An Gníomh um Margaí Digiteacha
Shínigh Uachtaránacht na Comhairle agus Parlaimint na hEorpa an Gníomh um Margaí Digiteacha (DMA) an 14 Meán Fómhair 2022.
Is é is aidhm don Ghníomh um Margaí Digiteacha earnáil dhigiteach atá iomaíoch agus cothrom a áirithiú d’fhonn an nuálaíocht, táirgí agus seirbhísí digiteacha ar ardchaighdeán agus praghsanna níos cothroime do thomhaltóirí a chur chun cinn.
Cad é an Gníomh um Margaí Digiteacha?
Is sraith nua rialacha ón Aontas é lena gcinnteofar iomaíocht chóir ar na hardáin dhigiteacha.
Na fíricí:
- Tá os cionn 10 000 ardán FBM ardfháis ar líne ag feidhmiú i ngeilleagar digiteach an Aontais sa lá atá inniu ann.
- Is ag dornán beag de na hardáin mhóra ar líne, ardáin ar a dtugtar na ‘geatóirí’, atá an sciar is mó den mhargadh.
Ardáin dhigiteacha iad na geatóirí a bhfuil:
- níos mó ná 45 mhilliún úsáideoirí deiridh gníomhacha in aghaidh na míosa
- láimhdeachas €7.5 billiún nó os a chionn acu le 3 bliana airgeadais anuas
Ní bheidh cead ag geatóirí an méid seo a leanas a dhéanamh:
- a gcuid táirgí féin a chur chun cinn ar bhealach iomarcach
- féidearthachtaí íocaíochta a theorannú dá modh íocaíochta féin
- sonraí pearsanta a bhailítear ar mhaithe le seirbhís faoi leith a athúsáid chun críche seirbhíse eile
- coinníollacha éagóracha a fhorchur ar úsáideoirí gnó
- feidhmchláir áirithe bogearraí a réamhshuiteáil
- srian a chur ar úsáideoirí gnó na n-ardán
- úsáid a bhaint as cleachtais áirithe chuachta (táirgí éagsúla a dhíol mar phacáiste)
D'fhéadfaí fíneálacha suas le 10 % dá láimhdeachas domhanda a fhorchur ar chuideachtaí nach gcomhlíonann na hoibleagáidí nua, nó suas le 20 % i gcás athchiona.
Agus an Gníomh Eorpach um Margaí Digiteacha á cur chun feidhme:
- cruthófar iomaíocht níos cothroime do ghnólachtaí digiteacha
- spreagfar breis nuálaíochta
- soláthrófar cosaint tomhaltóirí