Caidreamh an Aontais leis na Stáit Aontaithe
Tá an caidreamh déthaobhach trádála agus infheistíochta is fairsinge ar domhan ag an Aontas agus ag na Stáit Aontaithe agus oibríonn siad le chéile chun dul i ngleic le dúshláin slándála dhomhanda.
An trádáil agus an infheistíocht
An trádáil idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe
Tá an caidreamh trasatlantach ina chuid ríthábhachtach de gheilleagar an domhain. Is san Aontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe a dhéantar beagnach 30% den trádáil dhomhanda in earraí agus seirbhísí agus is fiú 43% d’Olltáirgeacht Intíre (OTI) an domhain OTI an dá gheilleagair sin (arna shloinneadh in USD). Is ag an Aontas Eorpach agus ag na Stáit Aontaithe atá an caidreamh eacnamaíoch is comhtháite ar domhan.
Bliain faoi leith eile a bhí in 2025 - ba é luach na trádála déthaobhaí in earraí agus i seirbhísí ná €1.77 trilliún (de réir sonraí sealadacha). Is mó sin ná OTI na Spáinne. Gach lá, trasnaíonn earraí agus seirbhísí dar luach níos mó ná €4.8 billiún an tAtlantach.
Bhí barrachas trádála dar luach €20 billiún ag an Aontas leis na Stáit Aontaithe in 2025, agus earraí agus seirbhísí araon á gcur san áireamh.
Éabhlóid na trádála trasatlantaí (2014-2025)
Cairt ar a léirítear an chaoi ar tháinig forbairt ar thrádáil earraí agus seirbhísí idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe idir 2015 agus 2025. Tháinig méadú faoi dhó ar thrádáil earraí agus seirbhísí le linn na tréimhse sin. Beagán os cionn €856 bhilliún ab ea luach na trádála in 2015; €1.77 trilliún a luach in 2025.
Foinse: Eurostat.
An trádáil idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe: fíricí agus figiúirí
Ráiteas comhpháirteach ón Aontas Eorpach agus ó na Stáit Aontaithe
Tar éis an ráitis chomhpháirtigh ón Aontas agus ó na Stáit Aontaithe an 21 Lúnasa 2025, ghlac an Chomhairle dhá rialachán go foirmiúil i mí an Mheithimh 2026 lena n-achtaítear laghduithe taraife an Aontais.
Leis na rialacháin, cuirtear deireadh leis na dleachtanna custaim atá ann i gcónaí ar earraí tionsclaíocha de chuid na Stát Aontaithe, tugtar rochtain fhabhrach do tháirgí talmhaíochta áirithe, agus leathnaítear fionraí na ndleachtanna ar allmhairí gliomach (ó gach tír, ní hamháin ó na Stáit Aontaithe). Tá ráillí cosanta treisithe ag gabháil leo chun táirgeoirí, gnólachtaí agus oibrithe an Aontais a chosaint.
Áirítear sna rialacháin sásra coimirce, sásra fionraíochta lena gceadaítear don Aontas freagairt mura n-urramóidh na Stáit Aontaithe a ghealltanais, agus clásal éagtha faoina mbeidh feidhm ag an bpríomhrialachán go dtí deireadh 2029 agus faoina rachaidh an rialachán maidir le gliomaigh in éag i mí Iúil 2030 mura ndéanfar tuilleadh gníomhaíochta.
Tiocfaidh na rialacháin i bhfeidhm an lá tar éis lá a bhfoilsithe san Iris Oifigiúil. Beidh feidhm chúlghabhálach ag an rialachán a bhaineann le hallmhairí gliomach ón 1 Lúnasa 2025.
