An talmhaíocht a ghlasú
Cuireann an tAontas cleachtais inbhuanaithe atá neamhdhíobhálach don chomhshaol chun cinn sna córais bhia ionas go ndéanfar an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint agus ionas go ndéanfar athléimneacht earnáil an bhia a fheabhsú san am céanna.
Córas bia atá inbhuanaithe, athléimneach agus folláin
Tá earnáil an bhia ar cheann de mhórearnálacha eacnamaíocha an Aontais.
Cé go bhfuil an earnáil ag brath go mór ar an gcomhshaol, is mór an tionchar atá aici féin ar an gcomhshaol. Tagann astaíochtaí gás ceaptha teasa as an táirgeadh bia agus as an slabhra soláthair, agus tá siad ar cheann de na cúiseanna atá leis an athrú aeráide. Mar gheall ar dhífhoraoisiú, úsáid lotnaidicídí agus cleachtais eile atá díobhálach don chomhshaol agus a dhéantar agus dianfheirmeoireacht ar bun, tarlaíonn díghrádú ithreach agus cailliúint bithéagsúlachta.
Tá athrú ó bhonn á dhéanamh ag an Aontas ar an gcaoi a dtáirgtear agus a gcaitear bia san Eoraip chun:
- an fheirmeoireacht agus na córais bhia a dhéanamh níos inbhuanaithe
- athléimneacht i gcoinne géarchéimeanna a neartú
- a chinntiú go bhfuil bia sláintiúil agus inacmhainne
Trí chleachtais inbhuanaithe a chur chun cinn, astaíochtaí agus truailliú a laghdú, agus an bhithéagsúlacht a fheabhsú, tá an tAontas ag obair i dtreo córas bia a bheidh athléimneach ó thaobh na haeráide de agus neamhdhíobhálach don chomhshaol.
Ina theannta sin, is mian leis an Aontas leas na n-ainmhithe a fheabhsú, caillteanas agus cur amú bia a laghdú, tomhaltas bia níos inbhuanaithe agus aistí bia sláintiúla a chur chun cinn agus calaois bhia sa slabhra soláthair a chomhrac.
Cén fáth ar cheart an talmhaíocht a dhéanamh níos glaise?
Ar an leibhéal domhanda, dar leis an bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), is as na córais bhia a thagann thart ar aon trian de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa. San Aontas, is í an talmhaíocht is cúis le beagnach 11% de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais - meatáin ó bheostoc agus ocsaíd nítriúil ó ithreacha den chuid is mó.
Ach mar sin féin, is féidir ról lárnach a bheith ag an bhfeirmeoireacht agus ag an bhforaoiseacht maidir leis an athrú aeráide a chomhrac trí charbón a ionsú ón atmaisféar.
Dúshlán eile is ea ró-úsáid lotnaidicídí agus ábhar frithmhiocróbach san fheirmeoireacht, agus iarmhairtí tromchúiseacha aici don chomhshaol agus don tsláinte, agus truailliú uisce, díghrádú ithreach agus forbairt frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha mar thoradh uirthi.
Meastar go bhfuil 60-70 % d’ithreacha an Aontais mífholláin, de réir na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil. Bíonn cumas laghdaithe ag ithir bhocht agus ag éiceachórais talmhaíochta a bhfuil drochbhail orthu bia a tháirgeadh.
Príomhbheartais agus príomhreachtaíocht an Aontais
Tá cur chuige an Aontais maidir leis an talmhaíocht a ghlasú fódaithe i straitéisí éagsúla agus i reachtaíocht éagsúil.
Is pacáiste de thionscnaimh bheartais chomhshaoil agus aeráide é an Comhaontú Glas don Eoraip, a glacadh in 2019. Leagtar síos ann mar sprioc go mbeidh an Eoraip neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050. Tá an talmhaíocht ríthábhachtach don aistriú sin.
Tá an straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ ar cheann de na príomhghníomhaíochtaí faoin gComhaontú Glas don Eoraip. Féachann an straitéis seo leis na córais bhia atá ag an Aontas faoi láthair a thabhairt chun inbhuanaitheachta. D’fhormhuinigh an Chomhairle an méid sin sna conclúidí a ghlac sí i mí Dheireadh Fómhair 2020.
Gné lárnach eile den Chomhaontú Glas is ea an straitéis bhithéagsúlachta. Tá sé mar aidhm aici na héiceachórais a athchóiriú agus cailliúint na bithéagsúlachta a aisiompú, agus cleachtais agrai-éiceolaíocha a chur chun cinn, uainíocht barr agus agrafhoraoiseacht ina measc.
