Rialacha cistiúcháin CBT 2023-2027
Is é is aidhm don chomhbheartas talmhaíochta athchóirithe 2023-2027 an fheirmeoireacht san Aontas a dhéanamh níos cothroime, níos glaise agus níos dírithe ar thorthaí.
An t-oiriúnú do dhúshláin nua
Tríd is tríd, tá sé d’aidhm ag comhbheartas talmhaíochta an Aontais an méid seo a leanas a dhéanamh:
- bia inacmhainne, slán, ardchaighdeáin a sholáthar
- ioncam cobhsaí a chinntiú d’fheirmeoirí
- margaí a chobhsú
- tacú le ceantair thuaithe
Cé gur ann don bheartas ó na 1960idí, déantar athbhreithniú air go rialta agus cuirtear é in oiriúint i gcomhréir leis na dúshláin nua atá roimh earnáil feirmeoireachta an Aontais.
An Comhbheartas Talmhaíochta mínithe
Príomhchuspóirí CBT 2023-2027
Leis an athchóiriú is déanaí don tréimhse 2023-2027, tá sé d’aidhm ag an Aontas an méid seo a dhéanamh:
• níos mó solúbthachta a chur ar fáil maidir le pleanáil do na Ballstáit
• cistí a dháileadh ar bhealach níos cothroime chun tacú le feirmeacha beaga agus le feirmeoirí óga ar bhealach níos éifeachtúla
• rannchuidiú le spriocanna comhshaoil agus aeráide an Aontais
• cuir le hiomaíochas na hearnála agus ullmhú do ghéarchéimeanna
Pleanáil sholúbtha do na Ballstáit
Tugann an bealach nua oibre níos mó solúbthachta do thíortha cistí talmhaíochta a leithdháileadh bunaithe ar dhálaí agus riachtanais áitiúla.
Seachas bearta sonracha a cheangal, tugtar tús áite do chuspóirí in CBT athchóirithe. Leis sin, tugtar an tsolúbthacht do Bhallstáit an Aontais measúnú a dhéanamh ar a riachtanais uathúla agus rogha a dhéanamh as raon ionstraimí chun na cuspóirí sin a bhaint amach.
Ní mór na hionstraimí sin a leagan amach i bpleananna straitéiseacha náisiúnta. Ní mór don Choimisiún Eorpach gach plean a fhormheas chun a chinntiú nach ndéanfar saobhadh ar an margadh aonair agus nach mbeidh ualaí iomarcacha ar fheirmeacha ná ar riaracháin mar thoradh air.
Ní mór do Bhallstáit an Aontais tuarascálacha a chur isteach gach bliain chun súil a choinneáil ar an dul chun cinn atá déanta acu maidir leis na cuspóirí uile-Aontais a bhaint amach. Le tacar coiteann táscairí toraidh arna gcomhaontú ar leibhéal an Aontais, cinntítear go ndéantar meastóireacht chomhsheasmhach chothrom ar éifeachtacht na mbeart a úsáidtear.
Dáileadh íocaíochtaí ar bhealach níos cothroime
Cuireann íocaíochtaí díreacha le feirmeoirí ioncam cobhsaí agus líontán sábhála ar fáil dóibh in aghaidh praghsanna luaineacha. Don tréimhse 2023-2027, ba cheart na híocaíochtaí sin a dháileadh ar bhealach níos cothroime:
- rachaidh 10 % chuig feirmeacha beaga agus meánmhéide
- rachaidh 3 % chuig feirmeoirí óga
- beidh na híocaíochtaí nasctha le dálaí sóisialta agus saothair
I bhfianaise an athdháilte sin, d’fhéadfaí íocaíochtaí le tairbhithe eile a laghdú nó uasteorainn a chur leo.
Cleachtais feirmeoireachta níos glaise
Leis na rialacha nua, tugtar ugach d’fheirmeoirí agus cuirtear de cheangal orthu cleachtais atá íogair ó thaobh na haeráide de agus neamhdhíobhálach don dúlra a ghlacadh, mar shampla:
- ní mór do na feirmeacha sin a fhaigheann íocaíochtaí díreacha bogaigh agus portaigh a chosaint chun ithreacha atá ar mhórán carbóin a chaomhnú
- tig le feirmeoirí tacaíocht bhreise a fháil ó éiciscéimeanna chun cleachtais atá neamhdhíobhálach don dúlra agus don aeráid a chur i bhfeidhm sa bhreis ar na ceanglais éigeantacha. Ní mór do Bhallstáit an Aontais 25 % de na híocaíochtaí díreacha a chaitheamh ar na héiciscéimeanna sin
An talmhaíocht a ghlasú
An t-iomaíochas a mhéadú agus ullmhúchán do ghéarchéimeanna
Is mian leis an Aontas freisin seasamh na bhfeirmeoirí sa slabhra soláthair a neartú agus borradh a chur faoin iomaíochas san earnáil. Leis na rialacha nua don tréimhse 2023-2027, spreagtar an comhar idir táirgeoirí agus feirmeacha chun an soláthar a ailíniú leis an éileamh.
