Skip to content

Córais TF uile-Aontais don tslándáil agus don imirce

Ó cheann ceann an Aontais, tá eolas á roinnt ag na húdaráis ar chórais mhórscála TF ar mhaithe le saoránaigh a chosaint, coireacht a chomhrac, teorainneacha a choinneáil slán agus an imirce a bhainistiú.

Ó cheann ceann an Aontais, tá eolas á chomhroinnt ag na húdaráis ar chórais mhórscála TF ar mhaithe le:

  • teorainneacha slána
  • coireacht a chomhrac
  • saoránaigh a chosaint
  • imirce a bhainistiú

Córais TF atá á bhforbairt faoi láthair

Leis an gCóras Dul Isteach/Imeachta (EES), déanfar na trasnuithe a dhéanann saoránaigh nach den Aontas iad ag teorainneacha seachtracha an Aontais a thaifeadadh

Leis an gCóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), déanfar seiceálacha roimh ré ar thaistealaithe atá díolmhaithe ó cheanglas víosa a thagann isteach i limistéar Schengen.

Córas Faisnéise Schengen (SIS)

  • Úsáidtear é chun foláirimh a cheadú nó a chruthú maidir le daoine nó rudaí a bhfuiltear sa tóir orthu nó atá ar iarraidh (uasghrádaithe i mí an Mhárta 2023)

Eurodac

  • Bunachar sonraí méarlorg iarrthóirí tearmann a cláraíodh san Aontas (uasghrádú beartaithe)


An Córas Faisnéise Víosaí (VIS)

  • Úsáidtear é chun eolas a mhalartú idir tíortha Schengen maidir le víosaí an Aontais (uasghrádú beartaithe)


An Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS)

  • Úsáidtear é chun eolas a mhalartú maidir le ciontuithe coiriúla (uasghrádú beartaithe)


An córas dul isteach-imeachta

  • Déanfar trasnuithe a dhéanann saoránaigh nach den Aontas iad ag teorainneacha seachtracha an Aontais a thaifeadadh (córas nua)


An Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS)

  • Déanfar seiceálacha roimh ré ar thaistealaithe atá díolmhaithe ó cheanglas víosa atá ag teacht isteach go limistéar Schengen (córas nua)

An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Eanáir 2024