Cistiú ón Aontas don chosaint
Tá an tAontas ag cur lena chaiteachas cosanta trí roinnt tionscnamh agus ionstraimí i mbuiséad an Aontais.
Conas a dhéanann an tAontas an earnáil chosanta a chistiú?
Cistíonn an tAontas an earnáil chosanta trí ionstraimí éagsúla atá sa bhuiséad aige chun tacú le tionscadail taighde, forbartha, táirgthe, soláthair agus bonneagair.
Cé gur inniúlachtaí náisiúnta iad an tslándáil agus an chosaint fós, comhlánaíonn agus forbraíonn an tAontas iarrachtaí aonair, trí chaiteachas cosanta náisiúnta méadaithe a éascú agus úsáid a bhaint as acmhainní buiséadacha an Aontais.
Is é an Ciste Eorpach Cosanta, a seoladh in 2021 chun tacú le taighde agus forbairt i réimse na cosanta, an phríomhionstraim le haghaidh maoiniú cosanta. Maoiníonn an tAontas tionscadail soghluaisteachta míleata faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa freisin, a chuidíonn lena chinntiú go bhfuil bonneagar oiriúnach d’úsáid shibhialtach agus mhíleata.
I bhfianaise an athraithe mhóir atá tagtha ar an staid slándála ó thosaigh cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin in 2022, mhéadaigh an tAontas a chaiteachas cosanta i mbuiséad an Aontais.
Sa chomhthéacs sin, ghlac an tAontas an méid seo a leanas:
- dhá ionstraim shealadacha chun tacú le táirgeadh armlóin agus chun tionscal cosanta na hEorpa a threisiú trí sholáthar comhoibríoch in 2023
- an Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach in 2025
Tá an tAontas ag obair faoi láthair ar na rialacha agus na nósanna imeachta atá ann cheana a shimpliú chun scrogaill i reachtaíocht an Aontais in earnáil na cosanta a laghdú agus chun dlús a chur le rochtain ar chistí an Aontais.
An Ciste Eorpach Cosanta
Tháinig an Ciste Eorpach Cosanta i bhfeidhm an 29 Aibreán 2021.
Bhí buiséad iomlán de bheagnach €7.3 billiún i bpraghsanna reatha ag an gciste ar dtús faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2021-2027, buiséad a leithdháileadh ar chistí do thaighde cosanta comhoibríoch agus tionscadail chomhoibríocha forbartha cumais.
Mar thoradh ar athbhreithniú meántéarma ar CAI, tháinig méadú €1.5 billiún ar bhuiséad CEF le haghaidh tionscadail faoin ardán um theicneolaíochtaí straitéiseacha don Eoraip.
Agus iarrachtaí na mBallstát á gcomhlánú agus á méadú, cuirtear chun cinn leis an gciste comhoibriú idir cuideachtaí agus gníomhaithe taighde de gach méid agus tionscnamh geografach san Aontas, comhoibriú maidir le taighde agus forbairt agus maidir le teicneolaíocht agus trealamh cosanta idir-inoibritheach.
Is iad seo a leanas cuspóirí an chiste:
- tionscal cosanta na hEorpa a bheidh iomaíoch, nuálach agus éifeachtúil a thógáil
- an comhar trasteorann a chur chun cinn agus margadh cosanta níos comhtháite san Aontas a chruthú
- an taighde chomhpháirteach a neartú agus táirgí cosanta agus teicneolaíochta a fhorbairt
- rannchuidiú le huathriail straitéiseach an Aontais
An Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach
An 8 Nollaig 2025, ghlac an Chomhairle an Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach (EDIP).
Trí EDIP, tá €1.5 billiún á chur ar fáil ag an Aontas i bhfoirm deontas chun borradh a chur faoi ullmhacht cosanta na hEorpa sa tréimhse 2025-2027. Tacaíonn sé leis an Úcráin freisin trí ionstraim thiomnaithe ar fiú €300 milliún í.
Leis an gclár, cuirtear roinnt de na bearta nithiúla a mholtar sa Straitéis um Thionscal Cosanta na hEorpa chun feidhme, a thíolaic an Coimisiún Eorpach agus an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála i mí an Mhárta 2024.
