Rialacha an Aontais maidir le hobair ardáin
Bealach nua is ea an obair ardáin chun an soláthar agus an t-éileamh ar shaothar ar íocaíocht a fhreastal. Tá an tAontas ag iarraidh rialacha nua a thabhairt isteach chun dálaí oibre na ndaoine atá ag obair sa gheilleagar poistíneachta a fheabhsú.
Céard is obair ardáin ann?
Is cineál fostaíochta í obair ardáin ina n-úsáideann eagraíochtaí nó daoine aonair ardán ar líne chun rochtain a fháil ar eagraíochtaí nó ar dhaoine aonair eile chun fadhbanna sonrachaa réiteach, nó chun seirbhísí sonracha a sholáthar mar mhalairt ar íocaíocht.
Tá geilleagar na n-ardán digiteach ag fás go tapa.Le linn phaindéim COVID-19, cuireadh dlús leis an obair ardáin agus thosaigh sí ag éirí níos coitianta, a bhuíochas sin go páirteach le méadú ar sheachadadh bia agus grósaera. Is uirlis í don nuálaíocht agus don fhás fostaíochta.
Is iomaí cineál oibre ardáin atá ann; uaireanta tugtar an ‘geilleagar poistíneachta’ uirthi freisin. Cé go ndeachaigh fás na n-ardán digiteach chun tairbhe do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí araon, tá limistéar liath tagtha chun cinn, mar thoradh air, do go leor oibrithe ardáin maidir lena stádas fostaíochta.
Is é an tAontas Eorpach an chéad reachtóir ar domhan atá ag iarraidh rialacha sonracha maidir leis na hardáin saothair dhigiteacha a bheartú.
Tugtar isteach dhá phríomhfheabhsú leis an treoir:
- cinntítear leis stádas ceart fostaíochta na ndaoine atá ag obair ar na hardáin dhigiteacha
- bunaítear leis na chéad rialacha de chuid an Aontais maidir le húsáid córas algatarmach san áit oibre
Oibrithe ar ardáin saothair dhigiteacha
Sa lá atá inniu ann, tá os cionn 28 milliún duine san Aontas ag obair ar cheann amháin (nó níos mó) de na hardáin saothair dhigiteacha.In 2025, meastar gurb é 43 mhilliún duine an líon a bheidh ann.
Is iomaí cineál taisc a dhéanann na daoine a bhíonn ag obair ar na hardáin saothair dhigiteacha, ina measc obair ar an láthair nó lasmuigh den láthair (obair chianda). Dʼfhéadfadh an seachadadh, an t-aistriúchán, ionchur sonraí, feighil leanaí, cúram daoine scothaosta nó tiomáint tacsaí a bheith i gceist, cuir i gcás.
Is í an obair ardáin an dara foinse ioncaim a bhíonn acu de ghnáth, le cois na gnáthoibre a dhéantar.
Oibrithe ardáin: fostaithe nó féinfhostaithe?
Faoi láthair, tá formhór na n-oibrithe ardáin san Aontas féinfhostaithe go foirmiúil, tiománaithe tacsaithe, oibrithe tí agus tiománaithe seachadta bia san áireamh. Mar sin féin, ní mór do roinnt acu cloí le go leor de na rialacha agus de na srianta céanna agus a gcloíonn an t-oibrí fostaithe leo.
Tugann sé sin le fios gurb amhlaidh atá siad i gcaidreamh fostaíochta agus, dá bhrí sin, gur cheart dóibh na cearta saothair agus an chosaint shóisialta a thugtar d’fhostaithe faoin dlí náisiúnta agus faoi dhlí an Aontais a bheith acu.
Dá gcuirfí feabhas ar an rochtain atá acu ar chearta saothair agus ar chosaint shóisialta, chuirfí feabhas freisin ar cháilíocht fhoriomlán na hoibre a thairgtear agus ar na téarmaí fostaíochta d’oibrithe a bhfuil baint acu le hobair ardáin.
Chiallódh sé sin, mar shampla, go mbeadh rochtain acu ar roghanna pá breoiteachta, ar shochair dhífhostaíochta nó ar scéimeanna tacaíochta ioncaim.
