Cearta aerphaisinéirí
Cearta aerphaisinéirí á gcosaint ag an Aontas. Tugadh na rialacha maidir le cearta aerphaisinéirí cothrom le dáta chun iad a dhéanamh níos soiléire agus chun an chosaint a mhéadú.
An chaoi a gcosnaíonn an tAontas aerphaisinéirí
Cosnaítear aerphaisinéirí san Aontas le réimse beart arb é is aidhm dóibh cearta na n-aerphaisinéirí a chosaint i gcás moilleanna, cealuithe nó imeachtaí eile a mbíonn tionchar acu ar a bpleananna taistil.
Tá rialacha chun aerphaisinéirí a chosaint i bhfeidhm ó bhí 2004 ann.
An méid a chumhdaítear le rialacha an Aontais
Le rialacha an Aontais maidir le cearta aerphaisinéirí, leagtar síos bearta chun taistealaithe a chúiteamh i gcás ina gcuirtear isteach ar a dturas. Sna bearta cumhdaítear na cúiseanna is minice le cur isteach.
Cuairt a chur ar ceal
Bagáiste caillte
Moill tráth an imeachta
Bagáiste a bhfuil damáiste déanta dó
Teacht isteach déanach
Gortú le linn an turais
An ceart chun cúitimh i gcás eitilt atá curtha ar ceal nó a bhfuil moill uirthi
Is féidir paisinéirí a chúiteamh i gcás eitilt a bhfuil moill uirthi nó atá curtha ar ceal. Má tá eitilt níos mó ná 3 uair an chloig déanach nó má chuirtear ar ceal í níos lú ná 14 lá roimh imeacht, d’fhéadfadh paisinéir a bheith i dteideal cúiteamh a fháil as an méid seo a leanas:
- €250 do gach eitilt 1 500 km nó níos giorra
- €400 do gach eitilt nó eitilt laistigh den Aontas idir 1 500 km agus 3 500 km
- €600 do gach eitilt eile
Cé atá clúdaithe faoi na rialacha?
Ní gá do phaisinéirí a bheith ina saoránaigh den Aontas chun go gcosnófar iad leis na rialacha. Tá feidhm ag cearta aerphaisinéirí an Aontais maidir le gach paisinéir:
- a eitlíonn laistigh den Aontas
- a imíonn as an Aontas chuig tír nach bhfuil san Aontas
- a thagann isteach san Aontas ó thír nach bhfuil san Aontas ar aerlínte de chuid an Aontais
Rialacha níos soiléire agus níos láidre d’aerphaisinéirí
Leis na rialacha nuashonraithe maidir le haerphaisinéirí a formheasadh i mí Iúil 2026, bunaíodh córas cosanta níos láidre fós don aerthaisteal, rud a thugann rochtain do thaistealaithe ar bhearta cúiteacha iomadúla.
Dhírigh an nuashonrú ar an reachtaíocht ar dhá ghné:
- cearta paisinéirí atá ann cheana a shoiléiriú
- cearta nua
Cearta neartaithe agus soiléirithe
Rinneadh roinnt cearta paisinéirí atá ann cheana a neartú agus a shoiléiriú sna rialacha nuashonraithe, lena n-áirítear:
- an ceart chun athródaithe
- an ceart chun cúnaimh
- an ceart chun faisnéise agus cumarsáid níos éasca le haerlínte
An ceart chun athródaithe
Ní mór d’aerlínte an deis a thabhairt do phaisinéirí go ndéanfaí iad a athródú a luaithe is féidir, lena n-áirítear chuig aerfort malartach, ar eitiltí arna n-oibriú ag iompróirí eile nó trí mhodhanna iompair malartacha a úsáid, i gcás inarb iomchuí.
Ina theannta sin, má theipeann ar aerlíne athródú iomchuí a chur ar fáil faoi cheann 3 uair an chloig de chur isteach, féadfaidh paisinéirí an t-athródú a shocrú iad féin agus aisíocaíocht suas le ceithre oiread chostas bunaidh an ticéid a éileamh.
Ní mór don aerlíne paisinéirí a athródú ar a costas féin agus faoi dhálaí iompair inchomparáide. Níor cheart, mar shampla, iallach a chur ar phaisinéirí nasceitiltí iomadúla a thógáil má chuir siad eitilt dhíreach in áirithe.
