Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
20 Torthaí
Feirmeoireacht orgánach
Is trí mhodhanna nádúrtha a bhfuil tionchar teoranta acu ar an gcomhshaol a tháirgtear bia san fheirmeoireacht orgánach. Is mian leis an Aontas go mbeadh 25% dá thalamh feirme orgánach faoi 2030 agus tá rialacha soiléire aige chun tacú leis an sprioc sin.

Táirgí nach mbíonn dífhoraoisiú mar thoradh orthu
Tá foraoisí sláintiúla ríthábhachtach do dhaoine agus don chomhshaol. Is é is aidhm do rialacha an Aontais an dífhoraoisiú domhanda a laghdú trí rialáil a dhéanamh ar allmhairiú agus onnmhairiú earraí a gcuireann a dtáirgeadh le cailliúint foraoisí ar fud an domhain.

Foraoisí: fíricí agus figiúirí
Is iomaí buntáiste do shláinte an duine agus don chomhshaol a bhaineann le foraoisí, ach tá siad faoi bhrú mór atá ag méadú i gcónaí. Tacaíonn roinnt tionscnamh agus dlíthe de chuid an Aontais le foraoisí, san Aontas Eorpach agus ar fud na cruinne.

Athléimneacht agus cosaint foraoisí
Tá an tAontas tiomanta d’fhoraoisí a chosaint agus d’fheabhas a chur ar a gcumas dúshláin aeráide agus chomhshaoil a sheasamh.

An talmhaíocht a ghlasú
Cuireann an tAontas cleachtais inbhuanaithe atá neamhdhíobhálach don chomhshaol chun cinn sna córais bhia ionas go ndéanfar an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint agus ionas go ndéanfar athléimneacht earnáil an bhia a fheabhsú san am céanna.

Uisce
Is acmhainn theoranta é an t-uisce. Le reachtaíocht an Aontais, cosnaítear acmhainní uisce agus éiceachórais, agus cinntítear go bhfuil an t-uisce óil agus an t-uisce snámha glan.

Athbhunú an dúlra
Tá an dúlra i mbaol a bháis, agus is boichte muid dá éagmais. Leagtar síos i ndlí an Aontais maidir le hathbhunú an dúlra na chéad spriocanna ceangailteacha riamh chun éiceachórais, gnáthóga agus speicis a athchóiriú san Eoraip.

Rialacha cistiúcháin CBT 2023-2027
Is é is aidhm don chomhbheartas talmhaíochta athchóirithe 2023-2027 an fheirmeoireacht san Aontas a dhéanamh níos cothroime, níos glaise agus níos dírithe ar thorthaí.

Stoic éisc a chomhroinntear idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe
Ó mhí Eanáir 2021 i leith, déantar cearta iascaireachta maidir le stoic a chomhroinntear idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a shainiú i gcomhairliúcháin bhliantúla dhéthaobhacha.

Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach sláinte na n-ithreacha a chaomhnú?
Tá ról ríthábhachtach ag ithreacha a chuireann ar chumas an dúlra príomhsheirbhísí, mar shampla bia agus uisce glan, a sholáthar. Is gá a chinntiú go bhfuil ithreacha sláintiúil ar mhaithe le sláinte agus folláine an duine.
