Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
449 Torthaí
Cistiú ón Aontas don chosaint
Tá an tAontas ag cur lena chaiteachas cosanta trí roinnt tionscnamh agus ionstraimí i mbuiséad an Aontais.

An Liobáin
Tacaíonn an tAontas le hiomláine chríochach, ceannasacht, cobhsaíocht agus neamhspleáchas polaitiúil na Liobáine agus le hiarrachtaí athchóirithe Rialtas na Liobáine.

Caidreamh an Aontais leis na Stáit Aontaithe
Tá an caidreamh déthaobhach trádála agus infheistíochta is fairsinge ar domhan ag an Aontas agus ag na Stáit Aontaithe agus oibríonn siad le chéile chun dul i ngleic le dúshláin slándála dhomhanda.

Clásal éalaithe náisiúnta maidir le caiteachas cosanta
Tugann an tAontas cead do na Ballstáit an clásal éalaithe náisiúnta a úsáid chun go mbeidh solúbthacht bhuiséadach breise acu le go mbeidh siad in ann borradh a chur faoin gcaiteachas cosanta mar fhreagairt ar na bagairtí slándála atá ag dul i méid.

Comhtháthú mhargadh an Aontais agus maoirseacht éifeachtúil
Tá an tAontas ag obair ar rialacha nua chun an leas iomlán a bhaint as an margadh aonair le haghaidh seirbhísí airgeadais, ionas go mbeidh sé níos éasca infheistíocht a dhéanamh agus maoiniú a thiomsú thar teorainneacha.

Gníomhaíochtaí hibrideacha na Rúise: smachtbhannaí an Aontais
Tá smachtbhannaí glactha ag an Aontas lena ndírítear ar dhaoine agus ar eintitis atá freagrach as bagairtí agus feachtais hibrideacha a dhéanamh i gcoinne an Aontais agus na mBallstát.

An tSaoráid don Úcráin
Cuireann an tSaoráid don Úcráin tacaíocht airgeadais ar fáil don Úcráin chun cobhsaíocht airgeadais, téarnamh agus nuachóiriú na tíre a neartú, chun a riarachán poiblí a choinneáil ar bun agus chun tacú lena hiarrachtaí athchóirithe.

An dramhaíl
Tá an dramhaíl ina guais don chomhshaol agus do shláinte an duine. Oibríonn an tAontas chun dramhaíl a chosc agus a bhainistiú ar bhealach níos fearr, agus chun geilleagar níos ciorclaí a chothú.

Táirgí nach mbíonn dífhoraoisiú mar thoradh orthu
Tá foraoisí sláintiúla ríthábhachtach do dhaoine agus don chomhshaol. Is é is aidhm do rialacha an Aontais an dífhoraoisiú domhanda a laghdú trí rialáil a dhéanamh ar allmhairiú agus onnmhairiú earraí a gcuireann a dtáirgeadh le cailliúint foraoisí ar fud an domhain.

Meabhairshláinte
Tá an mheabhairshláinte ríthábhachtach chun go mbainfí sásamh agus tairbhe as an saol. Ach fós féin, tá fadhbanna meabhairshláinte ag go leor Eorpach. Tá tíortha an Aontais ag obair le chéile chun an mheabhairshláinte a chur chun chinn ar bhealach níos fearr.
