Iompar de bhóthar
Faigh amach faoina bhfuil ar siúl ag an Aontas chun an t-iompar de bhóthar a dhéanamh níos iomaíche, níos glaise agus níos sábháilte.
Iompar de bhóthar atá inbhuanaithe idirnasctha
Tá ról ríthábhachtach ag an iompar de bhóthar maidir le daoine agus earraí a bhogadh ar fud na hEorpa; cuireann sé go mór le hastaíochtaí gás ceaptha teasa freisin, áfach. Is iad na gluaisteáin is cúis le 12 % de na hastaíochtaí dé-ocsaíde carbóin san Aontas (CO2).
Tá roinnt tionscnamh déanta ag an Aontas chun an t-iompar a dhéanamh níos glaise. Is é an aidhm atá ann cothromaíocht a bhaint amach idir an inrochtaineacht agus an fhreagracht chomhshaoil.
Gluaisteáin agus veaineanna: Caighdeáin astaíochtaí CO2
I mí an Mhárta 2023, ghlac an Chomhairle rialacha nua chun astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin agus veaineanna nua a laghdú a thuilleadh, lena ndearnadh athbhreithniú ar rialachán 2019.
Leagtar síos spriocanna leis na rialacha athbhreithnithe chun astaíochtaí a laghdú de réir a chéile. Idir 2030 agus 2034, ní mór laghdú 55 % a dhéanamh ar astaíochtaí i gcás gluaisteáin nua agus is laghdú 50 % a bheidh i gceist i gcás veaineanna nua i gcomparáid le spriocanna 2021.
Ó 2035 i leith, beidh ar na gluaisteáin agus na veaineanna nua ar fad a bheith ina bhfeithiclí saor ó astaíochtaí.
- ‘Oiriúnach do 55’: rialachán maidir le hastaíochtaí CO2 i gcás gluaisteáin agus veaineanna nua glactha ag an gComhairle (preaseisiúint, an 28 Márta 2023)
- Astaíochtaí CO2 i gcarranna: formheas deiridh tugtha ag an gComhairle maidir le solúbthacht bhreise do dhéantóirí gluaisteán (preaseisiúint, an 27 Bealtaine 2025)
I mí na Nollag 2025, thíolaic an Coimisiún Eorpach togra maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar chaighdeáin astaíochtaí CO2 do ghluaisteáin agus veaineanna. Is é is aidhm don togra cur chuige níos solúbtha agus níos neodraí ó thaobh na teicneolaíochta de a bhaint amach agus an bealach i dtreo na haeráidneodrachta á choinneáil ag an am céanna. Tá an togra á scrúdú ag na Ballstáit faoi láthair.
Trucailí agus busanna: Caighdeáin astaíochtaí CO2
Ghlac an Chomhairle rialacha nua chun caighdeáin astaíochtaí d’fheithiclí tromshaothair a neartú i mí na Bealtaine 2024. Nuashonraítear leis an rialachán rialacha 2019 chun cabhrú leis an Aontas a chuid uaillmhianta a bhaint amach agus an t-athrú aeráide á chomhrac aige.
Féachann an rialachán le hastaíochtaí CO2 a laghdú in earnáil an iompair ar bóthar i gcomhréir le spriocanna aeráide an Aontais tríd an sprioc laghdaithe astaíochtaí a ardú le haghaidh 2030 (-45%) agus spriocanna nua a thabhairt isteach le haghaidh 2035 (-65%) agus le haghaidh 2040 (-90%).
Leathnaíonn na rialacha raon feidhme an rialacháin roimhe seo ionas go mbeidh beagnach gach feithicil nua tromshaothair lena mbaineann astaíochtaí deimhnithe CO₂ — trucailí beaga, busanna uirbeacha, cóistí agus leantóirí san áireamh — faoi réir spriocanna maidir le hastaíochtaí a laghdú.
Faoi na rialacha nua, bheadh ar gach bus uirbeach nua a bheith ina fheithicil saor ó astaíochtaí faoi 2035. Beidh busanna agus cóistí cianaistir faoi réir na spriocanna foriomlána i gcónaí.
