Ríomhthráchtáil san Aontas
Fíricí agus figiúirí
Tá ríomhthráchtáil - ceannach earraí nó seirbhísí tríd an idirlíon - lárnach in iompar tomhaltóirí san Aontas.
In 2024, cheannaigh 77 % d’úsáideoirí idirlín earraí nó seirbhísí ar líne. Tháinig méadú ar sciar na gcustaiméirí ar líne ó 57% in 2010 go 77% in 2024, méadú 20 phointe céatadáin.
Is iad na daoine idir 25 agus 44 bliana d’aois na custaiméirí ar líne is mó
In 2024, ghlac aosaigh óga agus daoine meánaosta san Aontas go forleathan leis an tsiopadóireacht ar líne. Rinne 89 % d’úsáideoirí idirlín idir 25 agus 34 bliana d’aois siopadóireacht ar líne, agus, ina dhiaidh sin, rinne 86 % díobh siúd idir 35 agus 44 bliana d’aois amhlaidh.
Céatadán na n-úsáideoirí idirlín a cheannaíonn ar líne de réir aoisghrúpa in 2024
Céatadán na n-úsáideoirí idirlín a cheannaíonn ar líne de réir aoisghrúpa in 2024:
- 16 go 24 bliana d’aois: 83 %
- 25 go 34 bliana d’aois: 89 %
- 35 go 44 bliana d’aois: 86 %
- 45 go 54 bliana d’aois: 78 %
- 55 go 64 bliana d’aois: 67 %
- 65 go 74 bliana d’aois: 53 %
Dá mhéad oideachais atá ort, is mó an seans go gceannóidh tú ar líne
Rinne 89% de dhaoine a bhfuil ardleibhéal oideachais orthu ceannachán ar líne in 2024, i gcomparáid le 58% de dhaoine nach bhfuil mórán oideachais fhoirmiúil orthu ná nach bhfuil aon oideachas foirmiúil orthu.
Siopadóireacht ar líne de réir leibhéal oideachais in 2024
- Oideachas foirmiúil ar bith nó oideachas foirmiúil íseal (oideachas meánscoile sóisearach): 58 % d’úsáideoirí idirlín a cheannaigh ar líne.
- Meánoideachas foirmiúil (oideachas meánscoile sinsearach nó oideachas iar-mheánscoile neamhthreasach): 76 % d’úsáideoirí idirlín a cheannaigh ar líne.
- Ardoideachas foirmiúil ( an t-oideachas a chuireann ollscoileanna, coláistí, institiúidí oiliúna teicniúla agus gairmscoileanna ar fáil): 89 % d’úsáideoirí idirlín a cheannaigh ar líne.
Is iad éadaí, bróga, agus gabhálais na hearraí is mó a cheannaítear ar líne
In 2024, i measc na n-earraí ba mhinice a ceannaíodh ar líne bhí éadaí, bróga, gabhálais, earraí cultúrtha, seirbhísí iompair agus ticéid le haghaidh imeachtaí.
Céatadán na ndaoine a cheannaigh ar líne de réir an chineáil earra nó seirbhíse in 2024
Ríomhthráchtáil de réir Bhallstát an Aontais
Is in Éirinn, san Ísiltír agus sa Danmhairg atá na rátaí is airde de shiopadóireacht ar líne, agus ceannaíonn os cionn 90 % d’úsáideoirí idirlín sna tíortha sin earraí nó seirbhísí ar líne. Tá na rátaí is ísle ag tíortha ar nós na Bulgáire, na hIodáile agus na Rómáine, le níos lú ná 60 % d’úsáideoirí idirlín ag siopadóireacht ar líne.
Idir 2010 agus 2024, chonacthas an fás ba shuntasaí ar shiopadóireacht ar líne san Eastóin (méadú 56 phointe céatadáin), sa Liotuáin (+55 phointe céatadáin) agus san Ungáir (+51 bpointe céatadáin).
Úsáideoirí idirlín a rinne ceannacháin ar líne in 2024 i gcomparáid le 2010
Léirítear sa ghraf céatadán na n-úsáideoirí idirlín a rinne ceannacháin ar líne in 2024 i gcomparáid le 2010.
In 2024, ba in Éirinn (96 %), san Ísiltír (94 %) agus sa Danmhairg (91 %) a bhí na rátaí ab airde siopadóireachta ar líne, agus ba sa Bhulgáir (57 %), sa Rómáin (60 %), agus san Iodáil (60 %) a bhí na rátaí ab ísle.
In 2010, sa Danmhairg (76.1 %), san Ísiltír (74 %), agus sa Ghearmáin (72.7 %) a bhí na rátaí ab airde siopadóireachta ar líne, agus ba sa Rómáin (9.1 %), sa Bhulgáir (11 %), agus sa Liotuáin (17.3 %) a bhí na rátaí ab ísle.
Na hathruithe atá i ndán don ríomhthráchtáil faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha
Is iad cuspóirí an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha, a glacadh i mí Dheireadh Fómhair 2022, timpeallacht ar líne atá níos sábháilte, níos trédhearcaí agus níos iomaíche a chruthú d’úsáideoirí agus cuideachtaí digiteacha, agus cearta bunúsacha a chosaint sa spás digiteach.
Leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, tugadh roinnt príomhathruithe isteach a mbíonn tionchar acu ar an ríomhthráchtáil.
trédhearcacht mhéadaithe
ní mór do dhíoltóirí eolas níos soiléire ar tháirgí agus seirbhísí a chur ar fáil anois
cosaint fheabhsaithe do thomhaltóirí
forálacha feabhsaithe chun tomhaltóirí a chosaint ar ábhar díobhálach agus ar chalaois
rialacháin fógraíochta níos déine
ní mór d’fhógraí spriocdhírithe a bheith níos trédhearcaí agus is gá breis smachta a thabhairt d’úsáideoirí
cuntasacht ardáin
ní mór do mhargaí gníomhú go tapa i gcoinne táirgí neamhdhleathacha
Féach freisin
An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha
Cosaint tomhaltóirí
An chaoi a ndéanann an tAontas ábhar díobhálach ar líne a chomhrac
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Iúil 2026