- An trádáil idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe: an Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú chun gnéithe taraife an ráitis chomhpháirtigh a chur chun feidhme (preaseisiúint, an 20 Bealtaine 2026)
- Ráiteas comhpháirteach ón Aontas Eorpach agus ó na Stáit Aontaithe maidir le comhaontú i ndáil le trádáil chómhalartach, chóir agus chothrom (an Coimisiún Eorpach)
- An trádáil idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe: Formheas críochnaitheach tugtha ag an gComhairle maidir leis na gealltanais taraife faoin ráiteas comhpháirteach (preaseisiúint, an 25 Meitheamh 2026)
Infheistíochtaí
Is iad na hinfheistíochtaí frithpháirteacha a dhéanann an tAontas agus na Stáit Aontaithe na hinfheistíochtaí is mó ar domhan agus is spreagadh suntasach iad don chaidreamh trasatlantach. In 2024, os cionn €4.8 trilliún ba luach na n-infheistíochtaí díreacha coigríche frithpháirteacha i stoic. Tá sé sin beagnach cothrom le luach gheilleagair iomlána na Fraince agus na Spáinne le chéile.
As na cuideachtaí uile de chuid an Aontais a infheistíonn thar lear, déanann thart ar aon trian infheistíocht sna Stáit Aontaithe, agus as na hinfheistíochtaí coigríche uile san Aontas, tagann thart ar aon trian ó na Stáit Aontaithe.
Tá infheistíochtaí iomlán na Stát Aontaithe san Aontas tuairim is ceithre huaire níos airde ná i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise. Tá infheistíocht dhíreach choigríche an Aontais sna Stáit Aontaithe thart ar dheich n-oiread níos mó ná infheistíocht an Aontais san India agus sa tSín i dteannta a chéile.
Tacaíonn an trádáil agus an infheistíocht dhéthaobhach leis na milliúin post san Aontas agus sna Stáit Aontaithe. Tacaíonn onnmhairí earraí agus seirbhísí na Stát Aontaithe chuig an Aontas le 2.3 milliún post sna Stáit Aontaithe, agus tá 3.4 milliún duine fostaithe in infheistíochtaí chuideachtaí an Aontais sna Stáit Aontaithe.
Fuinneamh
Bhí ról ríthábhachtach ag an dlúthchomhar trasatlantach maidir le slándáil fuinnimh an Aontais a chinntiú tar éis chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Úsáidtear gás nádúrtha leachtaithe (GNL) ó na Stát Aontaithe in ionad cuid d’allmhairí gáis na Rúise.
In 2025, d’allmhairigh an tAontas níos mó ná 82.9 billiún méadar ciúbach (bmc) de GNL ó na Stáit Aontaithe. Is ionann sin agus 26.4% d’allmhairí gáis iomlána an Aontais agus beagnach 58% d’allmhairí GNL.
Allmhairí gáis an Aontais
Barrachairt ina ndéantar comparáid idir an soláthar gáis ó phríomh-chomhpháirtithe chuig an Aontas in 2021, 2023 agus 2025.
Tháinig meath ar allmhairí ón Rúis, ó níos mó ná 150 billiún méadar ciúbach (bmc) in 2021 go 38 mbilliún méadar ciúbach in 2025. Cúitíodh é sin den chuid is mó leis an méadú a tháinig ar allmhairí ó chomhpháirtithe eile. Tháinig méadú ar allmhairí ón Iorua ó 86.4 billiún méadar ciúbach in 2021 go 97.1 billiún méadar ciúbach in 2025. Tháinig méadú ar allmhairí ó na Stáit Aontaithe ó 21 bcm in 2021 go 82.9 bcm in 2025, agus tháinig méadú ar allmhairí ó chomhpháirtithe eile ó 51.7 bcm in 2021 go 56.9 bcm in 2025.
Foinse: Bruegel
Oibríonn an dá chomhpháirtí thrasatlantacha obair as lámha a chéile sa Chomhairle Fuinnimh idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe, ar fóram é le haghaidh comhordú maidir le saincheisteanna straitéiseacha fuinnimh comhleasa agus le haghaidh comhar maidir le taighde agus forbairt.
Dul i ngleic le dúshláin slándála
Oibríonn an tAontas agus na Stáit Aontaithe i gcomhar le chéile chun dul i ngleic le dúshláin slándála dhomhanda, cuir i gcás an sceimhlitheoireacht, an t-antoisceachas foréigneach, leathadh arm núicléach agus an choireacht thrasnáisiúnta. Déanann siad bainistíocht freisin ar naisc dlútha slándála agus cosanta.
