Skip to content

An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha

Shínigh an Chomhairle agus an Pharlaimint an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha an 19 Deireadh Fómhair 2022.

Is é is aidhm don Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha an spás digiteach a chosaint ar ábhar neamhdhleathach a scaipeadh, agus cosaint chearta bunúsacha na n-úsáideoirí a chinntiú.

Cloítear leis an bprionsabal más neamhdhleathach as líne, is neamhdhleathach ar líne freisin. Beidh feidhm aige maidir le gach idirghabhálaí ar líne a chuireann seirbhísí ar fáil san Aontas.

Grafaic faisnéise maidir leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, ina ndéantar cur síos ar a bhfuil ann agus ar staidreamh an Aontais i ndáil le ríomhthráchtáil agus ceannacháin ar líne

Cad é an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha?

Cuid ríthábhachtach de chlár oibre digiteach an Aontais is ea an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha. Is é is aidhm dó spás digiteach sábháilte a chruthú do shaoránaigh agus gnólachtaí.

Treocht nach féidir a stopadh is ea an r-thráchtáil anois. Cloch mhíle mhór ba ea 2021 toisc gur tuaradh go mbeadh ní ba mhó ná 500 milliún úsáideoirí r-thráchtála ann.

Ríomhthráchtáil san Aontas Eorpach (2020):

An daonra: 447.7 milliún

Custaiméirí ar líne: 73

Billiún díolachán ar líne (€) = 757 mbilliún

R-thráchtáil in aghaidh thír AE

  • An Ghearmáin (Milliún de dhaonra: 83.1) (% úsáid an idirlín: 96) (% custaiméirí ar líne: 88)
  • An Fhrainc (Milliún de dhaonra: 67.3) (% úsáid an idirlín: 94) (% custaiméirí ar líne: 79)
  • An Spáinn (Milliún de dhaonra: 47.3) (% úsáid an idirlín: 94) (% custaiméirí ar líne: 70)
  • An Iodáil (Milliún de dhaonra: 59.6) (% úsáid an idirlín: 83) (% custaiméirí ar líne: 59)
  • An tSualainn (Milliún de dhaonra: 10.3) (% úsáid an idirlín: 97) (% custaiméirí ar líne: 87)
  • An Pholainn (Milliún de dhaonra: 37.9) (% úsáid an idirlín: 87) (% custaiméirí ar líne: 74)
  • An Ísiltír (Milliún de dhaonra: 17.4) (% úsáid an idirlín: 95) (% custaiméirí ar líne: 93)
  • An Ostair (Milliún de dhaonra: 8.9) (% úsáid an idirlín: 90) (% custaiméirí ar líne: 76)
  • An Rómáin (Milliún de dhaonra: 19.3) (% úsáid an idirlín: 87) (% custaiméirí ar líne: 54)
  • An Bheilg (Milliún de dhaonra: 11.5) (% úsáid an idirlín: 93) (% custaiméirí ar líne: 80)
  • An Fhionlainn (Milliún de dhaonra: 5.5) (% úsáid an idirlín: 97) (% custaiméirí ar líne: 79)
  • An Danmhairg (Milliún de dhaonra: 5.82) (% úsáid an idirlín: 99) (% custaiméirí ar líne: 91)
  • An tSeicia: (Milliún de dhaonra: 10.6) (% úsáid an idirlín: 90) (% custaiméirí ar líne: 85)
  • An Liotuáin (Milliún de dhaonra: 2.7) (% úsáid an idirlín: 84) (% custaiméirí ar líne: 70)
  • Éire (Milliún de dhaonra: 4.9) (% úsáid an idirlín: 93) (% custaiméirí ar líne: 85)
  • An Phortaingéil (Milliún de dhaonra: 10.2) (% úsáid an idirlín: 81) (% custaiméirí ar líne: 60)
  • An Ghréig (Milliún de dhaonra: 10.7) (% úsáid an idirlín: 82) (% custaiméirí ar líne: 63)
  • An tSlóivéin (Milliún de dhaonra: 2) (% úsáid an idirlín: 89) (% custaiméirí ar líne: 77)
  • An Eastóin (Milliún de dhaonra: 1.3) (% úsáid an idirlín: 93) (% custaiméirí ar líne: 76)
  • An Ungáir (Milliún de dhaonra: 9.7) (% úsáid an idirlín: 88) (% custaiméirí ar líne: 73)
  • An tSlóvaic (Milliún de dhaonra: 5.4) (% úsáid an idirlín: 94) (% custaiméirí ar líne: 68)
  • An Bhulgáir (Milliún de dhaonra: 6.9) (% úsáid an idirlín: 76) (% custaiméirí ar líne: 47)
  • An Chróit (Milliún de dhaonra: 4) (% úsáid an idirlín: 81) (% custaiméirí ar líne: 75)
  • An Laitvia (Milliún de dhaonra: 1.9) (% úsáid an idirlín: 91) (% custaiméirí ar líne: 60)
  • An Chipir (Milliún de dhaonra: 0.8) (% úsáid an idirlín: 93) (% custaiméirí ar líne: 60)
  • Lucsamburg: (Milliún de dhaonra: 0.6) (% úsáid an idirlín: 99) (% custaiméirí ar líne: 82)
  • Málta (Milliún de dhaonra: 0.5) (% úsáid an idirlín: 88) (% custaiméirí ar líne: 76)

Leis na rialacha nua, cuirfear cruth nua ar chearta agus oibleagáidí soláthraithe seirbhíse digití, úsáideoirí ar líne, custaiméirí agus úsáideoirí gnó san Aontas, i gcomhréir le cearta agus luachanna bunúsacha an Aontais.

I measc úsáideoirí idirlín san Aontas (idir 16 bliana agus 74 bliana d’aois, AE, 2020), ceannaíonn 73% díobh sin ar líne = 326.8 milliún custaiméir ar líne faoi chosaint.

Seo a leanas cuspóirí an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha:

  1. timpeallacht níos sábháilte a chruthú ar líne
  2. freagrachtaí soiléire a shainiú do na hardáin amhail margaí ar líne agus na meáin shóisialta
  3. déileáil leis na dúshláin dhigiteacha atá ann faoi láthair, ina measc:
  • táirgí neamhdhleathacha, an fhuathchaint agus an bhréagaisnéis
  • trédhearcacht maidir le tuairisciú agus maoirseacht sonraí

An tionchar a mheastar a bheidh ag na margaí digiteacha in uimhreacha:

  • méadú 13.5% ar thomhaltóirí trasteorann = 12.7 milliún tomhaltóir nua a cheannaíonn ar líne
  • d’fhéadfadh fiontair bheaga agus mheánmhéide €15.5 billiún de chostais idirbhirt ar líne a sheachaint
  • trí dhíolacháin ghóchumtha ar líne a laghdú, d’fhéadfaí gnóthachan tomhaltais (úsáid earraí agus seirbhísí ag teaghlaigh) de €2.8 billiún a thabhairt ó scannáin, ceol agus cluichí, agus €300 milliún breise ó ríomhleabhair
  • méadú ar dhíolacháin trasteorann r-thráchtála bhliantúla idir €1.9 billiún agus €6.6 billiún.

Ceannacháin earraí ar líne (AE, 2020) % na ndaoine aonair a cheannaigh nó a d’ordaigh earraí nó seirbhísí ar líne:

  • Ceol i bhfoirm dlúthdhioscaí, ceirníní vinile = 7%
  • Scannáin nó sraitheanna i bhfoirm DVD, Blu-ray = 8%
  • Leabhair, irisí nó nuachtáin chló = 27%
  • Éadaí, bróga nó gabhálais = 63%

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach: