I dtreo Eoraip dhigiteach
Tá infheistíocht á déanamh ag an Aontas in acmhainní digiteacha straitéiseacha agus in úsáid fhorleathan na dteicneolaíochtaí digiteacha. Cad é an tionchar atá ag an aistriú digiteach ar shochaí agus ar gheilleagar na hEorpa?
Luachanna an Aontais i gcroílár an aistrithe dhigitigh:
- an daonlathas
- saoirsí bunúsacha
- cearta an duine
- cosaint sonraí & an príobháideachas
- an tslándáil & an tsábháilteacht
- an chuimsitheacht
- an trédhearcacht
Cén tábhacht a bhaineann le hinfheistíocht an Aontais i dtionscadail dhigiteacha shuaitheanta?
- Bonn eacnamaíoch an Aontais a neartú
- Iomaíochas domhanda an Aontais a atreisiú
- Ceannasacht dhigiteach an Aontais a chinntiú
- An t-aistriú glas a éascú
- Poist a chruthú agus scileanna digiteacha a chothú
- Saol na saoránach a fheabhsú
Cén bhail atá ar an Eoraip Dhigiteach?
Líonraí
Nascacht líonra thapa snáithín ardacmhainne agus 5G san áireamh.
Bosca uirlisí an Aontais le haghaidh shlándáil 5G srianta ar sholáthróirí ardriosca le haghaidh príomhshócmhainní.
Na ceantair thuaithe
Luasanna Gigighiotánacha do gach teaghlach, idir thuaithe agus uirbeach.
Feirmeoireacht atá neamhdhíobhálach don timpeallacht; sonraí faoi bhuaint, síolta, agus úsáid leasachán.
An tionsclaíocht
Bonneagar agus slabhraí luacha: sár-ríomhairí agus ríomhaireacht chandamach, micreaphróiseálaithe, ceallraí, róbataic.
Seirbhísí néalríomhaireachta Eorpacha slána: sonraí arna stóráil agus arna bpróiseáil san Eoraip.
Na cathracha
Cathracha cliste: bonneagar, fóntais agus bainistiú dramhaíola.
An tsoghluaisteacht: cumarsáid idir feithiclí agus bonneagar, an pháirceáil dhigiteach.
Sa bhaile agus i gcéin
Éifeachtúlacht fuinnimh, eangacha cliste, Idirlíon na Rudaí Nithiúla.
Cumarsáid shlán: cosaint sonraí, criptiú i gcoinne cibearbhagairtí.
Scileanna digiteacha agus feasacht dhigiteach chun cibearbhagairtí a mhaolú.
Ar scoil
Idirlíon iontaofa tapa: rochtain ar acmhainní oideachais digiteacha.
Plean oideachais digiteach chun cabhrú le scoileanna cianfhoghlaim ardcháilíochta a chur ar fáil.
Cúram sláinte
Spás sonraí sláinte AE: sonraí don taighde, taifead sláinte leictreonach Eorpach.
An r-Shláinte: Feidhmchláir intleachta saorga d'fháthmheas agus do chóireáil.
Taighde
An Intleacht Shaorga (IS) infheistíocht sa taighde, nuálaíocht, imscaradh.
An tslándáil
Rochtain ar shonraí le haghaidh forfheidhmiú breithiúnach agus fhorfheidhmiú an dlí.
An tráchtáil
Inrianaitheacht táirgí arna cumasú le blocshlabhra.
Gnólachtaí
An lucht saothair a athsciliú agus a uas-sciliú TFC, saineolaithe sonraí agus teicneolaíochta.
An geilleagar ciorclach: acmhainneacht chun feistí leictreonacha a dheisiú agus a athchúrsáil.
Riarachán poiblí
An r-rialtas: rochtain níos tapúla, éifeachtúla, áisiúla agus níos trédhearcaí ar sheirbhísí.
Idir-inoibritheacht sonraí Eorpacha.
An chéannacht dhigiteach (e-ID): Céannacht dhigiteach ríomh-shainaitheantas poiblí slán uile-Aontais, seirbhísí digiteacha trasteorann.
- Todhchaí dhigiteach don Eoraip (eolas cúlra)
- An chibearshlándáil: mar a théann an tAontas i ngleic le cibearbhagairtí (eolas cúlra)
- Do shaol ar líne: cad é atá á dhéanamh ag an Aontas chun gur éasca agus gur sábháilte duitse é? (scéal gné)
- An tAcht um Sheirbhísí Digiteacha (grafaic faisnéise)
- An tAcht um Margaí Digiteacha (grafaic faisnéise)