Tá $600 billiún infheistithe ag an Aontas agus ag na Stáit Aontaithe ar fud an domhain trí Chomhpháirtíocht G7 um Bonneagar agus Infheistíocht Dhomhanda, lena n-áirítear trí Global Gateway an Aontais.
Cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin
Is sárú follasach ar Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar an dlí idirnáisiúnta é cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Is dúshlán mór é, ní hamháin do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine, ach don ord idirnáisiúnta riailbhunaithe freisin.
Tacaíonn an tAontas agus na Stáit Aontaithe, i ndlúthchomhar lena gcomhpháirtithe G7, leis an Úcráin agus lena muintir, agus tá raon beart á gcur chun feidhme acu chun tuilleadh brú a chur ar an Rúis stop a chur lena cogadh foghach ar an Úcráin.
An dlúthpháirtíocht leis an Úcráin
Seasann an tAontas go daingean leis an Úcráin agus lena muintir, agus leanfaidh sé de thacaíocht pholaitiúil, airgeadais, eacnamaíoch, dhaonnúil, mhíleata agus taidhleoireachta a chur ar fáil.
Tacaíonn an tAontas agus na Stáit Aontaithe leis an Úcráin i ngach réimse; cuireann siad chúnamh míleata ar fáil, tacaíonn siad le hiarrachtaí ar son na síochána agus na taidhleoireachta, comhlíonann siad gealltanais slándála agus tacaíonn siad leis an atógáil agus le hathchóirithe a bhaineann leis an aontachas.
Ó thosaigh cogadh foghach na Rúise, tá €215 billiún curtha ar fáil ag an Aontas agus na Ballstáit chun tacú leis an Úcráin agus lena muintir.
Dlúthpháirtíocht an Aontais leis an Úcráin
Smachtbhannaí i gcoinne na Rúise
Chuir an tAontas, na Stáit Aontaithe agus comhpháirtithe eile atá ar aon intinn leo smachtbhannaí ollmhóra nach bhfacthas a leithéid riamh ar an Rúis mar fhreagairt ar a cogadh foghach ar an Úcráin.
Is é is aidhm do na bearta bonn eacnamaíoch na Rúise a lagú, teicneolaíochtaí agus margaí criticiúla a bhaint di, agus srian suntasach a chur lena cumas cogadh a fhearadh.
Díríonn smachtbhannaí an Aontais ar earnálacha airgeadais, trádála, fuinnimh, iompair, teicneolaíochta agus cosanta na Rúise, chomh maith le seirbhísí a chuirtear ar fáil don Rúis nó do náisiúnaigh Rúiseacha. Díríonn siad freisin ar dhaoine aonair agus ar na heintitis atá freagrach as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht nó de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.
Ar na daoine ar cuireadh smachtbhannaí orthu, tá Vladimir Putin, Uachtarán na Rúise, airí, gobharnóirí agus polaiteoirí áitiúla, comhaltaí de Dhúma Stáit na Rúise agus de Chomhairle Slándála na Rúise, bolscairí, ardoifigigh agus pearsanra míleata.
Comhordaíonn an tAontas a bheartas smachtbhannaí go dlúth leis na Stáit Aontaithe agus le comhpháirtithe eile G7 chun a dtionchar agus a n-éifeachtacht a mhéadú.
Comhar idir daoine
Cothaíonn an tAontas agus na Stáit Aontaithe roinnt malartuithe idir daoine agus cláir acadúla, lena n-áirítear:
- Erasmus+ agus Erasmus Mundus
- gníomhaíochtaí Jean Monnet
- gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie
- clár Fulbright-Schuman
- clár an Aontais um chuairteoirí
- an clár um chuairteoirí le haghaidh cheannairí an Aontais agus na Stát Aontaithe atá ag teacht chun cinn
Féach freisin
An trádáil idir an tAontas agus Ceanada: fíricí agus figiúirí
Trádáil idir an tAontas agus Meicsiceo: fíricí agus figiúirí
Ról an Aontais sa trádáil dhomhanda
An t-athbhreithniú deireanach: an 1 Iúil 2026