Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
- 18 Torthaí
Iompar de bhóthar
Faigh amach faoina bhfuil ar siúl ag an Aontas chun an t-iompar de bhóthar a dhéanamh níos iomaíche, níos glaise agus níos sábháilte.

Aeriompar
Tá an tAontas ag obair chun earnáil aeriompair atá sábháilte, inbhuanaithe agus iomaíoch a chruthú.

Iompar atá nasctha ar bhealach níos fearr
Tá sé d’aidhm ag an Aontas feabhas a chur ar naisc iompair idir tíortha trí bhonneagar a mhaoiniú, taisteal níos glaise a spreagadh agus a chinntiú go n-oibríonn córais éagsúla a chéile.

Cosaint tomhaltóirí: cearta taistil
Tugann rialacha an Aontais Eorpaigh cosaint do thaistealaithe Eorpacha san Aontas nó lasmuigh de.

Oiriúnach do 55
Fágfaidh an dlí aeráide Eorpach gur oibleagáid dhlíthiúil a bheidh ann sprioc aeráide an Aontais a bhaint amach, is é sin laghdú 55%, ar a laghad, a dhéanamh ar astaíochtaí an Aontais faoi 2030. Ghlac tíortha an Aontais reachtaíocht nua chun an sprioc sin a bhaint amach agus chun go mbeidh an tAontas aeráidneodrach faoi 2050.

Cúnamh ón Aontas don Úcráin: slándáil fuinnimh agus bonneagar
I bhfianaise chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, tá an tAontas tar éis tabhairt faoi roinnt tionscnamh chun tacú le slándáil fuinnimh na hÚcráine, chomh maith le hearnálacha iompair agus nascachta na tíre.

Iompar níos sábháilte
Tá an tAontas Eorpach ar cheann de na réigiúin is sábháilte ar domhan ó thaobh iompair de. Oibríonn an tAontas chun sábháilteacht iompair a chinntiú trí mheascán de reachtaíocht, maoiniú, comhordú agus saineolas teicniúil.

Iompar níos glaise
Tá sé tábhachtach earnáil an iompair a dhéanamh níos inbhuanaithe chun go mbainfear sprioc na haeráidneodrachta amach faoi 2050. Dá bhrí sin, tá sé d’aidhm ag an Aontas Eorpach an tsoghluaisteacht a dhéanamh níos inbhuanaithe agus an nascacht a chinntiú ag an am céanna.

Iompar d’iarnród
Tá an tAontas agus na Ballstáit ag obair le chéile chun gréasán iarnróid níos nasctha, níos sábháilte agus níos inbhuanaithe a fhorbairt.

Iompar muirí
Faigh amach faoina bhfuil ar siúl ag an Aontas chun an t-iompar muirí a dhéanamh níos iomaíche, níos glaise agus níos sábháilte.
