Teicnící nua géanómaíocha le haghaidh pórú plandaí
Is féidir le modhanna nua póraithe plandaí slándáil an tsoláthair bia a mhéadú agus éifeachtaí an athraithe aeráide a mhaolú. Tá rialacha nua á dtabhairt isteach ag an Aontas chun go mbeimid in ann tairbhe a bhaint as na modhanna sin agus chun a chinntiú go n-úsáidfear go sábháilte iad agus go mbeidís ina spreagadh don nuálaíocht.
Pórú plandaí
Leis na mílte bliain anuas tá daoine ag iarraidh plandaí a fheabhsú chun a chinntiú go mbeadh foinsí nua bia acu, bia a bheidh sábháilte, cothaitheach. Is éard a dhéantaí fadó na barra ba láidre, ba bhlasta nó ba tháirgiúla a roghnú.
I lár an 19ú haois, bhunaigh Gregor Mendel prionsabail na hoidhreachta, arb é is bunús leis an gcros-phórú plandaí – teicníc lena ndéantar tréithe dhá phlanda éagsúla ón speiceas céanna a chomhcheangal. Tháinig athrú ar na teicnící trasphórúcháin le himeacht aimsire.
Plandaí agus a sinsir
Is mór idir na plandaí a shaothraítear sa lá atá inniu ann agus na plandaí a shaothraítí fadó.
An t-Ubhthoradh
An Chóilis
Bananaí
Áis don tslándáil bia
D’fhéadfadh teicnící nua póraithe plandaí cur leis na córais agraibhia inbhuanaithe agus cabhrú linn aghaidh a thabhairt ar dhúshláin, cuir i gcás fabhtanna i slándáil dhomhanda an tsoláthair bia agus an t-athrú aeráide; rachadh sé seo chun tairbhe d’fheirmeoirí, do thomhaltóirí agus don chomhshaol. Leis na modhanna nua, d’fhéadfaí úsáid lotnaidicídí a laghdú agus d’fhéadfaí plandaí a fhorbairt a mbeadh níos lú ailléirginí iontu.
Is féidir le teicnící nua géanómaíocha (TNG) a bheith ina gcabhair agus na plandaí seo a leanas á bpórú:
- plandaí atá aeráid-díonach nó frithsheasmhach in aghaidh lotnaidí
- plandaí a bhfuil méid níos lú leasachán agus lotnaidicídí ag teastáil uathu
- plandaí ar mó a dtáirgeacht
- plandaí ar éifeachtúla an úsáid a bhaineann siad as uisce agus acmhainní nádúrtha eile
Samplaí de phandaí a tháinig ar an saol a bhuí le teicnící nua géanómaíocha
An chruithneacht íseal-ghlútain
An práta atá frithsheasmhach in aghaidh pataigine
arbhar Indiach triomach-chrua
Cén fáth a bhfuil rialacha nua de dhíth ar an Aontas?
Rialaítear teicnící modhnaithe géinte san Aontas faoin reachtaíocht maidir le géinmhodhnú (OGM), ina bhfuil roinnt gníomhartha reachtach.
Faoi láthair, is faoin reachtaíocht OGM a thagann na plandaí a thagann ar an saol a bhuí le teicnící géanómaíocha, de réir rialú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais in 2018.
Murab ionann agus plandaí OGM, áfach, is féidir le plandaí a n-úsáidtear teicnící nua géanómaíocha lena bpórú a bheith an-chosúil nó a bheith comhionann leis na táirgí a phóraítear le gnáththeicnící, nó fiú le plandaí a thagann ar an saol go nádúrtha.
Déantar na plandaí TNG ina bhfuil ábhar géiniteach eachtrach a rialáil faoin reachtaíocht OGM i gcónaí. Is é is aidhm do na rialacha nua soiléireacht dhlíthiúil a thabhairt maidir leis na modhanna nua pórúcháin nachn-úsáideann DNA eachtrach.
Is é is aidhm dóibh rannchuidiú leis na spriocanna seo a leanas de chuid an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus na straitéise ‘ón bhfeirm go dtí an forc’: an bhithéagsúlacht, an t-oiriúnú don athrú aeráide, an tslándáil bia dhomhanda agus an bithgheilleagar.
