Sábháilteacht bréagán
Cinntíonn rialacha an Aontais go bhfuil na bréagáin a chuirtear ar mhargadh an Aontais ar na bréagáin is sábháilte ar domhan.
Ceanglais sábháilteachta maidir le bréagáin
Tá rialacha sábháilteachta bréagán an Aontais i measc na rialacha is déine ar domhan. Tá sé d'aidhm acu leanaí a chosaint agus saorghluaiseacht na mbréagán sa mhargadh aonair a éascú.
Leagtar síos i rialacha an Aontais na buncheanglais sábháilteachta nach mór do bhréagáin a chomhlíonadh chun go gcuirfear ar mhargadh an Aontais iad, gan beann ar cibé acu san Aontas nó i dtríú tíortha a mhonaraítear iad.
De réir rialacha an Aontais, sula gcuirfear bréagán ar an margadh, ní mór do na monaróirí measúnú sábháilteachta a dhéanamh a mhéid a bhaineann le rioscaí áirithe: guaiseacha ceimiceacha, fisiceacha agus meicniúla, leictreacha, inadhainteachta, sláinteachais agus radaighníomhaíochta.
Airíonna fisiceacha agus meicniúla
Airíonna leictreacha
Inadhainteacht
Ceanglais sláinteachais
Substaintí ceimiceacha
Guaiseacha radaighníomhaíochta
Ní mór an lógó CE a mharcáil ar bhréagáin freisin, rud a léiríonn go bhfuil siad i gcomhréir le caighdeáin sábháilteachta an Aontais.
Cinntíonn an mharcáil CE gur féidir le tomhaltóirí an Aontais a cheannaíonn bréagáin tairbhe a bhaint as ardleibhéal cosanta sláinte, sábháilteachta agus comhshaoil.
Ba iad bréagáin an dara táirge ba mhó ar tugadh fógra ina leith ar chóras mear-rabhaidh an Aontais um tháirgí contúirteacha tomhaltóirí in 2023.
I mí Dheireadh Fómhair 2025, ghlac an Chomhairle an rialachán maidir le sábháilteacht bréagán chun sábháilteacht bréagán a mhéadú a thuilleadh. Cuireann an téacs nua le leibhéil chosanta an rialacháin atá ann cheana trí cheimiceáin dhíobhálacha i mbréagáin a thoirmeasc nó a shrianadh. Feabhsaíonn sé an forfheidhmiú freisin a bhuí leis an bpas nua táirge digiteach, a úsáidtear le haghaidh bréagáin a dhíoltar ar líne freisin.
Chun am a thabhairt do na gníomhaithe tionscail na rialacha nua a chur chun feidhme go héifeachtúil, leagtar idirthréimhse 4.5 bliana síos sa chomhaontú.
Cosaint ar cheimiceáin
Leis na rialacha nuashonraithe, méadaítear an chosaint ar cheimiceáin dhíobhálacha.
Chomh maith le substaintí atá carcanaigineach, só-ghineach nó tocsaineach don atáirgeadh agus a bhfuil toirmeasc orthu cheana féin i reachtaíocht a glacadh roimhe seo, cuireann na rialacha nua toirmeasc freisin ar thacar méadaithe ceimiceán a mbíonn tionchar acu ar an gcóras inchríneach (suaiteoirí inchríneacha) nó ar an gcóras riospráide nó atá tocsaineach d’orgán ar leith.
