Meabhairshláinte
Tá an mheabhairshláinte ríthábhachtach chun go mbainfí sásamh agus tairbhe as an saol. Ach fós féin, tá fadhbanna meabhairshláinte ag go leor Eorpach. Tá tíortha an Aontais ag obair le chéile chun an mheabhairshláinte a chur chun chinn ar bhealach níos fearr.
Obair na Comhairle maidir le meabhairshláinte
Is staid folláine í an dea-mheabhairshláinte inar féidir le daoine a gcumas a bhaint amach, déileáil le strus, obair a dhéanamh agus cur le saol an phobail. Mar sin féin, tá ualach na bhfadhbanna meabhairshláinte san Aontas an-ard.
Is riachtanas sóisialta agus eacnamaíoch don Aontas agus dá Bhallstáit í an mheabhairshláinte a fheabhsú, rud atá níos soiléire anois ó bhí paindéim COVID-19 ann.
De réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte, tháinig méadú 25% ar chásanna imní agus dúlagair ar fud an domhain sa chéad bhliain den phaindéim.
Chomh leis sin, thuairiscigh an Coimisiún Eorpach go bhfuil braistint uaignis níos leithne ann san Aontas.
Tá an Chomhairle ag obair ar cheithre shraith conclúidí chun tús áite a thabhairt don mheabhairshláinte agus folláine, agus béim ar leith á leagan ar na hábhair is práinní agus na grúpaí is leochailí:
- daoine a dhéanann obair fhorbhásach
- daoine óga
- daoine a bhfuil neamhoird úsáide drugaí orthu agus a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte araon acu
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an tsláinte dhigiteach an 30 Samhain 2023. Leagtar béim sna conclúidí ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an meabhairshláinte agus leis an dea-bhail i gcomhthéacsanna éagsúla le linn an tsaoil, rud a théann chun tairbhe do dhaoine aonair agus don tsochaí araon. Iarrtar ar na Ballstáit pleananna gníomhaíochta nó straitéisí a ullmhú le cur chuige trasearnála i leith na meabhairshláinte.
D’aontaigh tíortha an Aontais le roinnt cuspóirí chun fadhb na droch-mheabhairshláinte a laghdú:
caighdeán níos fearr maidir le cúram sláinte meabhrach, le gur inrochtana a bheidh sé do dhaoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu
an stiogma agus an t-idirdhealú a chomhrac
an cosc, an luathbhrath agus an aire i leith an chlaonta lámh a chur i do bhás féin
dul i ngleic leis an uaigneas i ngrúpaí leochaileacha
an mheabhairshláinte ag an láthair oibre agus san oideachas a chur chun cinn
cur chuige iomlánaíoch chun neamhoird a chosc agus a chóireáil
faireachán níos fearr a dhéanamh agus bailiúchán sonraí faoin meabhairshláinte san Aontas
Malartú taithí agus dea-chleachtas
Daoine a dhéanann obair fhorbhásach
Is féidir le strus agus rioscaí síceasóisialta ag an obair tionchar a imirt ar mheabhairshláinte na bhfostaithe. Tá daoine a dhéanann obair fhorbhásach, go háirithe, i mbaol strus diúltach a bheith orthu a bhféadfadh imní agus dúlagar a bheith mar thoradh air.
Is amhlaidh atá toisc gur minic a bhíonn an méid seo a leanas i gceist leis na poist sin:
- pá íseal ag gabháil leo
- éiginnteacht
- ní thugtar cosaint leordhóthanach d’oibrithe
Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith ag an méadú ar dhigiteáil, róbatú agus úsáid na hintleachta saorga ag an obair ar dhálaí oibre agus, dá dheasca sin, tionchar a imirt ar mheabhairshláinte daoine.
An 9 Deireadh Fómhair 2023, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le meabhairshláinte agus obair fhorbhásach. Is é seo an chéad sraith de chonclúidí riamh maidir leis an idirnasc idir an mheabhairshláinte agus an fhostaíocht.
Aontaíonn Ballstáit an Aontais go bhfuil an mheabhairshláinte agus an obair fite fuaite go dlúth lena chéile. Is saincheist thábhachtach í an mheabhairshláinte a mhéid a bhaineann leis an gcumas oibre agus an táirgiúlacht, agus, os a choinne sin, is diúltach agus is mó an dochar a d’fhéadfadh rioscaí síceasóisialta ag an obair a dhéanamh don mheabhairshláinte. Is amhlaidh a d’fhéadfadh an obair fhorbhásach (cuir i gcás obair a bhfuil pá íseal ag gabháil léi agus an obair neamhchosanta) neamhoird dála an imní nó an dúlagar a chothú.
