"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.

Féach ár leathanach beartais maidir le fianáin chun tuilleadh eolais a fháil agus chun do shocruithe a athrú.

български español čeština dansk Deutsch eesti Ελληνικά English français Gaeilge hrvatski italiano latviešu lietuvių magyar Malti Nederlands polski português română slovenčina slovenščina suomi svenska
Skip to content

Ranníocaíocht na hEorpa do mhaoiniú don aeráid (sna €bn)

Is iad an tAontas agus a 27 mBallstát na soláthraithe is mó maoinithe don aeráid ar domhan.

In 2024, ranníoc siad €31.7 billiún ó fhoinsí poiblí agus chuir siad €11 bhilliún breise de mhaoiniú príobháideach ar fáil chun tacú le tíortha i mbéal forbartha agus an t-athrú aeráide á chomhrac acu agus iad ag dul in oiriúint dá thionchar.

Ranníocaíocht na hEorpa do mhaoiniú don aeráid (sna €bn)

Tá breis is dúbailt déanta ag an Eoraip ó bhí 2013 ann ar na cistí a thiomsaítear chun cabhrú le tíortha i mbéal forbartha tionchar an athraithe aeráide a mhaolú agus dul in oiriúint dó.

Leagan téacs

Ranníocaíocht na hEorpa do mhaoiniú don aeráid (sna €bn)

Ó 2013 i leith, tá breis agus méadú faoi dhó tagtha ar na cistí san Eoraip a thiomsaítear le cabhrú le tíortha i mbéal forbartha tionchar an athraithe aeráide a mhaolú agus dul in oiriúint dó.

Thiomsaigh an tAontas agus a Bhallstáit an méid seo a leanas:

  • €9.6 billiún in 2013
  • €14.5 billiún in 2014
  • €17.6 billiún in 2015
  • €20.2 billiún in 2016
  • €20.4 billiún in 2017
  • €21.7 billiún in 2018
  • €23.2 billiún in 2019
  • €23.4 billiún in 2020
  • €23 bhilliún in 2021
  • €28.5 billiún in 2022*
  • €28.6 billiún in 2023*
  • €31.7 billiún in 2024*

I measc na bhfoinsí le haghaidh na bhfigiúirí tá buiséad an Aontais, an Ciste Eorpach Forbraíochta agus an Banc Eorpach Infheistíochta.

*Ó 2022 i leith, ríomhtar an figiúr airgeadais phoiblí foriomlán trí úsáid a bhaint as modheolaíocht nua, a bunaíodh ar ghealltanais maidir le hairgeadas déthaobhach agus eisíocaíochtaí airgeadais iltaobhaigh a rinneadh sa bhliain chéanna.

Tá €4.6 billiún ó bhuiséad an Aontais, an Ciste Eorpach Forbraíochta san áireamh, agus €2.4 billiún ón mBanc Eorpach Infheistíochta sa mhaoiniú don aeráid ó fhoinsí poiblí, maoiniú ar fiú €31.7 billiún é.

Ríomhtar an figiúr airgeadais phoiblí foriomlán bunaithe ar ghealltanais maidir le hairgeadas déthaobhach agus eisíocaíochtaí airgeadais iltaobhaigh a thuairiscítear le haghaidh na bliana 2024.

Seasann an €11 bhilliún don tacaíocht phríobháideach airgeadais arna slógadh trí idirghabhálacha poiblí (e.g. ráthaíochtaí, iasachtaí sindeacáite, infheistíochtaí díreacha i gcuideachtaí, línte creidmheasa, etc.). Ní áirítear ann aon airgeadas poiblí a úsáidtear chun an tacaíocht phríobháideach airgeadais sin a shlógadh.

An t-athbhreithniú deireanach: an 29 Deireadh Fómhair 2026