Ceimiceáin
Is ríthábhachtach iad substaintí ceimiceacha i ngach gné den saol agus tá teacht orthu i dtáirgí coitianta. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go ndéantar bainistiú fónta ar na ceimiceán chun an duine agus an comhshaol a chosaint.
An scéala is déanaí
An 17 Meitheamh 2026, tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir le simpliú a dhéanamh ar rialacha a bhaineann lehaicmiú, pacáistiú aguslipéadú ceimiceán, táirgí cosmaideacha agus táirgí leasacháin.
Leis an gcomhaontú, laghdaítear ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo, tacaítear leis an nuálaíocht agus leis an gciorclaíocht, agus coinnítear ardchaighdeáin cosanta tomhaltóirí agus comhshaoil.
Is iad na forálacha seo an chuid eile den phacáiste ar a dtugtar ‘Omnibus VI’, lena simplítear rialacha i réimse na dtáirgí ceimiceacha, agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus don chomhshaol á choinneáil ag an am céanna.
Clárú, Meastóireacht, Údarú, agus Srianadh Ceimiceán (REACH)
Bunaíodh, leis an rialachán Eorpach maidir le clárú, meastóireacht, údarú agus srianadh ceimiceán, nósanna imeachta lena mbailítear faisnéis agus lena ndéantar faisnéis a mheasúnú maidir le hairíonna agus guaiseacha a bhaineann le substaintí ceimiceacha ó bhí 2007 ann, idir iad siúd a úsáidtear sa phróiseas tionsclaíocha agus iad sin a úsáidtear sa ghnáthshaol (péint, éadaí, earraí plaisteacha).
Gach cuideachta a mhonaraíonn, a allmhairíonn, a dháileann nó a úsáideann ceimiceáin mar amhábhair nó mar tháirgí críochnaithe, ní mór di an méid a leanas a dhéanamh:
- na substaintí sin a chlárú leis an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA)
- na rioscaí a bhaineann leis na substaintí sin a shainaithint agus a bhainistiú
Nuair a bheidh meastóireacht ar an eolas a fuarthas déanta acu, féadfaidh ECHA agus na Ballstáit srian nó toirmeasc a chur ar úsáid substaintí sonracha mura féidir na rioscaí lena mbaineann a bhainistiú.
Aicmiú, lipéadú agus pacáistiú
Ó bhí 2009 ann, cinntíonn an rialachán maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú na gceimiceán gur féidir le cuideachtaí cur síos a dhéanamh ar na ceimiceáin ghuaiseacha a úsáideann siad agus iad a lipéadú leis na critéir chéanna a úsáidtear i ngach Ballstát sula gcuirfear ar an margadh iad.
I mí Dheireadh Fómhair 2024, ghlac an Chomhairle rialacha nua chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- lipéadú substaintí ceimiceacha a shoiléiriú agus a shimpliú
- na nósanna imeachta chun eolas a chur ar fáil faoi ghuaiseacha a bhaineann le ceimiceáin a chuirtear ar mhargadh an Aontais a fheabhsú
- dlús a chur leis an nós imeachta chun substaintí guaiseacha a shainaithint
- ceanglais shonracha a áireamh le haghaidh táirgí ceimiceacha in-athlíonta
An 17 Samhain 2025, thug an Chomhairle cead deiridh do chur siar na rialacha i ndáil leis an rialachán maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú (ALP). Leis an sásra ‘stad-an-clog’ sin, cuirtear siar go dtí an 1 Eanáir 2028 dáta chur i bhfeidhm an rialacháin.
