Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
- 449 Torthaí
Inbhuanaitheacht chorparáideach
D’fhorbair an tAontas beartais inbhuanaitheachta corparáidí le haghaidh gnólachtaí agus é mar aidhm leo cosaint don chomhshaol agus do chearta an duine a fheabhsú san Aontas agus níos faide i gcéin.

An chaoi ar mhúnlaigh conarthaí an Aontais Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Chomhairle Eorpach
Tá an tAontas Eorpach bunaithe ar chonarthaí idirnáisiúnta a chomhaontaigh tíortha uile an Aontais. Le himeacht ama, rinne na conarthaí sin róil agus freagrachtaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus na Comhairle Eorpaí a shainiú de réir a chéile.

An sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac san Aontas
Le rialacha an Aontais maidir leis an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac, cosnaítear a chóras airgeadais agus cuirtear leis an tslándáil agus leis an bhfás.

Soláthar comhoibríoch cosanta
Éascaíonn an tAontas soláthar comhoibríoch trí thionscnaimh éagsúla. Leis an gcomhar idir na Ballstáit maidir le soláthar cosanta, tá éifeachtúlacht agus coigilteas costais níos fearr ann.

Cén fhreagairt a thug an tAontas ar an ngéarchéim fuinnimh in 2022?
Ba é cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin ba chúis le géarchéim fuinnimh nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe san Eoraip in 2022. Sheas tíortha an Aontais le chéile agus chuidigh a bhfreagairt le praghsanna a choinneáil íseal.

Trádáil idir an tAontas agus an Afraic: fíricí agus figiúirí
Leis an gcomhpháirtíocht idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach, cuirtear todhchaí faoi shíocháin agus faoi bhláth chun cinn agus í bunaithe ar chomhar idirnáisiúnta riailbhunaithe.

An plean REPowerEU: beartas fuinnimh maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta thíortha an Aontais
Is mian leis an Aontas plean REPowerEU a úsáid chun deireadh a chur lena spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise trí fhuinneamh a shábháil, soláthairtí a éagsúlú agus dlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glan.

Deireadh a chur le hallmhairí fuinnimh ón Rúis
Tá an tAontas ag gníomhú chun deireadh a chur le hallmhairí fuinnimh ón Rúis agus chun a spleáchas fuinnimh a laghdú, agus soláthairtí agus praghsanna cobhsaí fuinnimh á gcoinneáil ar bun ar fud na hEorpa ag an am céanna.

An Bhealarúis
Seasann an tAontas Eorpach le muintir na Bealarúise. Cáineann sé sáruithe ar chearta an duine sa Bhealarúis, ionsaithe hibrideacha na Bealarúise i gcoinne an Aontais agus a rannpháirtíocht i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.

Rún an Aontais borradh a chur faoin intleacht shaorga le sár-ríomhairí
Le rialacha nua an Aontais, tugtar rochtain ar shár-ríomhairí do ghnólachtaí nuathionscanta agus do FBManna chun an intleacht shaorga a thástáil agus a fhorbairt.