Cé go mbaineann dlíthe saothair le hoibrithe ardáin ar fostaithe iad, tá go leor oibrithe ardáin féinfhostaithe – go foirmiúil ar a laghad.Is sna cúirteanna ar fud an Aontais a chinntear stádas fostaíochta oibrithe ardáin ar bhonn cás ar chás.
Tá cineálacha éagsúla cur chuige ag na Ballstáit maidir le hobair ardáin. Tá freagairtí náisiúnta ar an obair ardáin éagsúil lena chéile agus tá siad ag forbairt go míchothrom ar fud na hEorpa. Glacadh reachtaíocht náisiúnta den chuid is mó in earnálacha ar leith, e.g. sna seirbhísí taistil agus/nó sna hearnálacha seirbhísí seachadta bia.
Léargas ar oibrithe ar ardáin dhigiteacha san Aontas (Grafaic faisnéise)
Rialacha nua an Aontais maidir le hobair ardáin
Stádas fostaíochta
Leis na rialacha nua, thabharfaí aghaidh ar chásanna mí-aicmithe oibrithe ardáin agus d’éascófaí an bealach chun na hoibrithe sin a athaicmiú mar fhostaithe, rud a ráthódh rochtain níos éasca ar a gcearta mar fhostaithe faoi dhlí an Aontais.
Leis an gcomhaontú ar thángthas air idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa an 8 Feabhra 2024, tugtar isteach toimhde dhlíthiúil éifeachtach infhrisnéise. De réir an chomhaontaithe sin, toimhdeofar ó thaobh an dlí de gur caidreamh fostaíochta é an caidreamh idir ardán saothair digiteach agus duine a dhéanann obair ardáin nuair a aimsítear fíorais lena léirítearrialú agus treoir, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le comhaontuithe comhchoiteanna nó leis an gcleachtas atá i bhfeidhm sna Ballstáit.
Más mian leis an ardán digiteach an toimhde sin a fhrisnéis, ní mór dó a chruthú nach caidreamh fostaíochta é an caidreamh conarthach atá i gceist.
Is faoi na Ballstáit atá sé módúlachtaí na toimhdean dlíthiúla sin a leagan amach ina ndlí náisiúnta. Leis an toimhde, ba cheart go mbeadh sé níos éasca ó thaobh nós imeachta de d’oibrithe ardáin a stádas fostaíochta a fhionnadh go dlíthiúil.
Algartaim a úsáid san ionad oibre
Úsáidtear algartaim le haghaidh bainistiú acmhainní daonna ar na hardáin saothair dhigiteacha. Úsáidtear na córais seo chun na daoine a dhéanann an obair ardáin a eagrú agus a bhainistiú trína bhfeidhmchláir nó trína suíomhanna gréasáin.
Faoi na rialacha nua, ní mór oibrithe a chur ar an eolas maidir le húsáid córas faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe.
Ina theannta sin, ní bheidh ardáin saothair dhigiteacha in ann cineálacha áirithe sonraí pearsanta a phróiseáil, mar shampla:
- sonraí pearsanta maidir le staid mhothúchánach nó shíceolaíoch na n-oibrithe ardáin
- sonraí a bhaineann le comhráite príobháideacha
- sonraí chun gníomhaíocht i gceardchumann nó gníomhaíocht i gceardchumann a d’fhéadfadh a bheidh ann a thuar
- sonraí a úsáidtear chun bunús ciníoch nó eitneach oibrí, stádas imirce, tuairimí polaitiúla, creidimh reiligiúnacha nó stádas sláinte oibrí a thuiscint
- sonraí bithmhéadracha, seachas sonraí a úsáidtear chun fíordheimhniú a dhéanamh
Ar an nós, faoi na rialacha nua, ní mór do lucht foirne cáilithe, a bhfuil cosaint speisialta acu ó chóireáil dhíobhálach, faireachán a dhéanamh ar na córais sin. Ráthaítear an fhormhaoirseacht dhaonna freisin i gcás cinntí suntasacha, cuir i gcás cuntais a chur ar fionraí.
