Córais TF chun an choireacht a chomhrac agus teorainneacha an Aontais a dhaingniú
Ó cheann ceann an Aontais, tá faisnéis á roinnt le chéile ag na húdaráis ar chórais mhórscála TF ar mhaithe le cosaint na saoránach agus comhrac na coiriúlachta, agus teorainneacha slána a bheith againn.
Córas faisnéise Schengen (CFS)
Úsáideann na húdaráis forfheidhmithe dlí ar fud an Aontais córas faisnéise Schengen (CFS) chun foláirimh, maidir le daoine nó rudaí a bhfuiltear sa tóir orthu nó atá ar iarraidh, a chur isteach nó a cheadú. Tá isteach agus amach le 86.5 milliún foláireamh sa chóras agus chuaigh na húdaráis ina chomhairle nach mór 35 mhilliún uair in aghaidh an lae in 2022.
Ina theannta sin, cuireann CFS treoracha ar fáil do na húdaráis maidir lenar ceart a dhéanamh tráth a n-aimsítear duine nó rud, mar shampla:
- duine a bhfuiltear sa tóir air a ghabháil
- cosaint a thabhairt don té atá ar iarraidh agus ar leochaileach a chás
- earra neamhdhleathach nó earra goidte a ghabháil
I mí na Samhna 2018, ghlac an tAontas rialacha nua chun Córas Faisnéise Schengen a uasghrádú.
Tháinig an leagan uasghrádaithe i bhfeidhm i mí an Mhárta 2023 agus tá an méid seo a leanas san áireamh ann:
- catagóirí nua foláireamh
- bithmhéadracht mar shampla loirg dearnan
- méarloirg
- taifid DNA ar dhaoine atá ar iarraidh
Malartú sonraí uathoibrithe le haghaidh comhar póilíneachta
Is é mar sprioc leis malartú faisnéise idir na Ballstáit agus Europol a threisiú, a chuíchóiriú agus a éascú agus uirlisí feabhsaithe a chur ar fáil d’údaráis forfheidhmithe dlí an Aontais chun an choireacht a chomhrac.
Méadú ar líon na gcatagóirí sonraí
Leis an gcreat nua — dá dtagraítear mar Prüm II go minic — ceadaítear d’údaráis forfheidhmithe dlí breathnú ar bhunachair sonraí náisiúnta na mBallstát eile le haghaidh sonraí cuir i gcás:
- DCA
- méarloirg
- sonraí clárúcháin feithicle
Leis an dlí nua sin a glacadh an 26 Feabhra 2024, ceadaítear d’údaráis phóilíneachta na nithe seo a leanas a chuardach:
- íomhánna den aghaidh
- taifid phóilíneachta
Beifear in ann cuardaigh a dhéanamh i ngach catagóir chun daoine atá ar iarraidh a aimsiú nó chun taisí daonna a shainaithint, má cheadaítear sin leis an dlí náisiúnta. Má bhíonn toradh dearfach ar chuardach an bhunachair sonraí, ní mór don tír atá i gceist na sonraí ábhartha seo a chur ar fáil laistigh de 48 n-uair an chloig:
- ainm
- dáta breithe
- cion coiriúil atá nasctha leis na sonraí
Nuachóiriú an chórais TF
Le dlí nua Prüm déanfar an méid seo a leanas:
- nuachóiriú ar an mbonneagar teicniúil atá mar bhonn taca le malartú faisnéise
- ródaire a chur i bhfeidhm ag eu-LISA chun éascú a dhéanamh ar bhunú nasc idir na Ballstáit agus Europol chun sonraí a aisghabháil
Is éard a bheidh sa ródaire uirlis chuardaigh agus cainéal cumarsáide slán. Cuirfidh an t-údarás forfheidhmithe dlí atá ag cuardach meaits a chuid sonraí (e.g. méarlorg) faoi bhráid an ródaire. Seolfaidh an ródaire an iarraidh sin ar chuardach chuig bunachair sonraí gach Ballstáit eile de chuid an Aontais agus Europol.
Chun cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh ar innéacsanna taifead póilíneachta, bainfidh na Ballstáit agus Europol úsáid as Córas Innéacs Eorpach na dTaifead Póilíneachta (EPRIS).
