An dramhaíl
Tá an dramhaíl ina guais don chomhshaol agus do shláinte an duine. Oibríonn an tAontas chun dramhaíl a chosc agus a bhainistiú ar bhealach níos fearr, agus chun geilleagar níos ciorclaí a chothú.
Dramhaíl mar acmhainn
Truaillíonn dramhaíl an talamh agus an t-uisce, agus tá ár n-aigéin ag líonadh le dramhaíl phlaisteach.
Is toradh é truailliú ar dhrochbhainistiú dramhaíola agus cuireann sé brú ar an gcomhshaol nádúrtha, rud a chuireann sláinte an duine i mbaol.
Mar sin féin, má dhéantar í a bhainistiú i gceart, is féidir le dramhaíl a bheith ina hacmhainn. Má dhéantar í a athúsáid agus a athchúrsáil, in ionad í a dhiúscairt, is féidir le dramhaíl luach a chruthú don gheilleagar.
I ngeilleagar ciorclach, baintear ábhair ardluacha as dramhaíl agus athraítear a gcuspóir chun earraí nua a dhéanamh. Cuireann sé sin fad le saol na n-ábhar, agus sábhálann sé iad ó dhiúscairt agus laghdaíonn sé an gá le hábhair nua. Cuidíonn sé sin leis an tionchar ar acmhainní nádúrtha a laghdú.
Reachtaíocht an Aontais maidir le dramhaíl
Is iad seo a leanas aidhmeanna ginearálta an Aontais maidir le dul i ngleic le dramhaíl:
- éifeachtaí diúltacha a íoslaghdú trí dhramhaíl a chosc agus a bhainistiú ar bhealach níos fearr
- athchúrsáil agus athúsáid acmhainní agus ábhar a chur chun cinn, ag tacú le geilleagar ciorclach
Tá rialacha an Aontais maidir le dramhaíl bunaithe ar an treoir réime dramhaíola ina leagtar amach na príomhphrionsabail maidir le conas dramhaíl a bhainistiú. Tá bearta i bhfeidhm chun dul i ngleic le cineálacha sonracha dramhaíola, mar shampla dramhthrealamh leictreach agus leictreonach nó cur amú bia.
An treoir réime dramhaíola
Tá prionsabail bhunúsacha agus sainmhínithe bunúsacha maidir le bainistiú sa treoir réime dramhaíola. Sainítear inti cineálacha dramhaíola agus dramhaíola guaisí, agus mínítear inti cathain nach dramhaíl a thuilleadh í an dramhaíl agus cathain a dhéantar amhábhar tánaisteach di.
Leagtar síos ord tosaíochta sa treoir maidir le dramhaíl, ar a dtugtar ‘ord na réiteach dramhaíola’. De réir an ordlathais sin, ba cheart dramhaíl a chosc ar an gcéad dul síos, agus níor cheart í a dhiúscairt ach amháin mura féidir í a athúsáid, a athchúrsáil nó a aisghabháil.
Tá spriocanna sa treoir freisin atá le baint amach ag na Ballstáit. Ina measc sin tá sprioc maidir le hathúsáid agus athchúrsáil dramhaíola cathrach, atá le méadú go dtí íosmhéid 55% de réir meáchain faoi 2025, íosmhéid 60% faoi 2030 agus íosmhéid 65% faoi 2035.
Tá an tAontas ag obair chun athbhreithniú a dhéanamh ar an treoir, go háirithe na rialacha maidir le bia agus an dramhaíl teicstíle. Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh maidir leis an athbhreithniú, bunaithe ar an togra a chuir an Coimisiún Eorpach síos. Thángthas ar chomhaontú sealadach le Parlaimint na hEorpa maidir le cruth deiridh na reachtaíochta i mí Feabhra 2025.
An cur amú bia
Loingsithe dramhaíola
Onnmhairítear thart ar 32.7 milliún tona dramhaíola gach bliain, agus déantar 70 milliún tona a thrádáil laistigh den Aontas.
Mura ndéantar í a rialú, is baolach go ndéanfadh an trádáil dramhaíola dochar don chomhshaol agus do shláinte an duine. Is féidir le dramhaíl ina bhfuil substaintí guaiseacha an talamh agus na haigéin a thruailliú, agus bíonn iarmhairtí tubaisteacha aici ar an gcomhshaol.
