Athléimneacht agus cosaint foraoisí
Tá an tAontas tiomanta d’fhoraoisí a chosaint agus d’fheabhas a chur ar a gcumas dúshláin aeráide agus chomhshaoil a sheasamh.
An athléimneacht agus cosaint foraoisí
Tá méadú ag teacht ar bhrú agus ar líon na rioscaí, cuir i gcás lotnaidí, an truailliú agus dóiteáin foraoise, ar measa iad go léir de dheasca an athraithe aeráide.
Is éard atá i gceist le hathléimneacht na bhforaoisí a mhéadú cabhrú leo i gcaoi is go mbeidh siad in ann iad féin a chur in oiriúint don athrú aeráide, agus a bheith níos frithsheasmhaí in aghaidh bagairtí, cuir i gcás lotnaidí, triomaigh agus falscaithe.
Is gá foraoisí a chosaint chun an bhithéagsúlacht a chaomhnú, an táirgiúlacht fhadtéarmach a áirithiú, agus gnáthóga nádúrtha a chaomhnú.
Rialacha an Aontais maidir le foraoisí
Tá roinnt tionscnamh agus dlíthe de chuid an Aontais i bhfeidhm chun tacú le foraoisí. Ina measc tá an méid seo a leanas:
- faireachán a dhéanamh ar fhoraoisí
- rialacha maidir le hábhar atáirgthe foraoiseachta
- athbhunú an dúlra
- rialacha maidir le táirgí gan dífhoraoisiú
- laghdú ar astaíochtaí a eascraíonn as úsáid talún agus as an bhforaoiseacht
- an straitéis foraoise
- cistiú foraoise
Faireachán a dhéanamh ar fhoraoisí
Tá faisnéis foraoise ar ardchaighdeán, inchomparáide fíor-riachtanach le haghaidh na nithe seo a leanas:
- faireachán a dhéanamh ar bhagairtí agus strus le haghaidh foraoisí
- feabhas a chur ar a n-athléimneacht i gcoinne rioscaí
- rianú a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo spriocanna an Aontais maidir leis an mbithéagsúlacht agus leis an aeráid a bhaint amach
- cinntí beartais atá bunaithe ar fhianaise a dhéanamh agus feabhas a chur ar cosc tubaistí sna foraoisí
Mar sin féin, tá na sonraí reatha maidir le foraoisí an Aontais gan ord gan eagar; tá siad neamhiomlán agus as dáta lena chois, rud a fhágann go bhfuil bearna shuntasach eolais ann.
A bhuí leis an dlí nua maidir le faireachán ar fhoraoisí, tá sé d’aidhm ag an Aontas córas faireacháin ar ardchaighdeán a bhunú, córas lena mbaileofar agus lena roinnfear, ar leibhéal an Aontais, faisnéis chomhchuibhithe faoi fhoraoisí, agus lena gcumhdófar gach foraois agus coillearnach.
Tá sé beartaithe leis an gcóras cuir leis na fardail náisiúnta agus na scéimeanna tuairiscithe, agus úsáid á baint as sraith táscairí coiteanna chun sonraí foraoise tráthúla, inchomparáide agus faisnéis atá cothrom le dáta maidir le suaití nádúrtha agus tubaistí foraoise a chinntiú.
An 24 Meitheamh 2025, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir lena seasamh caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa i ndáil leis an rialachán nua (cur chuige ginearálta). Ní mór do reachtóirí an Aontais — is iad sin an Chomhairle agus an Pharlaimint — teacht ar chomhaontú maidir le téacs críochnaitheach sula bhféadfaidh na rialacha nua teacht i bhfeidhm.
Ábhar atáirgthe foraoise
Is ríthábhachtach iad síolta agus plandaí d’ardchaighdeán nó ábhar atáirgthe foraoise eile (FRM) chun foraoisí sláintiúla a chothabháil agus chun athléimneacht na bhforaoisí a mhéadú. Ní mór dóibh a bheith éagsúil go géiniteach, inrianaithe agus oiriúnach do na dálaí aeráide a bheidh ann amach anseo.
Tá rialachán nua glactha ag an Aontas chun dul in ionad Threoir 1999 ón gComhairle maidir le hábhar atáirgthe foraoise, lena nuachóireofar an chaoi a dtáirgtear, a margaítear agus a n-úsáidtear an t-ábhar a mhéid a bhaineann leis an foraoisiú, an t-athfhoraoisiú agus chun críocha eile maidir le crann a chur, cuir i gcás an bhithéagsúlacht a chaomhnú agus an t-oiriúnú don athrú aeráide.
I bhfianaise a fhaide atá saolré foraoise agus na costais arda a bhaineann leo, teastaíonn faisnéis iontaofafaoi bhunús agus faoi ghéineolaíocht an ábhair ó na foraoiseoirí chun a áirithiú go n-oireann sé do na dálaí áitiúla.
Dírítear sa rialachán ar dhá réimse:
- an inrianaitheacht: ní mór d’ábhar atáirgthe foraoise teacht ó chrainn tuismitheora chláraithe agus ní mór é a choinneáil ar leithligh le linn táirgthe agus margaíochta
- an dearbhú cáilíochta: formheasann na húdaráis inniúla inbhuanaitheacht na gcrann tuismitheora agus deimhníonn siad an t-ábhar atáirge
An 21 Aibreán 2026, ghlac an Chomhairle na rialacha nua agus rinne Parlaimint na hEorpa amhlaidh an 19 Bealtaine 2026.