An 16 Meitheamh 2026, chomhaontaigh na comhreachtóirí dáta chur i bhfeidhm na rialacha ALP a chur siar go dtí an 1 Eanáir 2030. Tháinig siad ar chomhaontú freisin maidir leis an méid seo a leanas:
- rialacha lipéadaithe a shimpliú, agus iad á mbunú ar chritéir ghinearálta inléiteachta seachas ar shonraíochtaí mionsonraithe, cé is moite do chlómhéid íosta sonrach do tháirgí atá dírithe ar an bpobal i gcoitinne
- maoluithe sonracha lipéadaithe le haghaidh pacáistíocht bheag
- síneadh a chur leis an idirthréimhse le haghaidh oibleagáidí athlipéadaithe nuair a dhéantar substaintí i dtáirgí a athaicmiú go leibhéal guaise níos airde, chun costais chomhlíontachta a laghdú don earnáil tionsclaíochta
Ceimiceáin shonracha
Leasacháin
Ó mhí Iúil 2022 i leith, cinntítear leis an rialachán maidir le táirgí leasacháin gur féidir táirgí leasacháin ón Aontas (e.g. leasacháin, feabhsaitheoirí ithreach, damhnaí fáis) ar a bhfuil an ‘comhartha CE’ a dhíol gan bhac ar fud an Aontais ach ceanglais shonracha a bheith comhlíonta acu.
Déantar an méid seo a leanas leis na rialacha freisin:
- Leagtar síos teorainneacha comhchuibhithe i gcomhair raon éilleán atá i leasacháin mhianracha ar nós caidmiaim
- dírítear ar bhorradh a chur faoi tháirgeadh agus úsáid leasachán orgánach
An 22 Iúil 2024, ghlac an Chomhairle rialachán maidir le lipéadú digiteach le haghaidh tháirgí leasacháin an Aontais.
Is é is aidhm don rialachán feabhas a chur ar inléiteacht na lipéad, rud a fhágfaidh go mbainfear úsáid níos éifeachtúla as leasacháin, agus na hoibleagáidí maidir le lipéadú a shimpliú do sholáthróirí.
Leis na rialacha nua, déanfar an méid a leanas:
- úsáid níos leithne an lipéadaithe dhigitigh a chur chun cinn
- feabhas a chur ar an bhfaisnéis atá ar fáil d’fheirmeoirí agus do thomhaltóirí eile, grúpaí leochaileacha nó daoine a bhfuil inniúlachtaí digiteacha teoranta acu san áireamh
- costais agus lorg comhshaoil táirgeoirí a laghdú
Glantaigh
Ó bhí 2005 ann, leagtar síos sa rialachán maidir le glantaigh rialacha nach mór do na glantaigh a chomhlíonadh sula gcuirfear ar an margadh inmheánach iad agus go ngluaisfidh siad faoi shaoirse ann. Ní mór na rialacha an méid a leanas a chomhlíonadh:
- na gallúnacha atá iontu, ní mór dóibh a bheidh in-bhithmhillte go hiomlán
- ní mór an t-eolas maidir leis na comhábhair agus an dáileog a bheith ar an lipéad
An 8 Nollaig 2025, d’fhormheas an Chomhairle rialacha nua an Aontais chun glantaigh a dhéanamh níos sábháilte do dhaoine agus don chomhshaol.
Maidir leis an reachtaíocht nua:
- cuireann sí le hinbhithdhíghrádaitheacht dromchlaghníomhaithe i nglantaigh, go háirithe i mbratuithe scannán capsúil
- fágann sí gur féidir substaintí díobhálacha a laghdú
- feabhsaíonn sí an fhaisnéis ar lipéid (trí ailléirginí cumhráin agus leasaithigh a áireamh, mar shampla) agus cuirtear an fhaisnéis ó mhonaróirí ar fáil d’údaráis agus do phearsanra leighis
- tugtar isteach lipéadú digiteach agus an pas táirge digiteach le haghaidh glantach agus dromchlaghníomhaithe
- toirmisctear tástáil ar ainmhithe le haghaidh glantach agus dromchlaghníomhaithe
- spreagtar cleachtais nua inbhuanaithe mar atá, díol athlíonta glantach
An 16 Meitheamh 2026, chomhaontaigh na comhreachtóirí dáta chur i bhfeidhm an rialacháin maidir le leasacháin a chur siar go dtí an 1 Eanáir 2030. Dhréachtaigh siad leasuithe breise freisin maidir le clárú agus údarúcomhpháirteanna leasachán, agus é á chur de chúram ar an gCoimisiún acu féachaint ar chritéir nua chun ábhair is féidir a úsáid i leasacháin a chlárú, chun tacú leis an nuálaíocht san earnáil.
