Díospóidí tomhaltóirí a réiteach
Tá roinnt uirlisí agus sásraí curtha i bhfeidhm ag an Aontas chun tomhaltóirí a chosaint i gcás go dtagann fadhbanna chun cinn agus táirge nó seirbhís á gceannach acu in aon tír san Aontas.
Díospóidí tomhaltóirí
In aon chaidreamh tráchtála, d’fhéadfadh díospóidí a bheith le réiteach ag trádálaithe agus tomhaltóirí, mar shampla mura seachadtar táirge in am nó i ndea-bhail, nó mura bhfuil an praghas ceannaigh iomlán íoctha ag an tomhaltóir.
I gcás fadhbanna agus táirgí nó seirbhísí á gceannach ag tomhaltóirí in aon tír de chuid an Aontais, is féidir le tomhaltóirí iarracht a dhéanamh an díospóid a réiteach tríd an méid seo a leanas:
- socraíocht neamhfhoirmiúil: go díreach leis an trádálaí, nó trí eagraíocht tomhaltóirí
- sásraí um réiteach malartach díospóidí: e.g. idirghabhálaithe, ombudsman, bord gearán, suíomh gréasáin an Aontais chun díospóidí a réiteach ar líne
- gníomhaíocht dhlíthiúil fhoirmiúil: tríd an nós imeachta Eorpach um éilimh bheaga agus tríd an ordú íocaíochta Eorpach
Socrú neamhfhoirmiúil
Sásraí malartacha um réiteach díospóidí
Caingean dlí
Réiteach malartach díospóidí
Is minic nach dtéann tomhaltóirí a bhfuil easaontas idir iad agus trádálaí chun na cúirte toisc go bhfuil na méideanna atá i gceist róbheag, go dtógann na nósanna imeachta rófhada nó nach bhfuil siad muiníneach go dtiocfar ar réiteach sásúil.
Sin an fáth gur fhorbairt an tAontas bearta nua chun réiteach díospóidí a éascú.
Is éard is réiteach malartach díospóidí (RMD) ann sásraí do thomhaltóirí darb aidhm díospóidí le cuideachtaí a réiteach le cúnamh ó chomhlacht neamhchlaonta um réiteach díospóidí, gan dul chun na cúirte. Buntáiste a bhaineann le réiteach malartach díospóidí a úsáid is ea go bhfuil sé níos éasca, níos tapúla agus níos saoire ná dul chun na cúirte.
An 17 Samhain 2025, d’fhormheas an Chomhairle an treoir nuashonraithe maidir le réiteach malartach díospóidí lena ndéantar an méid seo a leanas:
- sprioc-am 20 lá a thabhairt isteach do chuideachtaí chun freagairt ar chomhlachtaí RMD maidir le cásanna faoi leith
- comhar níos láidre idir eintitis RMD agus údaráis cosanta tomhaltóirí a chur chun cinn
- an chaoi ar cheart córais uathoibrithe, mar shampla an intleacht shaorga, an meaisínaistriúchán agus réitigh TF eile, a úsáid chun nósanna imeachta RMD a dhéanamh níos éifeachtúla, go háirithe i gcásanna trasteorann, a shoiléiriú
- leathnaítear an raon feidhme le go gcumhdaítear díospóidí idir tomhaltóir atá bunaithe san Aontas agus trádálaí i dtríú tír, faoi réir coinníollacha áirithe
Ina theannta sin, beidh sé de cheangal ar na Ballstáit bearta a ghlacadh chun úsáid RMD a chur chun cinn, ar nós dreasachtaí airgeadais nó feachtais feasachta poiblí.
I mí na Samhna 2024, ghlac an Chomhairle rialachán chun an t-ardán Eorpach um réiteach díospóidí ar líne, nár láimhseáil ach 200 cás ar an meán in aghaidh na bliana ar fud an Aontais, a dhúnadh agus uirlis dhigiteach nua níos soláimhsithe arna forbairt ag an gCoimisiún a chur ina ionad.
Comhshásamh
D’fhéadfadh drogall a bheith ar thomhaltóirí a d’fhulaing cleachtais neamhdhleathacha caingean dlí a thionscnamh toisc, mar shampla, nach bhfuil siad cinnte faoina gcearta ná faoi na nósanna imeachta atá le leanúint, nó toisc go gcuirtear na costais arda a mheasann siad a bhaineann le gníomhaíocht aonair a dhéanamh as dóibh.
Sin an fáth ar thug an tAontas rialacha isteach, tríd an treoir maidir le caingne ionadaíocha, chun a chur ar chumas tomhaltóirí ar fud an Aontais cosaint bhreithiúnach éifeachtach a lorgi dteannta a chéile nuair a sháraíonn trádálaithe dlíthe an Aontais i réimsí, cuir i gcás seirbhísí airgeadais, taisteal, turasóireacht, fuinneamh, sláinte, teileachumarsáid agus cosaint sonraí.
Is cuid den mhargadh nua do thomhaltóirí iad na bearta seo, ar tionscnamh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh é darb aidhm rialacha cothroma, trédhearcacha a chinntiú do thomhaltóirí an Aontais. Leis na bearta sin, déanfar an méid seo a leanas:
- cuirfidh siad ar a gcumas do thomhaltóirí gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh chun a gcearta a éileamh agus scor nó toirmeasc cleachtais (bearta urghaire) nó cúitimh, athsholáthair nó deisiúcháin a fháil (bearta sásaimh)
- eintitis cháilithe (cuir i gcás eagraíochtaí tomhaltóirí) a chumhachtú chun caingne a sheoladh thar ceann grúpa tomhaltóirí, lena n-áirítear tomhaltóirí ó Bhallstáit éagsúla
- rannchuidiú le cothrom iomaíochta a chruthú idir trádálaithe
Tá an treoir i bhfeidhm i dtíortha uile an Aontais ón 25 Meitheamh 2023.
An t-athbhreithniú deireanach: an 17 Samhain 2025