I mí an Mhárta 2026, ghlac an Chomhairle go foirmiúil leasú spriocdhírithe ar an rialachán maidir le caighdeáin astaíochtaí CO2 d’fheithiclí tromshaothair. Leis na rialacha nua, tugtar isteach solúbthacht shealadach do mhonaróirí chun a spriocanna laghdaithe astaíochtaí CO2 2030 a chomhlíonadh. Ní athraíonn an leasú substaint na spriocanna fadtéarmacha laghdaithe.
- Feithiclí tromshaothair: Solúbthacht spriocdhírithe glactha ag an gComhairle do mhonaróirí chun spriocanna CO2 a chomhlíonadh (preaseisiúint, an 30 Márta 2026)
- Feithiclí tromshaothair: cead tugtha ag an gComhairle do chaighdeáin níos déine maidir le hastaíochtaí CO2 (preaseisiúint, an 13 Bealtaine 2024)
Euro 7
Sa bhreis ar na caighdeáin astaíochtaí a leagan síos le haghaidh feithiclí, ghlac an tAontas rialacha chun na hastaíochtaí arb iad truailleáin eile aeir ón iompar ar bóthar a ghineann iad a laghdú.
Leis an rialachán, ar a dtugtar Euro 7, leagtar síos rialacha maidir le hastaíochtaí, ar rialacha iad lena gcuirtear leis na teorainneacha CO2 thuasluaite agus lena gcumhdaítear gnéithe truailliúcháin eile freisin. Ina measc sin tá truailliú ó scríobchaitheamh bonn, coscáin agus cadhnraí.
Cumhdaíonn na rialacha sin gluaisteáin, veaineanna agus feithiclí tromshaothair in aon ghníomh dlí amháin.
Ghlac an Chomhairle rialachán nua i mí Aibreáin 2024.
Muirearú bóithre
Leagtar síos rialacha i reachtaíocht an Aontais maidir le muirir a ghearradh ar fheithiclí tromshaothair as bonneagar bóthair áirithe a úsáid sna Ballstáit.
I mí na Samhna 2021, thug an Chomhairle cead athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha sin, dá ngairtear an cnuasainm an Treoir Eoraifínéid. Tá sé d’aidhm ag an dlí athbhreithnithe iompar níos glaise agus níos éifeachtúla a chur chun cinn, agus áirítear ann scéim nua chun aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí CO2 chun lorg carbóin na hearnála a laghdú i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le Comhaontú Pháras.
Tháinig an treoir i bhfeidhm i mí an Mhárta 2022.
Bonneagar breoslaí malartacha
Is é is aidhm don rialachán maidir le bonneagar breoslaí malartacha a chinntiú go n-imscartar ar bhonn uile-Aontais agus in áit a bhfuil rochtain phoiblí air, bonneagar le haghaidh athluchtú leictreach agus athbhreoslú breoslaí malartacha in earnálacha an iompair de bhóthar, na heitlíochta agus an uisce-iompair.
Leagann na rialacha síos spriocanna maidir le stáisiúin luchtúcháin agus athbhreoslúcháin a imscaradh. Cuirtear san áireamh leis sin a chinntiú go bhfuil stáisiúin luchtúcháin ann gach 60 ciliméadar ar a laghad ar na príomhbhóithre. Ghlac an Chomhairle an rialachán i mí Iúil 2023.
Oiriúnach do 55: i dtreo iompair níos inbhuanaithe (Grafaic faisnéise)
Feithiclí a athchúrsáil ag deireadh a saolré
I mí na Nollag 2025, tháinig Uachtaránacht na Comhairle agus ionadaithe Pharlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach i ndáil leis an Rialachán maidir le Feithiclí a bhfuil a Ré Caite. Ceanglaítear leis sin go ndéanfar feithiclí nua a dhearadh ionas gur féidir a bpáirteanna agus a n-ábhair a athúsáid nó a athchúrsáil. Leagtar síos ann freisin sprioc éigeantach maidir le plaisteach athchúrsáilte a úsáid agus iarrtar ar an gCoimisiún spriocanna a leagan síos amach anseo maidir le cruach athchúrsáilte, alúmanam agus amhábhair thábhachtacha.
