An chaoi a ndéanann an tAontas ábhar díobhálach ar líne a chomhrac
Tá sé mar aidhm ag an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha idirlíon níos sábháilte agus níos trédhearcaí a chruthú. Trí ardáin ar líne a dhéanamh cuntasach as an mbealach a ndéanann siad ábhar a bhainistiú agus a mhodhnú, cuidíonn an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha le scaipeadh ábhair dhíobhálaigh ar líne a chomhrac.
An chaoi a gcabhraíonn an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha le dul i ngleic le hábhar díobhálach
Le teacht chun cinn na meán sóisialta agus ardán ar líne, is féidir le faisnéis bhréagach nó mhíthreorach scaipeadh go tapa, rud a mhúnlaíonn tuairimí an phobail, a bhaineann an bonn ó mhuinín an phobail agus a chuireann próisis dhaonlathacha agus comhtháthú sochaíoch i mbaol.
Cuidíonn Gníomh an Aontais um Sheirbhísí Digiteacha leis an mbolscaireacht, an mhífhaisnéis agus an bhréagnuacht ar líne a chomhrac trí na diancheanglais seo a leanas a thabhairt isteach d’ardáin ar líne:
An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha
cuntasacht as ábhar neamhdhleathach agus fíneálacha as neamhchomhlíonadh
measúnuithe riosca ar fhaisnéis dhíobhálach
trédhearcacht maidir leis an gcaoi a n-oibríonn algartaim
uirlisí tuairiscithe d’úsáideoirí agus rialacha fógraíochta níos déine
freagairt ar ghéarchéimeanna chun srian a chur le faisnéis bhréagach le linn éigeandálaí
iniúchtaí neamhspleácha ar iarrachtaí i gcoinne ábhar neamhdhleathach
Na difríochtaí idir bolscaireacht, mífhaisnéis agus bréagnuacht
bolscaireacht
fíricí a ndearnadh ionramháil orthu chun tionchar a imirt ar thuairimí an phobail
mífhaisnéis
faisnéis bhréagach nach mbaineann rún mailíseach léi
bréagnuacht
faisnéis mhíthreorach chun dallamullóg a chur ar dhaoine
Bíonn tionchar ag bolscaireacht, mífhaisnéis agus bréagnuacht ar dhaoine ar bhealaí éagsúla, ach is fíor go bhfuil ról ag gach ceann acu maidir le casadh a chur san fhírinne.
Is éard is bolscaireacht ann faisnéis a dhéantar d'aon ghnó agus a dháiltear chun tionchar a imirt ar an mbealach a smaoiníonn daoine nó a n-iompraíonn siad iad féin, de ghnáth chun tacú le clár oibre polaitiúil nó idé-eolaíoch. Féadfaidh rian den fhírinne a bheith i gceist leis an mbolscaireacht, ach de ghnáth bíonn sí aontaobhach nó claonta, agus cuirtear béim ar dhearcthaí áirithe ar bhealach straitéiseach.
Is éard is mífhaisnéis ann faisnéis nach bhfuil ceart ach a scaipeann daoine a chreideann gur fíor í ach gan é a bheith de rún acu an dallamullóg a chur ar dhaoine eile. Is féidir le mífhaisnéis eascairt as míthuiscintí, ráflaí nó taighde easnamhach.
Is éard is bréagnuacht ann nuacht bhréagach nó áibhéalach a cheaptar d'aon ghnó chun daoine a chur amú, mearbhall a chruthú nó cláir oibre fholaithe a chur chun cinn. Is minic a chuirtear an bhréagnuacht i láthair ar bhealach a dhéanann aithris ar fhíorthuairiscí nuachta.
Bréagnuacht san Aontas
Tá scaipeadh ábhair dhíobhálaigh ar líne fós ina shaincheist mhór san Aontas, go háirithe maidir le himeachtaí polaitiúla. In 2018, breathnaíodh i suirbhé Eorabharaiméadair ar cé chomh feasach agus a bhí saoránaigh an Aontais ó thaobh bréagnuacht ar líne agus ar a ndearcthaí ina leith.
Tagann 65% de mhuintir na hEorpa ar an mbréagnuacht roinnt uaireanta sa mhí
Foinse: Eorabharaiméadar 464
Tá 71% de dhaonra na mBallstát muiníneach gur féidir leo bréagnuacht a aithint
Foinse: Eorabharaiméadar 464
Is sa raidió is mó a chuirtear iontaoibh agus is i líonraí sóisialta is lú a chuirtear iontaoibh ó thaobh nuachta de
Foinse: Eorabharaiméadar 464
Féach freisin
An Gníomh um Margaí Digiteacha
Sábháilteacht ar líne
Ríomhthráchtáil san Aontas
An t-athbhreithniú deireanach: an 31 Iúil 2025