Sna conclúidí, iarrann an Chomhairle ar na Ballstáit feabhas a chur ar mheabhairshláinte ag an obair le bearta mar shampla:
fostaíocht fhorbhásach a chomhrac
na córais phoiblí, atá dírithe ar mheabhairshláinte a chosaint, a neartú
tacú le taighde ar an tionchar a bhíonn ag dálaí oibre ar an meabhairshláinte
faireachas meabhairshláinte oibrithe a chinntiú
tacú le daoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu a earcú nó a athimeascadh
Daoine óga
De réir roinnt meastachán, bhí fadhb mheabhairshláinte ag níos mó ná 14 mhilliún duine óg idir 15 bhliana agus 29 mbliana d’aois in 2019. De dheasca phaindéim COVID-19, chuaigh meabhairshláinte daoine óga in olcas ar fud na hEorpa. Sa tuarascáil ‘Sracfhéachaint ar an tSláinte’ a thiomsaigh ECFE, léirítear sna sonraí go bhfuil níos mó ná dhá oiread daoine óga a bhfuil siomptóim imní agus dúlagair orthu i roinnt Ballstát i gcomparáid leis an líon a bhí ann roimh an bpaindéim.
I dtuarascáil le déanaí, deir UNICEF gurb é féinmharú an dara cúis bháis is coitianta i measc daoine óga san Eoraip, tar éis timpistí bóthair.
Mar sin féin, dhearbhaigh beagnach leath de na daoine óga san Aontas (49%) go raibh riachtanais maidir le cúram meabhairshláinte acu nach bhfuiltear ag freastal orthu, i gcomparáid le 23% den daonra fásta.
- Tuarascáil ‘Sracfhéachaint ar an tSláinte’, 2022 (ECFE)
- An staid ina bhfuil leanaí an domhain 2021 (UNICEF)
Mar gheall ar na figiúirí sin, is tosaíocht don Aontas agus dá Bhallstáit í meabhairshláinte daoine óga a chosaint.
Tá plé á dhéanamh ag Ballstáit an Aontais faoi láthair sa Chomhairle ar conas a d’fhéadfaidís fadhbanna meabhairshláinte i measc daoine óga a chosc ar bhealach níos fearr, agus a riachtanais shonracha á gcur san áireamh.
An 23 Samhain 2023, ghlac 27 mBallstát an Aontais sa Chomhairle conclúidí maidir le daoine óga agus meabhairshláinte. Cuirtear treoir ar fáil sna conclúidí maidir le conas aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin, agus béim á leagan ar conas freastal níos fearr ar riachtanais shonracha daoine óga, le gníomhaíochtaí ar nós:
feabhas a chur ar a ndálaí maireachtála agus oibre
rochtain ar chúram meabhairshláinte do dhaoine óga a éascú
taighde a spreagadh maidir le tionchar na meabhairshláinte ar dhaoine óga
stiogma a chomhrac
dea-chleachtais a roinnt ar fud na mBallstát
timpeallacht dhigiteach níos sábháilte agus níos sláintiúla a chur chun cinn, lena n-áirítear tríd an bhfuath, an foréigean agus an mí-úsáid sna meáin agus ar na meáin shóisialta a chomhrac
Neamhoird úsáide drugaí agus fadhbanna meabhairshláinte
Tá baol níos mó ann do dhaoine ar a bhfuil neamhord úsáide drugaí agus ag a bhfuil fadhb mheabhairshláinte araon go dtiocfaidh síceapaiteolaíocht throm orthu, go mbeidh siad san ospidéal, go dtógfaidh siad ródháileadh, go gcuirfidh siad lámh ina bhás féin, nó go bhfaighidh siad bás roimh am, i gcomparáid le daoine a bhfuil neamhord meabhrach amháin orthu.
Is dóchúla freisin go mbeidh siad dífhostaithe agus gan dídean agus go rachaidh siad i mbun iompraíochtaí ardriosca a bhaineann le hionfhabhtuithe, mar shampla víris VEID agus heipitíteas C.
De réir an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA), tá fadhbanna meabhairshláinte ag suas le 80% d’othair i ngrúpaí áirithe cóireála drugaí. Is iad na comhghalrachtaí síciatracha is minice i measc daoine aonair a bhfuil neamhoird úsáide substainte orthu ná dúlagar, imní, strus iarthrámach agus neamhoird phearsantachta (frithshóisialta agus imeallach den chuid is mó).
