Skip to content

An t-aistriú digiteach: todhchaí dhigiteach an Aontais a mhúnlú

Tá an t-aistriú digiteach ríthábhachtach d’fhás eacnamaíoch agus d’uathriail straitéiseach an Aontais. Is mian leis an Aontas a chinntiú go dtapóidh an Eoraip na deiseanna uile a chuirtear ar fáil leis an deacáid dhigiteach.

Digiteáil: deiseanna agus rioscaí

Tá saol na ndaoine á athrú ag teicneolaíochtaí digiteacha – mar shampla, an bealach a ndéanaimid cumarsáid nó an chaoi a mairimid agus a n-oibrímid.

Is féidir leis an digiteáil réitigh a thabhairt ar chuid mhaith de na dúshláin atá roimh an Eoraip agus muintir na hEorpa agus cuirtear ar fáil léi deiseanna dá leithéidí seo a leanas:

  • poist a chruthú
  • an t-oideachas a chur chun cinn
  • borradh a chur faoin iomaíochas agus faoin nuálaíocht
  • an t-athrú aeráide a chomhrac agus aistriú glas a chumasú

Tá ról ríthábhachtach ag an digitiú don tsochaí, don rathúnas agus don nuálaíocht. Ní hamháin go gcuireann teicneolaíochtaí digiteacha tairbhí agus deiseanna ar fáil, cruthaíonn siad dúshláin agus rioscaí nua freisin. Le linn ghéarchéim COVID-19, mar shampla, ba léir go raibh deighiltí digiteacha leanúnacha ann san Eoraip — ní hamháin idir limistéir dhea-nasctha agus críocha iargúlta, ach idir na daoine agus na gnólachtaí ar féidir leo tairbhe iomlán a bhaint as an spás digiteach agus iad siúd nach féidir leo tairbhe iomlán a bhaint as.

Chun ár sochaithe agus ár ngeilleagair a chur in oiriúint don ré dhigiteach, tá an tAontas tiomanta spás digiteach sábháilte a chruthú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí ar bhealach cuimsitheach agus inrochtana do chách. Ciallaíonn sé sin claochlú digiteach a chumasú lena ndéanfar luachanna an Aontais a choimirciú agus cearta bunúsacha agus slándáil na saoránach a chosaint agus, ag an am céanna, ceannasacht dhigiteach na hEorpa a fheabhsú.

Chuige sin, ní mór don Aontas an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • dul i ngleic leis na saincheisteanna a chuireann bac ar an gclaochlú digiteach (cuir i gcás easpa scileanna, easpa bonneagar agus digitiú mall na n-earnálacha poiblí agus príobháideacha)
  • an spleáchas ar réigiúin eile le haghaidh príomhacmhainní digiteacha a laghdú
  • infheistíocht i dteicneolaíochtaí digiteacha a mhéadú
  • an cóineasú a chur chun cinn idir na Ballstáit
  • Sineirgí a chruthú idir an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach

An clár don deacáid dhigiteach

Is é ‘conair i dtreo na Deacáide Digití’ clár beartais an Aontais le haghaidh an aistrithe dhigitigh. Bunaítear an clár ar na ceithre réimse seo a leanas:

  • scileanna digiteacha
  • claochlú digiteach gnólachtaí
  • bonneagair dhigiteacha atá slán agus inbhuanaithe
  • digitiú na seirbhísí poiblí

Leagtar síos sa chlár beartais don deacáid dhigiteach spriocanna digiteacha sonracha agus garspriocanna a bheidh le baint amach faoi 2030. Chun na spriocanna sin a bhaint amach, áirítear ann timthriall bliantúil comhair ina mbeidh an Coimisiún Eorpach agus na Ballstáit rannpháirteach, chomh maith le sásra faireacháin.

Braitheann an clár go mór ar na tionscadail mhórscála a chuireann ar chumas na mBallstát acmhainní a chomhthiomsú agus a bheith ag obair go dlúth lena chéile chun acmhainní digiteacha a fhorbairt nach bhféadfaidís a fhorbairt ina n-aonair.

Éascaíonn na tionscadail ilnáisiúnta sin na hinfheistíochtaí sna réimsí seo a leanas:

  • bonneagar coiteann sonraí
  • conairí 5G a imscaradh
  • ríomhaireacht ardfheidhmíochta
  • bonneagar seirbhísí blocshlabhra
  • riarachán poiblí digiteach
  • comhpháirtíochtaí ardteicneolaíochta le haghaidh scileanna digiteacha

An clár beartais a ghlacadh don deacáid dhigiteach

I mí an Mhárta 2021, thíolaic an Coimisiún teachtaireacht maidir leis an gcompás digiteach ina leagtar amach fís agus spriocanna chun an digiteáil a chothú san Aontas faoi 2030. Is é uaillmhian an Aontais a bheith ceannasach go digiteach i ndomhan oscailte idirnasctha, agus beartais dhigiteacha a shaothrú lena dtugtar an chumhacht do dhaoine agus do ghnólachtaí todhchaí dhigiteach chuimsitheach inbhuanaithe rathúil a bheidh dírithe ar an duine a thapú.

Áirítear sa Chompás togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun clár beartais de chuid an Aontais a bhunú, ina leagtar amach an creat rialachais chun cuspóirí digiteacha 2030 a bhaint amach.

An 25 Márta 2021, leag ceannairí an Aontais béim ar an ngá le ceannasacht dhigiteach an Aontais a fheabhsú ar bhealach uathrialach, oscailte, agus d’iarr siad ar an gComhairle scrúdú a dhéanamh go pras ar an gcompás digiteach d’fhonn an clár beartais dhigitigh atá beartaithe a ullmhú. D’iarr siad ar an gCoimisiún freisin córais bhreise teicneolaíochtaí criticiúla agus earnálacha straitéiseacha breise a shainaithint, agus bosca uirlisí an Aontais maidir leis an gclaochlú digiteach a leathnú.

Mar fhreagairt air sin, mhol an Coimisiún an clár beartais dhigitigh ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’ i mí Mheán Fómhair 2021. Ghlac an Chomhairle an clár an 8 Nollaig 2022.

Féach freisin

An older woman smiling while using a tablet, surrounded by abstract lines of data and network cables, illustrating digital connectivity and adoption.
‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’: plean an Aontais chun Eoraip dhigiteach a bhaint amach faoi 2030

‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’: plean an Aontais chun Eoraip dhigiteach a bhaint amach faoi 2030

Tionscal sliseanna an Aontais

Tionscal sliseanna an Aontais

Taispeántar sraith sár-ríomhairí sa chúlra, agus sruthaítear cóid dhénártha trasna an taoibh uachtair ar chlé. Chun tosaigh, tá ríomhaire glúine á choinneáil ag duine agus é ag féachaint air.
Rún an Aontais borradh a chur faoin intleacht shaorga le sár-ríomhairí

Rún an Aontais borradh a chur faoin intleacht shaorga le sár-ríomhairí

An t-athbhreithniú deireanach: an 11 Samhain 2025