Forfheidhmiú, trédhearcacht agus inrianaitheacht
Bíonn na húdaráis náisiúnta ag streachailt go minic le rochtain a fháil ar shonraí ar ardáin agus ar na daoine a oibríonn tríothu. Tá sé sin níos deacra fós nuair a oibríonn ardáin i roinnt Ballstát, rud a fhágann nach léir cén áit a ndéantar an obair ardáin agus cé a dhéanann sin.
Leis an treoir seo, soiléireofar na hoibleagáidí atá ar ardáin saothair dhigiteacha obair a fhógairt do na húdaráis náisiúnta. Iarrtar freisin ar ardáin faisnéis ríthábhachtach faoina ngníomhaíochtaí agus faoi na daoine a oibríonn tríothu a chur ar fáil do na húdaráis náisiúnta.
An geilleagar ardán
Tá cothrom is 500 ardán saothair digiteach ag feidhmiú san Aontas. Tá ardáin saothair dhigiteacha gníomhach i ngach tír den Aontas.
Is léir an fás atá tagtha ar an ngeilleagar ardán ach a chur san áireamh an borradh a tháinig faoin ioncaim ann idir 2016 agus 2020: meastar gur €3 bhilliún a bhí ann ar dtús agus gur tháinig méadú faoi chúig air, geall leis, go €14 bhilliún.
Is iad an seachadadh agus seirbhísí tacsaí na hearnálacha is mó ina ngintear ioncam.
Geilleagar ardán an Aontais (Grafaic faisnéise)
Sa Chomhairle
Luaitear oibrithe ardáin cheana féin i roinnt dlíthe de chuid an Aontais, mar shampla an Treoir maidir le dálaí oibre trédhearcacha intuartha.
Déantar tagairt freisin d’oibrithe ardáin sa Mholadh ón gComhairle maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe.Tháinig an Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an moladh sin an 6 Nollaig 2018.
- Dálaí oibre atá trédhearcach agus intuartha (eolas cúlra)
- Moladh ón gComhairle maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus daoine féinfhostaithe
- An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, an 6-7 Nollaig 2018
Rinne an Chomhairle plé ar na cineálacha nua oibre in 2019 agus dʼfhormheas sí conclúidí ón gComhairle maidir leis an ábhar, agus d’iarr sí ar an gCoimisiún fiosrú a dhéanamh faoi reachtaíocht a bhféadfadh sé go gcuirfí i bhfeidhm í lá níos faide anonn maidir le cosaint d’oibrithe.
Chuir an Coimisiún Eorpach a thogra i ndáil leis na rialacha nua maidir leis an obair ardáin ar aghaidh chuig an dá chomhreachtóir, is iad sin an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa, an 9 Nollaig 2021.
Rinne an Mheitheal um Cheisteanna Sóisialta iniúchadh ar an gcomhad sa Chomhairle. Is éard a phléann an mheitheal seo an obair, idir reachtach agus neamhreachtach, a bhaineann leis an bhfostaíocht agus leis an mbeartas sóisialta.
Ghlac an Chomhairle an seasamh uaithi an 12 Meitheamh 2023. Ní foláir na rialacha nua a chaibidil le Parlaimint na hEorpa sula bhféadfar dlí a dhéanamh díobh ar leibhéal an Aontais.
- Togra le haghaidh Treoir maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre i ndáil leis an obair ardáin (an Coimisiún Eorpach, an 9 Nollaig 2021)
- Cineálacha nua oibre: Conclúidí ón gComhairle (preaseisiúint, an 13 Meitheamh 2019)
- Cearta d’oibrithe ardáin: a seasamh comhaontaithe ag an gComhairle (preaseisiúint, an 12 Meitheamh 2023)
An 8 Feabhra 2024, tháinig an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú sealadach maidir le hobair ardáin, a d’fhormheas na hairí fostaíochta agus gnóthaí sóisialta ag an gcruinniú a bhí ag an gComhairle an 11 Márta 2024.
An 14 Deireadh Fómhair 2024, ghlac an Chomhairle rialacha nua maidir le hobair ardáin. Tar éis í a ghlacadh, beidh dhá bhliain ag na Ballstáit forálacha na treorach a ionchorprú ina reachtaíocht náisiúnta.
An t-athbhreithniú deireanach: an 4 Feabhra 2025