Rinneadh athchóiriú ar an gcomhbheartas talmhaíochta (CBT) chun gur fearr a thacófaí leis na cuspóirí comhshaoil agus aeráide. Ó 2023 – 2027, tá 40 % de bhuiséad CBT a chaitheamh ar ghníomhú ar son na haeráide.
I gcomhréir leis an straitéis bhithéagsúlachta, leagtar síos, leis an dlí um athbhunú dúlra, na chéad spriocanna ceangailteacha chun éiceachórais, gnáthóga agus speicis a athbhunú san Eoraip. Is é an aidhm atá leis an dlí an bhithéagsúlacht a fheabhsú agus cur le hinbhuanaitheacht na dtailte talmhaíochta.
Leis na straitéisí agus dlíthe seo, tugtar aghaidh ar réimse leathan de shaincheisteanna ríthábhachtacha - laghdú astaíochtaí agus úsáid lotnaidicídí, feirmeoireacht orgánach, leas ainmhithe agus cur amú bia ina measc.
Feirmeoireacht inbhuanaithe
Leis an gComhbheartas Talmhaíochta nua, atá i bhfeidhm ó 2023, tugtar dreasachtaí d'fheirmeoirí agus cuirtear de cheangal orthu cleachtais atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a chur chun feidhme.
- coinníollacht: ní mór d’fheirmeacha a fhaigheann íocaíochtaí díreacha ó CBT bogaigh agus tailte portaigh a chosaint agus uainíocht barr nó éagsúlú barr agus cleachtais cumhdaigh ithreach a chur chun feidhme
- éiciscéimeanna: má dhéanann feirmeoirí bearta sa bhreis ar na ceanglais atá éigeantach is féidir leo íocaíochtaí breise a fháil ó éiciscéimeanna. Leithdháiltear 25%, ar a laghad, de na híocaíochtaí díreacha ar éiciscéimeanna, méid is ionann agus buiséad €48.5 billiún
- forbairt tuaithe: tugtar tacaíocht freisin leis na cláir forbartha tuaithe agus tugtar tacaíocht airgeadais do na feirmeoirí chun cleachtais chomhshaoil a chur chun feidhme
Féadfaidh na feirmeoirí a gcuid féin a dhéanamh leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú trí chleachtais feirmeoireachta carbóin a chur i bhfeidhm. Féadfaidh siad, mar shampla, carbón a ghabháil ón atmaisféar (ceapadh carbóin) agus é a stóráil in ithir nó i mbithmhais, agus ithir a bhainistiú ar bhealach níos fearr chun gur fearr a bheidh sí in ann carbón a stóráil.
Éiceachórais talmhaíochta a athbhunú
Leis an rialachán um athbhunú dúlra, atá i bhfeidhm ó mhí Lúnasa 2024, iarrtar ar bhallstáit an Aontais beart a dhéanamh chun an méid seo a leanas a bhaint amach:
- 30% den talamh portaigh draenáilte atá á húsáid sa talmhaíocht a athbhunú faoi 2030, agus 50% di a athbhunú faoi 2050 (agus céatadán níos ísle i bhfeidhm i gcás tíortha ina bhfuil sé seo go mór i gceist)
- feabhas a chur ar an stoc carbóin in ithreacha mianraí
- cuir leis na gnéithe tírdhreacha a bhfuil éagsúlacht ag baint leo ar thalamh feirmeoireachta (sceacha, bláthcheapacha, branair, linnte agus crainn torthaí, mar shampla )
Athbhunú an dúlra
Feirmeoireacht orgánach
Is mór i gceist an fheirmeoireacht orgánach in aistriú an Aontais i dtreo córais bhia inbhuanaithe. Cleachtais atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a úsáidtear san fheirmeoireacht orgánach, stíl feirmeoireachta ina ndéantar a laghad úsáide is féidir a bhaint as leasacháin agus lotnaidicídí, agus ina ndéantar sláinte ithreach agus an bhithéagsúlacht a bhisiú agus ardchaighdeáin leasa ainmhithe a chinntiú. Tá an tAontas ag iarraidh gur talamh orgánach a bheadh in 25 % de thalamh feirme an Aontais faoi 2030.
Feirmeoireacht orgánach
Is cuid de dhlúth agus d’inneach an chomhbheartais talmhaíochta an tacaíocht don fheirmeoireacht orgánach. Leis an rialachán maidir le feirmeoireacht orgánach déantar cinnte go mbeidh ardchaighdeáin ann don táirgeadh orgánach agus don deimhniú orgánach, agus cuirtear chun cinn trédhearcacht na dtáirgí orgánacha agus an mhuinín atá ag na tomhaltóirí astu.
An t-athbhreithniú deireanach: an 21 Bealtaine 2026