Cosmaidí
Tá sábháilteacht na dtáirgí cosmaideacha (e.g. taos fiacla, cumhrán, uachtar gréine) a chuirtear ar mhargadh an Aontais á cinntiú leis an rialachán maidir le cosmaidí, agus an nuálaíocht san earnáil á cur chun cinn ag an am céanna, ó bhí 2013 ann.
Cinntítear an méid a leanas leis na rialacha freisin:
- ní mór gach táirge cosmaideach a chuirfear ar mhargadh an Aontais a chlárú
- ní mór aird ar leith a thabhairt ar tháirgí áirithe cosmaideacha (e.g. suaiteoirí inchríneacha, táirgí lena gcuirtear dath ar an gruaig) a bhfuil riosca sláinte nó castacht eolaíoch níos mó ag baint leo
- toirmeasc a chur ar an tástáil ar ainmhithe chun críocha cosmaideacha
An 16 Meitheamh 2026, tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú maidir leis an méid seo a leanas:
- fad na n-idirthréimhsí chun deireadh a chur de réir a chéile le substaintí atá carcanaigineach, só-ghineach nó tocsaineach don atáirgeadh (substaintí ‘CMR’) a chur in oiriúint i gcomhréir leis na bunrioscaí a ghabhann leo
- an gá atá le treoir ón gCoimisiún maidir le substaintí malartacha a d’fhéadfaí a chur in ionad substaint CMR i dtáirge
- an fógra cuimsitheach maidir le nana-ábhair i dtáirgí cosmaideacha a chaomhnú, ar fógra é nach mór a sheoladh sula gcuirfear ar an margadh iad
Truailleáin orgánacha mharthanacha
Is substaintí thar a bheith díobhálach iad na truailleáin orgánacha mharthanacha. Bíonn siad i ndramhaíl a thagann ó tháirgí áirithe tomhaltóirí, cuir i gcás teicstílí uiscedhíonacha, troscán, plaistigh agus trealamh leictreonach.
Is den ríthábhacht é go mbunófaí teorainneacha nua i ndáil le truailleáin orgánacha mharthanacha a bheith i ndramhaíl chun geilleagar ciorclach a bhaint amach ina n-úsáidfear an dramhaíl níos mó agus níos mó mar amhábhar tánaisteach.
Ghlac an Chomhairle rialachán ina leith sin i mí Dheireadh Fómhair 2022.
An straitéis ceimiceán
Is é tionscal na gceimiceán an ceathrú hearnáil monaraíochta is mó san Aontas, agus cuireann 29 000 cuideachta 1.2 milliún post díreach ar fáil agus tacaíonn sé le 19 milliún post ar fud na slabhraí soláthair.
I mí an Mhárta 2021, ghlac an Chomhairle conclúidí lenar formhuiníodh straitéis ceimiceán an Aontais don inbhuanaitheacht a thíolaic an Coimisiún.
Leagtar amach sa straitéis fís fhadtéarmach maidir le beartas ceimiceán an Aontais chun cabhrú leis an Aontas agus leis na Ballstáit a méid a leanas a dhéanamh:
- sláinte an duine a chosaint níos fearr
- iomaíochas thionscail na gceimiceán a neartú
- tacú le comhshaol atá saor ó thocsainí
Áirítear sa straitéis freisin rialacha maidir leis an bpacáiste ‘substaint amháin, measúnú amháin’, a ghlac an Chomhairle an 13 Samhain 2025. Leis na rialacha, déanfar measúnuithe sábháilteachta ar cheimiceáin a chuíchóiriú agus, ar an gcaoi sin, beidh sé níos éasca sonraí a chomhroinnt, rioscaí a shainaithint agus nuálaíocht a spreagadh i leith ceimiceáin shábháilte inbhuanaithe. Dá réir sin, tabharfar cosaint níos fearr do shláinte daoine agus don chomhshaol ar cheimiceáin dhíobhálacha.
An t-athbhreithniú deireanach: an 26 Meitheamh 2025