Ní mór don dá institiúid an comhaontú sealadach a ghlacadh go foirmiúil anois agus beidh feidhm ag an rialachán 2 bhliain tar éis dó teacht i bhfeidhm.
Leasú ar an treoir maidir le meáchain agus toisí
I mí na Nollag 2025, ghlac an Chomhairle seasamh lena leasaítear an treoir lena leagtar síos toisí agus meáchain údaraithe uasta d’fheithiclí bóthair áirithe. Leagtar síos sa treoir na rialacha maidir leis na meáchain agus na toisí uasta incheadaithe d’fheithiclí bóthair a úsáidtear in iompar de bhóthar san Aontas.
Is é is aidhm don leasú na rialacha atá ann faoi láthair a nuachóiriú, lena léirítear an dul chun cinn teicneolaíoch, lena n-áirítear glacadh feithiclí astaíochtaí nialasacha níos glaine. Áirítear ann dreasachtaí d’earnáil an iompair de bhóthar infheistíocht a dhéanamh sna teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha, go háirithe cúiteamh as an meáchan arb iad na teicneolaíochtaí sin is cúis leo a cheadú.
An tsábháilteacht ar bhóithre
D’ainneoin an dul chun cinn suntasach a rinneadh le blianta beaga anuas, cailltear os cionn 20 000 duine gach bliain ar bhóithre an Aontais. Tá sé mar aidhm ag an Aontas líon na mbásanna agus na ngortuithe tromchúiseacha a laghdú 50 % faoi 2030 agus deireadh a chur le gach bás agus gortú tromchúiseach ar bhóithre faoi 2050.
Tá an pacáiste um shábháilteacht ar bhóithre, a mhol an Coimisiún Eorpach i mí an Mhárta 2023, ar cheann de na bealaí chun an sprioc sin a bhaint amach. Is éard atá ann athbhreithnithe ar thrí chinn de thograí reachtacha:
- an treoir maidir le ceadúnais tiomána
- an treoir maidir le héifeacht uile-Aontais a bheith ag dícháiliúcháin tiomána
- an treoir maidir leis an malartú trasteorann faisnéise faoi chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre
Treoir athbhreithnithe maidir le ceadúnais tiomána le haghaidh tiománaithe atá chomh ullamh agus is féidir agus a bhfuil measúnú níos fearr déanta orthu
I mí an Mhárta 2025, tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach i ndáil leis an treoir maidir le ceadúnais tiomána a thabhairt cothrom le dáta. Is é an aidhm atá ann an tsábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú trína chinntiú go mbeidh tiománaithe chomh ullamh agus is féidir agus go ndéanfar measúnú níos fearr orthu.
Áirítear an méid seo a leanas san athbhreithniú:
- ceadúnas tiomána móibíleach aonfhoirmeach faoi dheireadh 2030
- tréimhse phromhaidh chomhchuibhithe do thiománaithe nuacheadúnaithe i ngach Ballstát
- scéim tiomána tionlactha le haghaidh tiománaithe óga ag a bhfuil ceadúnas (C)
- céim i dtreo scagthástáil leighis a chomhchuibhiú agus ceadúnais tiomána á n-eisiúint
Déanfar an treoir a sheiceáil maidir le saincheisteanna dlí agus teanga, agus, ina dhiaidh sin, glacfaidh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa go foirmiúil í. A luaithe a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh iad, beidh 30 mí ag na Ballstáit chun na rialacha nua a ionchorprú ina ndlíthe náisiúnta.
Treoir maidir le dícháiliúcháin tiomána chun a chinntiú go mbeidh iarmhairtí ann do chiontóirí tromchúiseacha tráchta
An 25 Márta 2025, tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú polaitiúil sealadach maidir le dícháiliúcháin tiomána (toirmeasc tiomána nó fionraí tiomána) a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr ar fud an Aontais.