An ceart chun cúnaimh
Tá an ceart chun cúnaimh (sólaistí, bia, cóiríocht) níos soiléire anois. Tá aerphaisinéirí i dteideal:
- sólaistí gach 2 uair an chloig den tréimhse feithimh
- béile tar éis 3 uair an chloig, agus gach 5 uair an chloig ina dhiaidh sin (suas le trí bhéile in aghaidh an lae)
- rochtain idirlín agus dhá ghlao gutháin
Mura gcuireann an aerlíne an cúnamh sin sin ar fáil, féadfaidh paisinéirí a a gcuid socruithe féin a dhéanamh agus aisíocaíocht a fháil ina dhiaidh sin. Ní mór d’aerlínte speansais riachtanacha, réasúnacha agus chomhréireacha a aisíoc laistigh de 14 lá féilire ón iarraidh a fháil.
An ceart chun faisnéise agus trédhearcacht praghsanna níos fearr
Beidh aerphaisinéirí níos eolaí faoina gcearta. I gcás ina bhfuil coinne ag aerlíne go gcuirfear moill ar eitilt, ní mór paisinéirí a chur ar an eolas láithreach nuair is féidir, agus ar a dhéanaí faoin am imeachta sceidealaithe a luaitear ar an ticéad. Ní mór d’aerlínte bealach amháin ar a laghad atá saor in aisce agus éifeachtúil a thairiscint do phaisinéirí chun cumarsáid a dhéanamh leis an aerlíne.
Cearta nua
Tugtar isteach roinnt cearta nua leis an gcomhaontú freisin, ina measc:
- ardchaighdeáin seirbhíse do dhaoine a bhfuil riachtanais shonracha acu
- toirmeasc ar chead bordála a dhiúltú ar eitiltí fillte toisc nach raibh paisinéir ar an eitilt amach (‘paisinéir nach dtagann’)
- an oibleagáid táillí aeir a chur ar taispeáint, bagáiste láimhe san áireamh
Coimircí do dhaoine a bhfuil riachtanais shonracha acu
Sna rialacha athbhreithnithe, tugtar aird ar leith ar dhaoine a bhfuil riachtanais shonracha acu, mar shampla, daoine faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, mionaoisigh neamhthionlactha agus paisinéirí torracha.
Áirítear an méid seo a leanas ar na forálacha a bhaineann le daoine a bhfuil riachtanais shonracha acu:
- cearta cúitimh nua i gcás nach gcuireann aerfoirt cúnamh leordhóthanach ar fáil
- cearta tosaíochta i gcás cúnaimh agus athródú
- an ceart taisteal le trealamh soghluaisteachta agus le madraí cuidithe gan árachas breise a íoc
- an ceart chun athsholáthar a fháil le haghaidh trealamh soghluaisteachta gan aon chostas má chailltear é nó má dhéantar damáiste dó
Beidh sé de cheart freisin ag teaghlaigh atá ag taisteal le leanaí, chomh maith leis an duine atá ag tionlacan paisinéara a bhfuil riachtanais shonracha aige, a bheith ina suí le chéile saor in aisce.
Toirmeasc ar chead bordála a dhiúltú i gcás ‘paisinéir nach dtagann’
I gcás paisinéir nach raibh ar an eitilt amach (‘paisinéir nach dtagann’) ní féidir cead bordála a dhiúltú le haghaidh na heitilte fillte. I gcás paisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, daoine faoi mhíchumas, taistealaithe torracha agus mionaoisigh neamhthionlactha, níl cead bordála a dhiúltú.
Dualgas maidir le táillí aeir, bagáiste láimhe san áireamh, a chur ar taispeáint
Chun comparáidí táillí idir aerlínte a éascú, ní mór táillí aeir, mar atá lamháltas le haghaidh bagáiste láimhe, a chur ar taispeáint mar réamhshocrú sula gcuirfear tús le haon phróiseas áirithinte. Mura mian le paisinéir bagáiste láimhe a chur san áireamh, féadfaidh an aerlíne táille aeir a thairiscint fós nach bhfuil bagáiste láimhe san áireamh inti.
Bíonn paisinéirí i dteideal earra pearsanta amháin a thabhairt leo ar an aerárthach i gcónaí. Ba cheart earra pearsanta (mar shampla mála láimhe nó mála droma beag) a bheith 40 cm x 30 cm x 15 cm ar a mhéad nó ba cheart gur leor an spás faoin suíochán os comhair an phaisinéara dó.
Féach freisin
Aeriompar
Cosaint tomhaltóirí: cearta taistil
Cosaint chonsalach
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Iúil 2026