Socraíodh nach dtiocfaidh an rialachán nua i bhfeidhm go ceann 5 bliana, ionas go mbeidh dóthain ama ann oiriúnú a dhéanamh ar an gcleachtas náisiúnta atá ann le breis agus 25 bliana agus chun an córas rialaithe nua a chur chun feidhme.
- Rialacha glactha ag an gComhairle chun ábhar atáirgthe foraoise a neartú agus chun tacú le hearnáil síolta an Aontais (preaseisiúint, an 21 Aibreán 2026)
- An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú sealadach chun borradh a chur faoi cháilíocht an ábhair atáirgthe foraoise agus chun tacú le nuálaíocht in earnáil síolta an Aontais (preaseisiúint, an 9 Nollaig 2025)
- Rialacha feabhsaithe de chuid an Aontais maidir le hábhar atáirgthe foraoiseachta: a seasamh caibidlíochta formheasta ag an gComhairle (preaseisiúint, an 23 Meitheamh 2025)
Athbhunú an dúlra
Ó 2024 i leith, tá an chéad dlí maidir le hathbhunú an dúlra i bhfeidhm san Aontas, dlí darb aidhm an bhithéagsúlacht sna foraoisí a fheabhsú.
Ní mór do thíortha an Aontais feabhas a chur ar staid na bhforaoisí trí tháscairí sonracha a chuidíonn le sláinte na n-éiceachórais foraoise a thomhas. Níorbh fholáir na nithe a leanas a thomhas:
- an méid adhmad marbh atá ann, ar gnáthóg é do go leor orgánach foraoise agus a chuireann leis an foirmiú ithreach
- líon na speiceas éan
Ina theannta sin, ní mór do na Bhallstáit rannchuidiú le trí bhilliún crann ar a laghad a chur san Aontas faoi 2030.
Is cuid de straitéis bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 é an rialachán nua.
Táirgí nach mbíonn dífhoraoisiú mar thoradh orthu
Tá rialacha curtha i bhfeidhm ag an Aontas, rialacha darb aidhm rialáil a dhéanamh ar earraí a thagann isteach i margadh an Aontais agus a onnmhairítear ón Aontas, ar earraí iad a chuireann le dífhoraoisiú agus díghrádú foraoisí go domhanda.
Cinntítear leis na rialacha go bhfuil na táirgí sin agus a slabhraí soláthair ‘saor ó dhífhoraoisiú’.
Laghdú ar astaíochtaí a eascraíonn as úsáid talún agus as an bhforaoiseacht
Leis an rialachán maidir le húsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht (LULUCF), atá i bhfeidhm ó 2023 i leith, is mian leis an Aontas a chinntiú go mbainfidh earnáil LULUCFníos mó CO2 ná mar a astaíonn sífaoi 2030.
Is ríthábhachtach ról na bhforaoisí chun an sprioc sin a bhaint amach toisc gurb iad a ghabhann thart ar 10 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais in aghaidh na bliana; is iad an linn charbóin is mó san Aontas iad.
Dá bhrí sin, spreagtar leis an rialachán cleachtais inbhuanaithe maidir le bainistiú foraoisí, mar shampla foraoisí nua a chur (an t-athfhoraoisiú), limistéir foraoise a leathnú (an foraoisiú) agus feabhas a chur ar bhainistiú na bhforaoisí atá ann cheana chun an stóráil carbóin a fheabhsú.
Is cuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ é an rialachán; sraith dlíthe is ea é a ceapadh chun cabhrú leis an Aontas a sprioc a bhaint amach maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030, mar a leagtar amach sa dlí aeráide Eorpachagus chun cabhrú leis an Aontas aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.
Cistiú foraoise
Faoin gcomhbheartas talmhaíochta (CBT), tacaíonn an tAontas le foraoisí tríd an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe. Is ón gciste sin a thagann thart ar 90 % de mhaoiniú an Aontais d’fhoraoisí. Úsáidtear an t-airgead le haghaidh infheistíochtaí agus chun críche bainistíochta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí maidir leis an athfhoraoisiú, athléimneacht na bhforaoisí in aghaidh an athraithe aeráide a mhéadú agus damáiste a chosc.
Don tréimhse reatha CBT 2023-2027, is féidir le tíortha an Aontais cistiú a leithdháileadh ar bhearta a bhaineann le foraoisí trína bpleananna straitéiseacha CBT.
Straitéis foraoise an Aontais
Is é is aidhm do straitéis foraoise an Aontais le haghaidh 2030 méid agus cáilíochtfhoraoisí na hEorpa a fheabhsú agus a n-athléimneacht i leith dúshláin, cuir i gcás an t-athrú aeráide, a fheabhsú ag an am céanna. Féachann sé freisin le tacú leis na pobail a bhfuil a slí bheatha ag brath ar an bhforaoiseacht.
D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach an straitéis i mí Iúil 2021. I mí na Samhna 2021, d’fhormhuinigh airí talmhaíochta agus iascaigh an Aontais an straitéis sna conclúidí ón gComhairle inar leagadh béim ar an méid seo a leanas:
- ról bunriachtanach na bhforaoisí i ndáil le sláinte an duine agus sláinte ainmhithe, chomh maith leis an gcomhshaol
- ról na bhforaoisí san aistriú chuig bithgheilleagar ciorclach a bheidh glas, aeráidneodrach agus iomaíoch
- an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht a bhaint amach idir gnéithe comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha i mbainistiú inbhuanaithe na bhforaoisí
Féach tuilleadh
Foraoisí: fíricí agus figiúirí
An t-athrú aeráide: a bhfuil á dhéanamh ag an Aontas
Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach sláinte na n-ithreacha a chaomhnú?
An t-athbhreithniú deireanach: an 12 Meitheamh 2026