Iompar d’iarnród
Tá an tAontas agus na Ballstáit ag obair le chéile chun gréasán iarnróid níos nasctha, níos sábháilte agus níos inbhuanaithe a fhorbairt.
Idirnascacht agus inbhuanaitheacht iarnróid
Tá gréasán iarnróid an Aontais ar cheann de na gréasáin is dlúithe ar domhan ach mar sin féin tá an-éagsúlacht ann idir na córais náisiúnta iarnróid san Aontas.
Sna 1990í a cuireadh tús leis an bpróiseas le feabhas a chur ar chomhoiriúnacht na gcóras náisiúnta iarnróid sna Ballstáit agus is é an sprioc dheiridh a bhain leis gréasán iarnróid éifeachtach iomaíoch a fhorbairt ar fud an Aontais – an limistéar Eorpach aonair iarnróid.
Figiúirí maidir le hiompar d’iarnród san Aontas
Is iad na hiarnróid a sholáthraíonn 5.1% de shoghluaisteacht paisinéirí san Aontas.
Is modh iompair atá neamhdhíobhálach don chomhshaol é an t-iompar d’iarnród de bharr nach ngintear uaidh ach 0.4% d’astaíochtaí gás ceaptha teasa iompair san Aontais.
Ní ghintear ach 1.9% de thomhaltas fuinnimh iompar san Aontas leis an iompar d’iarnród.
Ghlac an tAontas ceithre phacáiste iarnróid chun beartas iarnróid an Aontais a neartú, darb aidhm:
- an margadh iarnróid a oscailt don iomaíocht
- idir-inoibritheacht na gcóras náisiúnta iarnróid a mhéadú
- creat a shainiú do limistéar Eorpach aonair iarnróid
Cuirtear san áireamh sna ceithre phacáiste reachtacha forálacha coiteanna maidir leis an méid seo a leanas:
- an margadh iarnróid a léirscaoileadh
- ceadúnú gnóthas iarnróid agus deimhniú tiománaithe traenach
- ceanglais sábháilteachta
- an ghníomhaireacht Eorpach iarnróid agus comhlachtaí rialála iarnróid a bhunú i ngach Ballstát
- cearta paisinéirí iarnróid
I mí na Samhna 2025, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú sealadach le Parlaimint na hEorpa chun bainistiú an toillte atá ar fáil do thraenacha ar ghréasán iarnróid an Aontais a chomhchuibhiú, a shimpliú agus a chuíchóiriú, laistigh de na Ballstáit agus ar fud na mBallstát araon.
- Seirbhísí níos fearr iarnróid: colún an mhargaidh sa 4ú pacáiste iarnróid glactha ag an gComhairle (preaseisiúint, an 17 Deireadh Fómhair 2016)
- Cearta feabhsaithe do phaisinéirí iarnróid glactha ag an gComhairle (preaseisiúint, an 25 Eanáir 2021)
- An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú maidir le rialacha chun bonneagar iarnróid na hEorpa a bhainistiú ar bhealach níos fearr agus chun go mbainfear úsáid níos mó as (preaseisiúint, an 19 Samhain 2025)
Limistéar Eorpach aonair iarnróid
Is córas gréasán iarnróid ar fud an Aontais é an limistéar Eorpach aonair iarnróid lena bhféadfar an earnáil iarnróid a leathnú ar bhonn na hiomaíochta agus an chomhchuibhithe theicniúil, agus ar bhonn fhorbairt chomhpháirteach na nasc trasteorann, ach an méid seo a leanas a dhéanamh:
- margadh an iarnróid a oscailt agus a athstruchtúrú
- an t-iomaíochas a mhéadú agus cothrom iomaíochta a chinntiú do chuideachtaí iarnróid
- bonneagar a fhorbairt chun idir-inoibritheacht a chinntiú
- an tsábháilteacht agus éifeachtúlacht úsáide bonneagair a fheabhsú
- praghsanna córa a chinntiú do thomhaltóirí
Soghluaisteacht inbhuanaithe agus chliste
Mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip, thíolaic an Coimisiún Eorpach an Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste i mí na Nollaig 2020. Leagtar amach sa straitéis spriocanna an Aontais don earnáil iompair do na blianta amach romhainn: an tsoghluaisteacht a bheidh glas, cliste agus athléimneach. Maidir leis an earnáil iarnróid, iarrtar sa straitéis go ndéanfaí an t-iarnród ardluais a dhúbailt faoi 2030 san Aontas.