An clár um an tionscal cosanta Eorpach
Clár um nuálaíocht shofhreagrach mhear i réimse na cosanta
An 15 Iúil 2026, tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an togra chun clár nua €115 mhilliún a bhunú le haghaidh nuálaíocht shofhreagrach mhear i réimse na cosanta (AGILE).
Is é is aidhm do AGILE tacaíocht airgeadais shofhreagrach mhear spriocdhírithe a chur ar fáil d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá i mbun fáis. Díreoidh sé go háirithe ar thacú le forbairt agus tástáil táirgí cosanta atá ag teacht chun cinn agus táirgí cosanta suaiteacha, lena n-áirítear teicneolaíochtaí sibhialta a oiriúnú le haghaidh feidhmeanna cosanta.
Meastar go mbeidh an clár nua ag feidhmiú ó thús 2027.
An tsoghluaisteacht mhíleata
Maoiníonn an tAontas tionscadail soghluaisteachta míleata faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa. Agus buiséad de €1.74 billiún acu, cuireann na tionscadail sin feabhas ar chonairí soghluaisteachta míleata chun go mbeidh fórsaí armtha in ann gluaiseacht níos tapúla agus gluaiseacht níos fearr thar theorainneacha agus chun a chinntiú go gcuirfear an bonneagar in oiriúint chun críoch sibhialta agus cosanta.
A luaithe a ghlacfar an t-athbhreithniú meántéarma ar bheartas comhtháthaithe 2021-2027, beidh na Ballstáit in ann cistí a aistriú óna gcláir beartais chomhtháthaithe chuig tionscnaimh soghluaisteachta míleata más mian leo.
I measc roinnt samplaí de thionscadail faoin gcreat sin tá iarnróid a thógáil agus a uasghrádú, codanna bóthair den ghréasán a uasghrádú agus bonneagar dé-úsáide a fheabhsú i gcalafoirt mhuirí, aerfoirt agus uiscebhealaí intíre.
I mí na Samhna 2025, chuir an Coimisiún Eorpach agus an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an pacáiste maidir le soghluaisteacht míleata i láthair, a bhfuil sé mar aidhm leis gluaiseacht trúpaí, trealaimh agus sócmhainní míleata a chinntiú gan stró ar fud an Aontais.
Is éard atá sa phacáiste togra le haghaidh rialacháin agus teachtaireacht chomhpháirteach. An 17 Meitheamh 2026, d’fhormheas an Chomhairle a sainordú caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa maidir leis an rialachán.
Táirgeadh armlóin
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú i mí an Mhárta 2023 maidir le plean trí rian chun dlús a chur le seachadadh agus soláthar comhpháirteach armlóin agus diúracán chuig an Úcráin. Maoinítear an chéad dá rian, dar luach €1 bhilliún an ceann, tríd an tSaoráid Eorpach Síochána (ionstraim a dtugann na Ballstáit cistiú díreach ina leith).
An 20 Iúil 2023, chuir an Chomhairle an tríú rian den bplean, rialachán maidir le tacú le táirgeadh armlóin (ASAP), i bhfeidhm. Maoinítear an ionstraim shealadach sin trí bhuiséad an Aontais.
Agus buiséad €500 milliún aige, mhaoinigh an clár tionscadail chun táirgeadh pléascán, púdair, sliogán, diúracán agus deimhniú tástála agus athchóirithe a spreagadh.
Trí ASAP, thug an tAontas tacaíocht airgeadais do threisiú chumas táirgeachta tionsclaíche an Aontais le haghaidh armlón talamh go talamh agus airtléire, chomh maith le diúracáin.
Soláthar comhoibríoch cosanta
An 18 Deireadh Fómhair 2023, tháinig an Rialachán lena mbunaítear an ionstraim shealadach chun tionscal cosanta na hEorpa a threisiú trí sholáthar comhoibríoch (EDIRPA) a chur i bhfeidhm.
