An Ghéarchéim fuinnimh: Trí bheart atá comhordaithe ag an Aontas chun billí a laghdú
Bhí praghsanna fuinnimh níos airde ná riamh in 2022, go háirithe mar thoradh ar ionradh gan údar na Rúise ar an Úcráin agus ar an úsáid a bhain sí as soláthairtí gáis mar uirlis troda.
Tá nasc díreach idir an praghas mórdhíola leictreachais i margadh inmheánach an Aontais agus praghas an gháis — a allmhairítear den chuid is mó. Ba é an laghdú a rinneadh d’aon ghnó ar na soláthairtí gáis a bhí ag an Rúis an phríomhchúis leis an méadú as cuimse ar na praghsanna gáis san Aontas. Bhí tionchar aige sin ar phraghas an leictreachais a tháirgtear i ngléasraí cumhachta gásadhainte agus bhí tionchar aige sin ar phraghsanna leictreachais ar an iomlán.
Ghlac tíortha an Aontais rialachán éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna fuinnimh agus chun cabhrú leis na saoránaigh agus na gnólachtaí is mó atá thíos leis an ngéarchéim fuinnimh.
Ghlac airí fuinnimh an Aontais na rialacha sa Chomhairle go gasta i mí Dheireadh Fómhair 2022. Tá feidhm ag an rialachán seo ón 1 Nollaig 2022 go dtí an 31 Márta 2023.
Cuirtear i láthair sa ghrafaic faisnéise na rialacha mar a glacadh iad in 2022.