Agus an rialáil seo á déanamh ar an bpórú plandaí, tá sé mar aidhm ag an Aontas go mbeidh an earnáil sábháilte, trédhearcach, éifeachtach agus iomaíoch.
Teicnící pórúcháin agus reachtaíocht an Aontais
Tá trí phríomhtheicníc ann chun plandaí a phórú.
Gnáththeicnící pórúcháin
Teicnící seanbhunaithe modhnaithe ghéinitigh (OGM)
Teicnící nua géanómaíocha (TNG)
Déantar dhá chineál de speiceas plandaí a chros-phórú arís agus arís eile go dtí go dtagann planda ar an saol a bhfuil na spriocthréithe aige (an cros-phórú). Úsáidtear ceimiceáin nó an radaíocht chun dlús a chur leis an bpróiseas sin sa lá atá inniu ann (an pórú sócháin nó an só-ghineas).
Athraítear ábhar géiniteach an phlanda, le DNA eachtrach ar uairibh, ar bhealach nach dtarlaíonn go nádúrtha tríd an chros-phórú nó an t-athchuingriú nádúrtha, (an pórú trasghéineach nó an trasghineas).
Déantar géanóm planda a mhodhnú ag suíomh spriocdhírithe roghnaithe (an só-ghineas spriocdhírithe) nó cuirtear seicheamh ón speiceas céanna nó ó speiceas neasghaolmhar isteach ann (an cisgineas).
Seo mar a chuirtear reachtaíocht an Aontais i bhfeidhm:
- an gnáthphórú: lasmuigh de raon feidhme reachtaíocht OGM an Aontais
- an modhnú géiniteach: rialaítear é faoi reachtaíocht OGM an Aontais
- teicnící nua géanómaíocha: le rialáil faoi na rialacha nua TNG, in éineacht leis an reachtaíocht OGM más infheidhme
Rialacha cleachtais maidir le teicnící nua géanómaíocha
An 4 Nollaig, tháinig an Chomhairle archomhaontú sealadach le Parlaimint na hEorpa maidir le sraith rialacha lena mbunaítear creat dlíthiúil le haghaidh teicnící géanómaíocha nua.
Leis na rialacha nua, cuirfidh an tAontas an méid seo a leanas ar fáil:
- breis sábháilteachta
- níos mó trédhearcachta agus lipéadú feabhsaithe
- nuáil fheabhsaithe
Faoi na rialacha nua, níorbh fholáir gach planda NGT a liostú i mbunachar sonraí poiblí agus toirmeasc a chur ar a dtáirgeadh orgánach.
Ina theannta sin, bhunófaí dhá chatagóir plandaí:
- catagóir 1: plandaí arb ionann iad agus plandaí a phóraítear sa ghnáthbhealach nó plandaí a shóigh go nádúrtha
- catagóir 2: plandaí ar a ndearnadh modhnuithe níos casta
Bheadh rialacha éagsúla i bhfeidhm i ngach catagóir.
Plandaí i gCatagóir 1
Leis na rialacha, rialófaí an méid seo a leanas:
- planda a chur ar an margadh: sula gcuirfí planda nó táirge TNG ar an margadh ar bhonn réamhbheartaithe, bheadh ar na húdaráis náisiúnta agus ar an gCoimisiún Eorpach a fhíorú cé acu catagóir 1 nó 2 a bhaineann an planda léi
- lipéadú: níor mhór lipéad a bheith ar shíolta agus ar ábhar atáirgthe eile lena sainaithneofaí gur de thionscnamh TNG iad; níor gá lipéad a chur ar na plandaí iad féin
- tréithe: dhéanfaí na plandaí luibhicídfhulangacha a eisiamh ó chatagóir 1
- paitinn: cheanglófaí ar chuideachtaí nó ar phóraitheoirí faisnéis a chur isteach maidir le gach paitinn atá ann cheana féin nó atá ar feitheamh; chruthófaí grúpa saineolaithe chun staidéar a dhéanamh ar thionchar paitinní ar phlandaí TNG; agus d'fhoilseodh an Coimisiún Eorpach staidéar ar thionchar an phaitinnithe ar an nuáil, ar an rochtain ar phlandaí TNG paitinnithe, agus ar iomaíochas earnáil póraithe plandaí an Aontais.