Dreasaíonn an ionstraim sin na Ballstáit chun táirgí cosanta a sholáthar go comhpháirteach agus tá buiséad €310 milliún aici, as a dtagann €300 milliún ón Aontas agus €10 milliún ón Iorua. Maoinítear í trí bhuiséad an Aontais. Bhí 20 tír de chuid an Aontais rannpháirteach i dtionscadail faoi EDIRPA
Cuidíonn an ionstraim freisin le barainneachtaí scála nósanna imeachta soláthair na mBallstát a mhéadú, rud a fhágann go mbeidh bonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch na hEorpa níos iomaíche agus níos éifeachtúla.
Tá an tAontas ag tacú freisin le hinfheistíocht i réimse na cosanta trí sholáthar comhoibríoch leis an ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE), a chuireann iasachtaí suas le €150 billiún ar fáil do na Ballstáit a iarrann iad.
Maoiníonn an tAontas Eorpach SAFE, a glacadh an 27 Bealtaine 2025, trína acmhainneacht iasachtaíochta, go háirithe trí bhannaí an Aontais a eisiúint.
Tá an soláthar comhoibríoch ar cheann de cholúin an Chláir um an Tionscal Cosanta Eorpach (EDIP) freisin, a chomhaontaigh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa an 16 Deireadh Fómhair 2025.
Soláthar comhoibríoch cosanta
Rialacha agus nósanna imeachta a shimpliú san earnáil chosanta
I gcomhthéacs phlean athchóirithe na hEorpa/Ullmhacht 2030, tá an méid seo a leanas á moladh ag an gCoimisiún Eorpach:
- bearta chun an creat dlíthiúil agus riaracháin san earnáil chosanta a shimpliú (omnibuss um ullmhacht cosanta)
- leasuithe spriocdhírithe nua ar chláir chistiúcháin de chuid an Aontais atá ann cheana
An Omnibus um ullmhacht cosanta
An 10 Meitheamh 2026, tháinig Uachtaránacht na Comhairle agus idirbheartaithe Pharlaimint na hEorpa ar chomhaontú chun rialacha maidir le reachtaíocht nua darb aidhm soláthar slándála agus cosanta a shimpliú, infheistíochtaí cosanta a éascú, agus tacú leis an tionscal cosanta.
Is é is aidhm don reachtaíocht shimplithe deireadh a chur le moilleanna riaracháin ar sholáthar, dlús a chur le nósanna imeachta deonaithe ceadanna, aistrithe táirgí a bhaineann le cosaint laistigh den Aontas a éascú agus comhar laistigh den Aontas a neartú.
Leis an gcomhaontú sin, beidh bealach níos soiléire ag na Ballstáit agus ag an tionscal gníomhú go tapa agus treiseofar cumas cosanta na hEorpa.
- An simpliú: an Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú a chuirfidh borradh faoi thionscal cosanta agus ullmhacht an Aontais (preaseisiúint, an 10 Meitheamh 2026)
- Rialacha an Aontais a shimpliú
Na leasuithe ar na cláir chistiúcháin atá ann cheana san Aontas
An 18 Nollaig 2025, ghlac an Chomhairle rialachán chun infheistíochtaí a bhaineann leis an gcosaint a dhreasú faoi chuimsiú bhuiséad an Aontais. Leis na bearta sin, cuirtear an plean ReArm Europe/Ullmhacht 2030 i bhfeidhm agus is é is aidhm dóibh infheistíochtaí a éascú, rud a fhágann go mbeidh bonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch na cosanta Eorpaí níos tapúla, níos solúbtha agus níos comhordaithe.
Leis is na rialacha nua, leasaítear cúig chlár cistiúcháin de chuid an Aontais atá ann cheana:
- an Clár don Eoraip Dhigiteach
- Fís Eorpach
- an Ciste Eorpach Cosanta
- an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa
- an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip
Ina theannta sin, áirítear sa chomhaontú cinneadh cinniúnach chun an Úcráin a chomhlachú leis an gCiste Eorpach Cosanta.
Féach freisin
Ullmhacht cosanta na hEorpa
Clásal éalaithe náisiúnta maidir le caiteachas cosanta
Céard é Gníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE)?
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Iúil 2026