Tá rialacha ag an Aontas Eorpach lena rialaítear loingsithe dramhaíola. In 2024, tugadh na rialacha sin cothrom le dáta chun rialáil níos fearr a dhéanamh ar thrádáil dramhaíola, laistigh den Aontas agus le tíortha nach bhfuil san Aontas araon.
An trádáil dramhaíola
Ceallraí agus ceallraí dramhaíola
Úsáideann táirgeadh cadhnraí go leor amhábhar nua, agus tá substaintí guaiseacha i gcadhnraí dramhaíola. Ghlac an tAontas rialacha a rialaíonn saolré iomlán na gceallraí — ó tháirgeadh go hathúsáid agus athchúrsáil — agus cinnteofar go mbeidh an earnáil agus a táirgí sábháilte, inbhuanaithe agus iomaíoch.
Bainfear é sin amach trí chritéir feidhmíochta, mharthanachta agus shábháilteachta, trí shrianta dochta ar shubstaintí guaiseacha ar nós mearcair, caidmiam agus luaidhe agus trí fhaisnéis éigeantach maidir le lorg carbóin ceallraí.
I dtreo slabhra soláthair ceallraí Eorpach atá inbhuanaithe agus ciorclach (Grafaic faisnéise)
Dramhaíl ó threalamh leictreach agus leictreonach
Áirítear ar dhramhaíl ó threalamh leictreach agus leictreonach (DTLL) raon leathan gléasanna, mar shampla ríomhairí, cuisneoirí agus fóin phóca ag deireadh a saoil. Is féidir leis an gcineál seo dramhaíola fadhbanna móra comhshaoil agus sláinte a chruthú mura ndéantar na gairis dhiúscartha a bhainistiú i gceart. Tá acmhainní tearca i leictreonaic nua-aimseartha freisin, lena n-áirítear amhábhair chriticiúla is féidir a athchúrsáil agus a athúsáid má dhéantar an dramhaíl a bhainistiú go héifeachtach.
Tá méadú mear ag teacht ar an méid DTLL a ghintear gach bliain san Aontas Eorpach. Chun an treocht sin a aisiompú agus athchúrsáil níos fearr ar ábhair DTLL a chur chun cinn, tá rialacha glactha ag an Aontas maidir leis an dramhaíl sin a chóireáil, rud a chuireann le táirgeadh agus tomhaltas inbhuanaithe.
In 2024, ghlac an tAontas leasú ar na rialacha chun roinnt forálacha a bhaineann le freagracht leathnaithe táirgeora a shoiléiriú.
Pacáistíocht
In 2022, ghin tíortha an Aontais 84 mhilliún tona dramhaíola ó phacáistíocht, 20% níos mó ná in 2011. Mura ndéantar aon bheart, d’fhéadfadh méadú 19 % eile teacht ar dhramhaíl ó phacáistíocht faoi 2030, rud a chuirfeadh leis an truailliú a mhéadú agus leis na rioscaí a bhaineann léi.
Chun aghaidh a thabhairt air sin, tá athbhreithniú déanta ag an Aontas ar a reachtaíocht maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht. Is é an sprioc atá ann:
- giniúint dramhaíola ó phacáistíocht a laghdú
- geilleagar ciorclach costéifeachtach a chur chun cinn le haghaidh pacáistíochta
- rialacha maidir le pacáistíocht a chomhchuibhiú ar fud an Aontais
Pacáistíocht
Truailleáin orgánacha mharthanacha
Is substaintí thar a bheith díobhálach iad truailleáin orgánacha mharthanacha, ar a dtugtar ‘buancheimiceáin’ freisin toisc nach mbriseann siad síos sa chomhshaol: tá siad tocsaineach agus is féidir leo daoine agus an dúlra a chur i mbaol.
Bíonn siad i ndramhaíl a thagann ó tháirgí áirithe tomhaltóirí, cuir i gcás teicstílí uiscedhíonacha, troscán, plaistigh agus trealamh leictreonach.
In 2022, ghlac an tAontas rialacha chun srian a chur ar shubstaintí den sórt sin a bheith i ndramhaíl.
Féach freisin
An t-athbhreithniú deireanach: an 19 Feabhra 2025