Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
- 9 Torthaí
An méid atá á dhéanamh ag an Aontas chun borradh a chur faoina iomaíochas
I ré seo na héagobhsaíochta atá ag dul i méid, tá an tAontas ag gníomhú go diongbháilte chun a iomaíochas a neartú, rud a chinnteoidh rathúnas agus slándáil dá shaoránaigh.

Rún an Aontais borradh a chur faoin intleacht shaorga le sár-ríomhairí
Le rialacha nua an Aontais, tugtar rochtain ar shár-ríomhairí do ghnólachtaí nuathionscanta agus do FBManna chun an intleacht shaorga a thástáil agus a fhorbairt.

An t-aistriú digiteach: todhchaí dhigiteach an Aontais a mhúnlú
Tá an t-aistriú digiteach ríthábhachtach d’fhás eacnamaíoch agus d’uathriail straitéiseach an Aontais. Is mian leis an Aontas a chinntiú go dtapóidh an Eoraip na deiseanna uile a chuirtear ar fáil leis an deacáid dhigiteach.

An Gníomh um an Intleacht Shaorga
Is é Gníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga an chéad dlí ar domhan maidir leis an intleacht shaorga. Is é is aidhm dó a chinntiú go bhfuil córais IS sábháilte, eiticiúil agus iontaofa.

Tionscal sliseanna an Aontais
Aithnítear sa Ghníomh Eorpach um Shliseanna an ról ríthábhachtach atá ag micrishliseanna i ngach rud ó earraí leictreonacha tomhaltóirí go bonneagar criticiúil agus, lena chois sin, a rannpháirtíocht thábhachtach in iomaíochas an Aontais.

Na buntáistí agus na rioscaí a bhaineann leis an intleacht shaorga
Tá an chuid is mó de chórais IS sábháilte agus tairbheach, agus cuireann siad feabhas ar éifeachtúlacht agus ar choigilteas costais. Mar sin féin, tá rioscaí, cuir i gcás an t-idirdhealú, ag baint le cuid acu, rud a éilíonn rialáil chúramach.

Míniú ar an intleacht shaorga (IS): úsáidí agus tionchar
Tá claochlú faoi lán seoil sa tsochaí agus sa gheilleagar agus is í an intleacht shaorga is cúis leis; tá idir buntáistí agus rioscaí ag baint léi. Tá sé d’aidhm ag an Aontas gona Bhallstáit a chinntiú go mbeidh an intleacht shaorga duinelárnach, iontaofa.

Rialacha an Aontais maidir le hobair ardáin
Bealach nua is ea an obair ardáin chun an soláthar agus an t-éileamh ar shaothar ar íocaíocht a fhreastal. Tá an tAontas ag iarraidh rialacha nua a thabhairt isteach chun dálaí oibre na ndaoine atá ag obair sa gheilleagar poistíneachta a fheabhsú.

Do shaol ar líne: Cad atá á dhéanamh ag an Aontas ionas gur fusa agus gur sábháilte duit é?
A bhfuil á dhéanamh ag an Aontas chun do thimpeallacht dhigiteach a dhéanamh sábháilte, éasca agus measúil ar shaoirsí bunúsacha.
