Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
- 64 Torthaí
Dífhoraoisiú
Tá foraoisí sláintiúla ríthábhachtach do dhaoine agus don chomhshaol. Is é is aidhm do rialacha an Aontais an dífhoraoisiú domhanda a laghdú trí rialáil a dhéanamh ar allmhairiú agus onnmhairiú earraí a gcuireann a dtáirgeadh le cailliúint foraoisí ar fud an domhain.

Iompar d’iarnród
Tá an tAontas agus na Ballstáit ag obair le chéile chun gréasán iarnróid níos nasctha, níos sábháilte agus níos inbhuanaithe a fhorbairt.

Gníomhú Domhanda ar son na hAeráide
Oibríonn an tAontas agus a Bhallstáit le comhpháirtithe domhanda chun gníomhaíocht ar son na haeráide a chur chun cinn agus a mhaoiniú.

Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide
Tá sé mar aidhm ag Comhaontú Pháras an téamh domhanda a theorannú agus an t-athrú aeráide a chomhrac. Rinne gach tír san Aontas an comhaontú a dhaingniú.

Iompar níos glaise
Tá sé tábhachtach earnáil an iompair a dhéanamh níos inbhuanaithe chun go mbainfear sprioc na haeráidneodrachta amach faoi 2050. Dá bhrí sin, tá sé d’aidhm ag an Aontas Eorpach an tsoghluaisteacht a dhéanamh níos inbhuanaithe agus an nascacht a chinntiú ag an am céanna.

An t-aistriú aeráide a mhaoiniú
Tá an tAontas tiomanta do gheilleagar ísealcharbóin, inbhuanaithe atá tíosach ar acmhainní a bhaint amach. Is é an tAontas, i gcomhar lena Bhallstáit, a chuireann an chuid is mó den mhaoiniú don aeráid ar fáil ar domhan.

Ranníocaíocht na hEorpa do mhaoiniú don aeráid (sna €bn)
Conas a rannchuidíonn an tAontas Eorpach leis an athrú aeráide a chomhrac ar fud an domhain? Is iad an tAontas agus na Ballstáit na soláthraithe is mó maoinithe don aeráid ar domhan.

Athbhunú an dúlra
Tá an dúlra i mbaol a bháis, agus is boichte muid dá éagmais. Leagtar síos i ndlí an Aontais maidir le hathbhunú an dúlra na chéad spriocanna ceangailteacha riamh chun éiceachórais, gnáthóga agus speicis a athchóiriú san Eoraip.

An Chosaint Shibhialta san Aontas
Is féidir le haon tír ar domhan cúnamh a iarraidh tríd an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta nuair a sháraíonn éigeandáil a gcumas freagartha i gcás tubaistí.

I dtreo slabhra soláthair ceallraí Eorpach atá inbhuanaithe agus ciorclach
Tá an tAontas ag obair i dtreo slabhra luacha ceallraí atá inbhuanaithe, ciorclach agus Eorpach. Leis na comhrialacha nua cuirfear le buntáiste iomaíoch an Aontais sna margaí ceallraí inbhuanaithe.