Is é is aidhm don tionscnamh seo a chinntiú go dtabharfar ciontóirí tromchúiseacha tráchta chun cuntais ar fud an Aontais, gan beann ar an áit a ndearnadh cion. Faoi láthair, má dhéanann tiománaí sárú tromchúiseach tráchta i mBallstát nach é an Ballstát é a d’eisigh a cheadúnas, is minic nach mbíonn feidhm ag a dhícháiliú ach amháin sa tír inar tharla an cion.
Príomhghnéithe an togra:
- ní mór do na Ballstáit dícháiliúcháin tiomána gach Ballstáit a fhorfheidhmiú le haghaidh cionta tromchúiseacha (cuir i gcás tiomáint faoi thionchar an óil nó an bás nó gortú tromchúiseach)
- ní mór dícháiliúcháin is faide ná 3 mhí a thuairisciú idir na Ballstáit trí úsáid a bhaint as foirm chaighdeánaithe
- i gcás dícháiliúcháin i mBallstát nach é an Ballstát é a d’eisigh an ceadúnas, ní mór don tír a eisíonn an ceadúnas an dícháiliú céanna a chur i bhfeidhm (cé is moite de chúpla eisceacht)
- comhroinnfear na sonraí uile tríd an gcóras slán RESPER (arb é líonra an Aontais é lena gcumasaítear malartú faisnéise maidir le ceadúnais tiomána)
Faisnéis a chomhroinnt faoi chionta tráchta a dhéanann difear don tsábháilteacht ar bhóithre
An 16 Nollaig 2024, tar éis teacht ar chomhaontú polaitiúil sealadach le Parlaimint na hEorpa i mí an Mhárta 2024, ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh an t-athbhreithniú ar threoir 2015 maidir le malartú trasteorann faisnéise faoi chionta tráchta a bhaineann leis an tsábháilteacht ar bhóithre. Is é is aidhm don tionscnamh feabhas a chur ar an tsábháilteacht ar bhóithre trína chinntiú go dtabharfar tiománaithe neamhchónaitheacha chun cuntais as sáruithe tráchta a dhéantar i mBallstáit an Aontais. Leis an togra seo:
- cuirtear le liosta na gcionta a chumhdaítear leis an treoir, chun an scoitheadh contúirteach, tiomáint ar bhealach mícheart agus teagmhais buille is teitheadh a chur san áireamh
- feabhsaítear an comhar idir na húdaráis náisiúnta
- tugtar cosaint níos fearr do chearta tiománaithe (e.g. trí choimircí chun mí-úsáid sonraí pearsanta a chosc)
- feabhsaítear na sásraí fógartha agus íocaíochta (lena n-áirithítear go bhfaighidh ciontóirí fógraí ina dteanga féin agus gur fusa a bheidh sé dóibh fíneálacha a íoc)
Ceanglaítear ar na Ballstáit forálacha na treorach athbhreithnithe a thrasuí ina reachtaíocht náisiúnta laistigh de 30 mí tar éis di teacht i bhfeidhm.
An pacáiste ródacmhainneachta
I mí na Nollag 2025, ghlac an Chomhairle seasamh maidir leis an bpacáiste ródacmhainneachta. Cuirtear chun cinn sa phacáiste nuashonrú cuimsitheach chaighdeáin an Aontais maidir le cigireachtaí sábháilteachta ar bhóithre ar fheithiclí agus rialacha maidir lena gclárú. Is é is cuspóir dó tuilleadh feabhais a chur ar shábháilteacht ar bhóithre san Aontas tríd an méid seo a leanas a dhéanamh mar shampla:
- comhsheasmhacht, oibiachtúlacht agus cáilíocht na tástála ródacmhainneachta a chinntiú
- crioscaíl a laghdú agus feabhas a chur ar bhrath feithiclí lochtacha, agus ar bhrath odaiméadair a ndearnadh crioscaíl orthu
Tuilleadh eolais faoi mhodhanna iompair eile
Léigh faoi bheartais an Aontais maidir le haeriompar, iompar d’iarnród agus iompar muirí.
Ábhair ábhartha
Iompar níos glaise
Iompar atá nasctha ar bhealach níos fearr
Iompar níos sábháilte
An t-athbhreithniú deireanach: an 22 Meitheamh 2026