
An t-athbhreithniú deireanach: an 29 Lúnasa 2025