Sa Chomhairle, tá Ballstáit an Aontais ag teacht le chéile chun tacaíocht níos fearr a thabhairt do dhaoine a bhfuil neamhoird mheabhairshláinte agus úsáide drugaí orthu. An 5 Nollaig 2023, d’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le mí-úsáid drugaí agus neamhoird mheabhairshláinte. Iarrann an Chomhairle ar na Ballstáit a meas a dhéanamh ar neamhoird úsáide drugaí a tharlaíonn in éineacht le neamhoird mheabhairshláinte eile. Ba cheart do na Ballstáit, an Coimisiún agus na gníomhaithe ábhartha eile díriú ar idirghabhálacha pearsantaithe a fhorbairt atá oiriúnaithe do riachtanais speisialta na ndaoine aonair sin.
A bhfuil i ndán do chúrsaí meabhairshláinte san Aontas
Roimh phaindéim COVID-19, bhí ar a laghad 84 mhilliún duine ar fud an Aontais a raibh riochtaí meabhairshláinte orthu, de réir ECFE. Is ionann sin agus níos mó ná duine amháin as gach seisear san Aontas (17.3%).
Ba iad imní agus dúlagar na fadhbanna meabhairshláinte ba choitianta san Aontas roimh phaindéim COVID-19, agus ina dhiaidh sin bhí neamhoird úsáide alcóil agus drugaí, neamhord dépholach, agus scitsifréine.
Meastar go raibh tionchar ag neamhoird imní ar 25 mhilliún duine (5.4% de dhaonra iomlán an Aontais), agus ina dhiaidh sin neamhoird dúlagair (21 mhilliún duine, 4.5%), agus neamhoird drugaí agus alcóil (11 mhilliún duine, 2.4%).
Tá an mheabhairshláinte ag dul in olcas ar fud an domhain ó bhí an phaindéim ann, de réir na hEagraíocht Domhanda Sláinte. Léiríodh i suirbhé Eorabharaiméadair a rinneadh i mí an Mheithimh 2023 go raibh fadhbanna mothúchánacha nó síceasóisialta, mar shampla dúlagar nó imní a bheith ar dhuine, ag beagnach duine amháin as gach beirt (46% de dhaonra an Aontais) le 12 mhí anuas.
An tionchar eacnamaíoch a bhíonn ag droch-mheabhairshláinte
Chomh maith leis an bhfulaingt phearsanta agus fulaingt na ndaoine timpeall ar an duine a bhfuil fadhbanna aige – teaghlach, cairde, cúramóirí – bíonn iarmhairtí eacnamaíocha ag droch-mheabhairshláinte don tsochaí freisin. De réir na tuarascála ‘Sracfhéachaint ar an tSláinte’ ó ECFE (2018), cosnaíonn an mheabhairshláinte €600 billiún ar a laghad, nó níos mó ná 4% den OTI, ar na 27 Ballstát agus an Ríocht Aontaithe gach bliain sna réimsí seo a leanas:
- caiteachas díreach ar chúram sláinte (comhairliúcháin, táirgí cógaisíochta, ospidéalú): €190 billiún nó 1.3% den OTI
- cláir slándála sóisialta (saoire bhreoiteachta, saoire mhíchumais, sochair dhífhostaíochta): €170 billiún nó 1.2% den OTI
- costais indíreacha i margadh an tsaothair (ioncam caillte i ngeall ar bhásmhaireacht, fostaíocht níos ísle, neamhláithreacht agus níos lú táirgiúlachta): €240 billiún nó 1.6% den OTI
Na buntáistí a bhaineann le dea-mheabhairshláinte
Is cuid lárnach de shláinte na ndaoine í an mheabhairshláinte agus tá sí bunriachtanach do shochaí athléimneach agus geilleagar táirgiúil.
Cad iad na buntáistí a bhaineann le dea-mheabhairshláinte ag céimeanna éagsúla den saol
Óige agus ógántacht
torthaí oideachais agus deiseanna fostaíochta níos fearr
Saol an duine fhásta
obair níos táirgiúla agus is mó seans go bhfostófar iad
Seanaois
lánpháirtiú níos fearr agus ról níos gníomhaí sa phobal
An t-athbhreithniú deireanach: an 20 Meitheamh 2025