Suaiteoirí inchríneacha
Ceimiceáin a imríonn tionchar ar an gcóras riospráide
Ceimiceáin atá tocsaineach d’orgán ar leith
Cuireann na rialacha nua toirmeasc freisin ar úsáid substaintí a aicmítear mar shubstaintí carcanaigineacha, substaintí só-ghineacha nó substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh. I measc na srianta eile tá:
- toirmeasc ginearálta ar chatagóirí áirithe ceimiceán íograithe craicinn (is substaintí ceimiceacha iad seo a spreagann freagairt ailléirgeach tar éis teagmháil leis an gcraiceann)
- toirmeasc ar bhréagáin a bhfuil feidhm bhithicídeach acu
- toirmeasc ar bhréagáin a chóireáil le táirgí bithicídeacha (cé is moite de na bréagáin atá beartaithe a bheith lasmuigh i gcónaí)
- teorainn le húsáid leasaitheach
- toirmeasc ar ailléirginí cumhráin a úsáid i mbréagáin atá beartaithe do leanaí níos óige ná 3 bliana d’aois
- toirmeasc teoranta ar shubstaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile a úsáid d’aon ghnó i mbréagáin (seachas i gcás feidhmeanna leictreonacha riachtanacha bréagán i gcás nach mbeidh leanaí in ann teacht ar an tsubstaint nó ar an meascán)
- toirmeasc ar 10 mbisfeanóil a bheith i mbréagáin
Pas digiteach
Leis na rialacha nua, laghdófar líon na mbréagán neamhchomhlíontach nó neamhshábháilte ar mhargadh an Aontais a thuilleadh de bharr forfheidhmiú níos fearr.
Faoin reachtaíocht nua, ní mór pas táirge digiteach a bheith ag gach bréagán, ina dtabharfaí eolas maidir le comhlíonadh rialacha an Aontais. Is féidir leis na húdaráis rialaithe teorann córas nua TF a úsáid chun na pasanna sin a scanadh.
Bheadh ar allmhaireoirí pasanna táirge digiteacha a chur isteach le haghaidh gach bréagáin ag teorainneacha an Aontais, na cinn a dhíoltar ar líne san áireamh.
Trí laghdú a dhéanamh ar líon na mbréagán neamhshábháilte atá fós á ndíol san Aontas, go háirithe ar líne, ba cheart an cothrom iomaíochta a fheabhsú idir na bréagáin a mhonaraítear san Aontas agus na bréagáin a allmhairítear isteach san Aontas.
Is den ríthábhacht é sin do thionscal bréagán an Aontais, tionscal ina bhfuil 50 000 post, agus an chuid is mó díbh sin i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide.
Oibleagáidí na n-oibreoirí eacnamaíocha agus na margaí ar líne
Leis na rialacha nua, tugtar isteach roinnt feabhsuithe chun na ceanglais ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar sholáthraithe margaí ar líne a shoiléiriú agus a neartú, i gcomhréir leis na hoibleagáidí a fhorchuirtear le dlíthe an Aontais is infheidhme maidir le bréagáin.
Ceanglófar ar na monaróirí an méid seo a leanas a dhéanamh:
- na rabhaidh a mharcáil ar bhealach atá sothuigthe do thomhaltóirí
- oibreoirí eacnamaíocha eile sa slabhra dáilte a chur ar an eolas faoi aon saincheisteanna maidir le comhréireacht táirgí
Beidh ar na hallmhaireoirí bréagán an táirgeoir agus na húdaráis um fhaireachas margaidh a chur ar an eolas freisin má tá amhras orthu go bhfuil riosca ag baint le bréagán.
Díolacháin ar líne
Ós rud é go bhfuil ról tábhachtach ag na soláthraithe margaí ar líne ó thaobh idirghabháil a dhéanamh idir trádálaithe agus tomhaltóirí agus bréagáin á ndíol nó á gcur ar an margadh, measfar gur ábhar neamhdhleathach iad na bréagáin nach bhfuil i gcomhréir leis an rialachán maidir le sábháilteacht bréagán chun críocha an ghnímh um sheirbhísí digiteacha.
Leagtar amach freisin sa téacs reachtach nua oibleagáidí a bhaineann go sonrach le bréagáin do sholáthraithe margaí ar líne. Mar shampla, ceanglaítear leis go ndéanfar comhéadain na margaí ar líne a cheapadh agus a eagrú ar bhealach a chuirfidh ar chumas oibreoirí eacnamaíocha an méid seo a leanas a thaispeáint:
- an comhartha CE, aon rabhadh atá riachtanach don tomhaltóir roimh an gceannachán
- nasc chuig an bpas táirge digiteach
Féach freisin
Ceimiceáin
Sábháilteacht táirgí agus faireachas margaidh
Cosaint tomhaltóirí
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Deireadh Fómhair 2025