Bheadh na plandaí sin díolmhaithe ón reachtaíocht OGM. Ina ionad sin, bheadh feidhm ag reachtaíocht reatha an Aontais maidir le bia agus beatha, an nuabhia, caomhnú an dúlra agus an dliteanas comhshaoil.
D’fhéadfadh tíortha an Aontais bearta a dhéanamh chun a chinntiú nach mbeadh plandaí i gcatagóir 1 san fheirmeoireacht orgánach ar a gcríoch trí thimpiste.
Plandaí i gCatagóir 2
Leis na rialacha, rialófaí an méid seo a leanas:
- planda a chur ar an margadh: sula gcuirfí planda nó táirge TGN ar an margadh ar bhonn réamhbheartaithe, bheadh ar na húdaráis náisiúnta agus ar an gCoimisiún Eorpach a úsáid a údarú; bheadh measúnuithe riosca agus sábháilteachta i gceist leis sin
- lipéadú: bheadh lipéad, ar a mbeadh faisnéis faoi na tréithe a d’eascair as an ngéinmhodhnú a rinneadh orthu, de dhíth ar na táirgí i gcatagóir 2; I gcás ina socraíonn an táirgeoir na tréithe a chur ar an lipéad, ní ceadmhach dó aon cheann díobh a fhágáil ar lár
- dreasachtaí: d’fhéadfaí dreasachtaí rialála a thairiscint do tháirgeoirí na bplandaí sin a raibh tréithe acu lena bhféadfaí an inbhuanaitheacht a fheabhsú, cuir i gcás úsáid níos éifeachtúla uisce nó an fhrithsheasmhacht in aghaidh galar nó dálaí aeráide athraithe, cé is moite de phlandaí a raibh tréithe luibhicídfhulangacha acu
Bheadh ar na plandaí i gCatagóir 2 an reachtaíocht OGM atá ann faoi láthair a chomhlíonadh, agus iad á gcur in oiriúint do na rialacha maidir le teicnící nua géanómaíocha chun freastal ar phróifílí riosca éagsúla na bplandaí sin.
D’fhéadfadh tíortha an Aontais bearta a dhéanamh chun a chinntiú nach mbeadh plandaí i gcatagóir 2 i láthair trí thimpiste i dtáirgí nach táirgí TNG iad. D’fhéadfaidís freisin srian nó toirmeasc a chur ar shaothrú plandaí i gcatagóir 2 ina gcríoch.
Na chéad chéimeanna eile
Ghlac an Chomhairle na rialacha nua go foirmiúil an 21 Aibreán 2026.
Tá an téacs fós le glacadh go foirmiúil ag Parlaimint na hEorpa. Ach a nglacfar é, tiocfaidh an rialachán i bhfeidhm 20 lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm ag formhór na bhforálacha tar éis idirthréimhse 24 mhí, rud a thabharfaidh am chun rialacha cur chun feidhme a ghlacadh. Meastar gur ó lár 2028 a bheidh feidhm ag an gcreat nua.
Bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an rialacháin, beidh sé de cheangal ar an gCoimisiún staidéar a fhoilsiú ar thionchar na paitinnithe ar an nuálaíocht, ar infhaighteacht síolta d’fheirmeoirí, agus ar iomaíochas earnáil pórúcháin plandaí an Aontais. Tabharfaidh an Coimisiún le fios ansin cé na bearta leantacha a bhfuil gá leo nó foilseoidh sé togra reachtach chun aghaidh a thabhairt ar aon saincheist a aimsítear sa staidéar.
- Teicnící nua géanómaíocha: An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú chun borradh a chur faoi iomaíochas agus inbhuanaitheacht ár gcóras bia (preaseisiúint, an 4 Nollaig 2025)
- Teicnící nua géanómaíocha: sainordú caibidlíochta comhaontaithe ag an gComhairle (preaseisiúint, an 14 Márta 2025)
- Teicnící nua géanómaíocha: Rialacha nua glactha ag an gComhairle chun borradh a chur faoi chórais bhia inbhuanaithe iomaíocha an Aontais (preaseisiúint, an 21 Aibreán 2026)
Féach freisin
Ón bhfeirm go dtí an forc
Sábháilteacht agus sláinte bia
An bhithéagsúlacht
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Márta 2025