Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
- 30 Torthaí
Beartas tionsclaíoch an Aontais
Is é is aidhm do bheartas tionsclaíoch an Aontais iomaíochas thionscal an Aontais a neartú agus geilleagar níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos digitithe a chur chun cinn lena gcruthófar poist.

Ríomhthráchtáil san Aontas
Faigh tuilleadh eolais faoin ríomhthráchtáil san Aontas agus faoin tionchar a bheidh ag an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha ar an earnáil.

Iompar d’iarnród
Tá an tAontas agus na Ballstáit ag obair le chéile chun gréasán iarnróid níos nasctha, níos sábháilte agus níos inbhuanaithe a fhorbairt.

Díospóidí tomhaltóirí a réiteach
Tá roinnt uirlisí agus sásraí curtha i bhfeidhm ag an Aontas chun tomhaltóirí a chosaint i gcás go dtagann fadhbanna chun cinn agus táirge nó seirbhís á gceannach acu in aon tír san Aontas.

Sábháilteacht bréagán
Cinntíonn rialacha an Aontais go bhfuil na bréagáin a chuirtear ar mhargadh an Aontais ar na bréagáin is sábháilte ar domhan.

Cosaint tomhaltóirí: táirgí airgeadais
Tá roinnt ceart bunúsach sainithe ag an Aontas chun tomhaltóirí a chosaint nuair a úsáideann siad táirgí agus seirbhísí airgeadais, mar shampla nuair a bhíonn cuntas bainc á oscailt acu, airgead á aistriú acu, infheistíocht á déanamh acu, iasacht mhorgáiste nó creidmheas tomhaltóra á bhfáil nó plean pinsin á bhunú acu.

Ceimiceáin
Is ríthábhachtach iad substaintí ceimiceacha i ngach gné den saol agus tá teacht orthu i dtáirgí coitianta. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go ndéantar bainistiú fónta ar na ceimiceán chun an duine agus an comhshaol a chosaint.

Teicnící nua géanómaíocha le haghaidh pórú plandaí
Is féidir le modhanna nua póraithe plandaí slándáil an tsoláthair bia a mhéadú agus éifeachtaí an athraithe aeráide a mhaolú. Tá rialacha nua á dtabhairt isteach ag an Aontas chun go mbeimid in ann tairbhe a bhaint as na modhanna sin agus chun a chinntiú go n-úsáidfear go sábháilte iad agus go mbeidís ina spreagadh don nuálaíocht.

An ceart chun táirgí a dheisiú
Tá dreasachtaí cruthaithe ag an Aontas do tháirgeoirí agus tomhaltóirí chun go mbeidh sé níos fusa agus níos tarraingtí táirgí a dheisiú, chun an dramhaíl a laghdú agus samhlacha gnó níos inbhuanaithe a chur chun cinn.

Ón bhfeirm go dtí an forc
Is é príomhsprioc an Aontais maidir leis an obair a dhéantar ar an mbeartas ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ ná bia na hEorpa a dhéanamh níos sláintiúla agus níos inbhuanaithe.
