Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach sláinte na n-ithreacha a chaomhnú?
Tá ról ríthábhachtach ag ithreacha a chuireann ar chumas an dúlra príomhsheirbhísí, mar shampla bia agus uisce glan, a sholáthar. Is gá a chinntiú go bhfuil ithreacha sláintiúil ar mhaithe le sláinte agus folláine an duine.
Is ar ithreacha sláintiúla a bhraitheann an saol
Is iad na hithreacha bunchloch na beatha ar an domhan. Teastaíonn ithreacha sláintiúla ó dhaoine, plandaí agus ainmhithe chun maireachtáil agus chun go n-éireoidh go maith leo.
Ar na buntáistí ríthábhachtacha a sholáthraíonn ithreacha tá:
- bia sláintiúil agus uisce glan
- gnáthóga le haghaidh na bithéagsúlachta
- dé-ocsaíd charbóin agus gáis cheaptha teasa eile a ghabháil, rud a chabhraíonn leis an athrú aeráide a chomhrac
Stórálann ithreacha sláintiúla CO2 agus gáis ceaptha teasa eile go nádúrtha. Go deimhin, is iad ithreacha an linn charbóin talún is mó ar an bpláinéad – ciallaíonn sé sin go stórálann siad an méid is mó gás ceaptha teasa i gcomparáid le heilimintí nádúrtha eile, ar nós crann.
Sa lá atá inniu ann, áfach, níl dea-riocht ar suas le 70% de na hithreacha san Aontas. Is é is aidhm do bhearta an Aontais truailliú agus díghrádú ithreach a laghdú.
Tionscnaimh bheartais an Aontais maidir leis an ithir
Tá beartas an Aontais maidir le sláinte ithreach bunaithe ar an sprioc i ndáil le truailliú nialasach a leag an Coimisiún Eorpach síos in 2021: ba cheart truailliú ithreach – chomh maith le truailliú uisce agus aeir – a laghdú go leibhéil nach measfar a thuilleadh a bheith díobhálach do shláinte an duine agus d’éiceachórais nádúrtha faoi 2050.
Straitéis ithreach le haghaidh 2030
In 2021, sheol an Coimisiún Eorpach an straitéis ithreach le haghaidh 2030, i gcomhréir leis an sprioc maidir le truailliú nialasach.
Is iad seo a leanas spriocanna na straitéise, atá le baint amach faoi 2050:
- na hithreacha uile san Aontas a dhéanamh sláintiúil agus níos athléimní
- ithreacha a chosaint agus a athbhunú agus a chinntiú go n-úsáidtear iad ar bhealach inbhuanaithe
- truailliú ithreach a laghdú
Aithníodh sa straitéis go raibh an easpa reachtaíocht shonrach ón Aontas maidir le hithreacha ina cúis mhór le díghrádú ithreach san Aontas. Sin an fáth ar chuir an Coimisiún togra le haghaidh reachtaíocht nua maidir le hithir san áireamh sa straitéis – An Dlí maidir le Faireachán Ithreach.
An Dlí maidir le Faireachán Ithreach
D’eisigh an Coimisiún togra le haghaidh dlí maidir le faireachán ithreach in 2023. Bheadh an treoir maidir le faireachán ithreach, dá nglacfadh comhreachtóirí an Aontais (an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa) í, ar an gcéad phíosa reachtaíochta de chuid an Aontais a dhíreodh ar shláinte ithreach. Is é is cuspóir fadtéarmach uaillmhianach don treoir ithreacha sláintiúla a bhaint amach faoi 2050.
Is é sprioc na treorach creat faireacháin sláinte a bhunú do gach ithir chun an athléimneacht a fheabhsú agus chun na rioscaí a bhaineann le láithreáin éillithe a bhainistiú.
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le ‘cur chuige ginearálta’ don togra i mí an Mheithimh 2024. Cuireadh tús leis na cainteanna le Parlaimint na hEorpa maidir le cruth deiridh na reachtaíochta i bhfómhar 2024 agus thángthas ar comhaontú sealadach i mí Aibreáin 2025. Ní mór don dá institiúid an comhaontú sin a dhearbhú.
Beartais eile a bhaineann le hithreacha
Baineann roinnt píosaí reachtaíochta de chuid an Aontais le cosaint ithreach. Cé go bhféadfadh sé nach gcuirtear forálacha sonracha maidir le cosaint ithreacha san áireamh sna dlíthe sin, téann siad i ngleic go hindíreach le sláinte ithreacha trí bhearta agus spriocanna comhshaoil a leagan síos.
Ina measc, tá an Dlí um Athbhunú Dúlra, an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha, an comhbheartas talmhaíochta agus bearta maidir le séarachas, leasacháin agus dliteanas comhshaoil.
Féach freisin
An bhithéagsúlacht
An Comhbheartas Talmhaíochta mínithe
Mar a chabhraíonn an dúlra leis an athrú aeráide a chomhrac
An t-athbhreithniú deireanach: an 10 Aibreán 2025