I mí an Mheithimh 2021, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an ábhar seo. Ba dhíol sásaimh don Chomhairle an straitéis ón gCoimisiún agus tháinig sí leis an bhfís uaillmhianach atá aige don earnáil iompair agus lena rannchuidiú leis an inbhuanaitheacht sna blianta atá le teacht.
I mí an Mheithimh 2021, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an iompar d’iarnród freisin. Leag airí an Aontais béim ar an ngá atá leis an iompar ar iarnród a fhorbairt a thuilleadh i gcás paisinéirí agus earraí araon san Aontas. Leag siad béim freisin ar a thábhachtaí atá séathléimneacht na n-iarnród a neartú i bhfianaise géarchéime agus leanúint d’infheistíocht a dhéanamh in idir-inoibritheacht na gcóras náisiúnta agus i nascacht níos fearr.
Mar chuid den phacáiste maidir le hiompar lastais a ghlasú, thíolaic an Coimisiún a thogra maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a úsáid an 11 Iúil 2023. Cuirtear san áireamh sa tionscnamh seo bearta atá dírithe ar thoilleadh na n-iarnród a bhainistiú agus a chomhordú ar bhealach níos fearr agus ar an gcaoi sin é a mhéadú trí chéile. Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh caibidlíochta maidir leis an togra i mí an Mheithimh 2024 agus tá dréacht deiridh an togra á chaibidil aici leis an bParlaimint faoi láthair.
An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa
Tacaíonn roinnt cláir mhaoiniúcháin le beartas iarnróid an Aontais, ina measc an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa a mhaoiníonn tionscadail straitéiseacha infheistíochta i réimsí an iompair, an fhuinnimh agus na seirbhísí digiteacha.
Tá feidhm chúlghabhálach ag an rialachán ón 1 Eanáir 2021. Gheobhaidh an earnáil iompair formhór an chistiúcháin (thart ar €25 bhilliún as €33 bhilliún), agus den mhéid sin is don iarnród a thiomnófar an sciar is mó.
Sábháilteacht agus cearta paisinéirí
Tá iarnróid na hEorpa i measc na n-iarnród is sábháilte ar domhan. Chun traenacha a oibriú ar an ngréasán Eorpach, ní mór do gach cuideachta iarnróid na caighdeáin sábháilteachta chomhchuibhithe a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais a chomhlíonadh.
Ról na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnróid
Forbraíonn an Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid cur chuige coiteann i leith na sábháilteachta, ag obair go dlúth le páirtithe leasmhara ón earnáil iarnróid chomh maith le húdaráis náisiúnta, institiúidí an Aontais agus páirtithe leasmhara eile. Ós rud é go bhfuil aonad sábháilteachta tiomnaithe aige, déanann an Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid faireachán agus tuarascálacha ar shábháilteacht iarnróid san Aontas freisin.
Cearta paisinéirí
In 2021, rinne an tAontas athbhreithniú ar a rialacha maidir le paisinéirí iarnróid chun cosaint níos fearr a thabhairt do chearta paisinéirí, go háirithe na paisinéirí faoi mhíchumas nó faoi mhíchumas luaineachta. Tugtar tacaíocht don tsoghluaisteacht ghlan leis na forálacha, trína dhéanamh níos éasca do thaistealaithe rothar a iompar leo ar an traein.
Leis na rialacha athbhreithnithe, ceanglaítear ar ghnóthais iarnróid spásanna rothar a chur ar fáil agus paisinéirí a chur ar an eolas faoin spás atá ar fáil do rothair. Mar riail ghinearálta, ní mór ceithre spás, ar a laghad, a bheith ar fáil do rothair ar gach traein san Eoraip.
Tháinig na rialacha nua i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2021.
Tuilleadh eolais faoi mhodhanna iompair eile
Léigh faoi bheartais an Aontais maidir le haeriompar, iompar de bhóthar agus iompar muirí.
Ábhair ábhartha
Iompar atá nasctha ar bhealach níos fearr
Iompar níos glaise
Iompar níos sábháilte
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Aibreán 2026