Ina theannta sin, le cúlchiste €450 milliún in aghaidh na bliana, cinnteofar gur féidir leis an Aontas déileáil le géarchéimeanna amach anseo a eascraíonn as galair ainmhithe, suaitheadh sa mhargadh, teagmhais adhaimsire, nó praghsanna arda fuinnimh nó ionchuir, mar shampla i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise. In 2022 agus in 2023, slógadh €1 bhilliún chun cabhrú le feirmeoirí déileáil le géarchéimeanna.
Aghaidh a thabhairt ar ábhair imní na bhfeirmeoirí
Chun freagairt d’ábhair imní a chuir feirmeoirí in iúl, thug an tAontas bearta isteach, bliain amháin tar éis thús bheartas nua CBT, chun an t-ualach riaracháin ar fheirmeoirí a laghdú agus chun níos mó solúbthachta a chur ar fáil maidir le roinnt ceanglas in CBT 2023-2027 a chomhlíonadh.
Leis na rialacha leasaithe, ceadaítear maoluithe i gcásanna aimsire gan choinne agus le haghaidh ceanglais chomhshaoil, lena n-áirítear:
- cleachtais cumhdaigh ithreach
- uainíocht agus éagsúlú barr
- talamh branair agus gnéithe tírdhreacha
Feirmeacha beaga faoi bhun 10 heicteár, a chuimsíonn 65% d’fhaighteoirí CBT ach nach gcumhdaíonn ach 10% den talamh, ní dhéanfar seiceáil orthu ná ní ghearrfar pionós orthu mura gcomhlíonann siad na rialacha comhshaoil, rud a laghdóidh go mór an t-ualach riaracháin ar go leor acu, agus nach ndéanfaidh difear do chomhlíonadh na ngealltanas comhshaoil.
Ina theannta sin, is féidir le tíortha an Aontais na pleananna straitéiseacha a leasú faoi dhó sa bhliain, seachas uair amháin.
Leis na hathruithe sin, déantar spriocanna comhshaoil agus aeráide a chothromú le hábhair imní feirmeoirí, i bhfianaise thionchar na bhforbairtí geopholaitiúla, cuir i gcás iarmhairtí ionradh na Rúise ar an Úcráin, agus iarmhairtí eachtraí adhaimsire.
An cúlra dlíthiúil
Faoi CBT 2023-2027, cumhdaítear na rialacháin seo a leanas:
An Comhbheartas Talmhaíochta tar éis 2027
I mí na Nollag 2024, d’fhormheas an Chomhairle d’aon toil tacar conclúidí maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a bheidh ann amach anseo. De réir na gconclúidí, ba cheart an méid seo a leanas a bheith i gceist le beartas talmhaíochta amach anseo:
- iomaíoch
- athléimneach i gcás géarchéime
- inbhuanaithe
- fabhrach d’fheirmeoirí
- bunaithe ar eolas
Sna conclúidí, cuirtear in iúl a thábhachtaí atá CBT chun na cuspóirí sin a bhaint amach, agus leagtar béim ar na príomhspriocanna a bhaineann leis an tslándáil bia a chinntiú, agus caighdeán cóir maireachtála á ráthú ag an am céanna don phobal talmhaíochta, agus praghsanna réasúnta á ráthú do thomhaltóirí.
Ag an gComhairle Talmhaíochta agus Iascaigh i mí na Bealtaine 2025, bhí díospóireacht ag na hairí faoin teachtaireacht i ndáil le fís le haghaidh na talmhaíochta agus an bhia, a d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach i mí Feabhra 2025. D’aontaigh siad gur spriocanna ríthábhachtacha iad iomaíochas agus inbhuanaitheacht na talmhaíochta a fheabhsú agus beartais talmhaíochta a shimpliú.
San fhís, leagtar béim ar cheithre réimse tosaíochta:
- an fheirmeoireacht a dhéanamh tarraingteach do na glúine atá le teacht
- earnáil agraibhia iomaíoch athléimneach a chinntiú
- an earnáil agraibhia a dhéanamh slán i bhfad na haimsire
- dálaí córa maireachtála agus oibre a chur ar fáil i gceantair thuaithe
Tá simpliú rialacha, taighde, nuálaíocht agus digiteáil an Aontais i measc na bpríomhspreagthaí a sainaithníodh chun spriocanna a bhaint amach sna réimsí tosaíochta sin.
An Eoraip á cothú: 60 bliain den chomhbheartas talmhaíochta
60 bliain tar éis a sheolta in 1962, tacaíonn comhbheartas talmhaíochta an Aontais le margadh aonair oscailte do tháirgí bia talmhaíochta an Aontais. Faigh tuilleadh eolais faoi CBT ó fheirmeoirí agus tairbhithe na hEorpa inár scéal.
An t-athbhreithniú deireanach: an 26 Bealtaine 2025