Ról níos mó do Europol
Leis na rialacha nua:, beidh Europol ábalta an méid seo a leanas a dhéanamh freisin:
- bunachair sonraí náisiúnta a chuardach chun cros-seiceáil a dhéanamh ar fhaisnéis a fuair sé ó thríú tíortha
An córas faisnéise víosaí (VIS)
Is bunachar sonraí é an córas faisnéise víosaí – atá ag feidhmiú ó 2011 – chun an nós imeachta víosa gearrfhanachta a éascú.
Cuidíonn an córas le húdaráis víosaí, údaráis teorann, údaráis tearmainn agus údaráis imirce seiceáil a dhéanamh ar na náisiúnaigh tríú tír a dteastaíonn víosa gearrfhanachta uathu chun taisteal chuig limistéar Schengen. Tig leis na húdaráis VIS a úsáid le meaitseáil bhithmhéadrach a dhéanamh chun daoine a shainaithint agus chun bradaíl aitheantais agus calaois a chosc.
Mar fhreagairt ar dhúshláin mhear-athraitheacha na himirce agus na slándála, ghlac an tAontas rialachán nua i mí na Bealtaine 2021 chun feabhas a chur ar an gcóras. Déantar an méid seo a leanas leis na rialacha nua:
- slándáil an nós imeachta um iarratas a dhéanamh ar víosa ghearrfhanachta a neartú a thuilleadh
- víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe a áireamh sa bhunachar sonraí céanna
- idir-inoibritheacht a chinntiú idir VIS agus córais agus bunachair sonraí ábhartha eile de chuid an Aontais
An córas chun iarratais Eorpacha ar thearmann a bhainistiú (Eurodac)
Is i mbunachar Eurodac a choinnítear méarloirg iad siúd a dhéanann iarratas ar thearmann agus a cláraíodh sna Ballstáit agus i dtíortha comhlachaithe. Is do chur chun feidhme Rialachán Bhaile Átha Cliath a fhónann an bunachar sonraí sin. A bhuí leis, is féidir na rudaí seo a leanas a dhéanamh:
- a fhíorú an ndearna iarrthóir iarratas ar thearmann roimhe sin i mBallstát eile
- a sheiceáil ar gabhadh iarrthóir roimhe sin agus é ag dul isteach, go neamhdhleathach, ar chríoch Ballstáit
- a chinneadh cén Ballstát is freagrach as iarratas ar thearmann a scrúdú
Tá athbhreithniú déanta ar rialachán Eurodac mar chuid de thograí reachtacha an Aontais chun na rialacha tearmainn a athchóiriú.
Córais TF uile-Aontais don tslándáil agus don imirce (Grafaic faisnéise)
Córas Eorpach um fhaisnéis agus údarú taistil (ETIAS)
Ghlac an Chomhairle rialachán lena mbunaítear an córas Eorpach um fhaisnéis agus údarú taistil (ETIAS) i mí Mheán Fómhair 2018. Bainfear úsáid as an gcóras TF seo chun seiceálacha a dhéanamh roimh ré ar thaistealaithe atá díolmhaithe ó cheanglas víosa agus údarú taistil a dhiúltú dóibh, más gá.
Beidh sé ar aon dul le córais atá ann cheana i Stáit Aontaithe Mheiriceá, i gCeanada, san Astráil agus in áiteanna nach iad, agus bainfidh an-chuid buntáistí leis, mar shampla:
- feabhas ar an tslándáil inmheánach
- cosc níos cuimsithí ar imirce neamhdhleathach
- laghdú ar na rioscaí don tsláinte phoiblí agus an mhoill a laghdú ag na teorainneacha
Is é eu-LISA a fhorbróidh ETIAS agus cuirfear tús le hoibríochtaí sa ráithe dheireanach de 2026.
Is é seo an ghníomhaireacht de chuid an Aontais a bhainistíonn na córais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais.
An córas dul isteach/imeachta
Is córas nua uile-Aontais um bainistiú digiteach teorainneacha é an córas dul isteach/imeachta (EES) lena ndéantar taifead ar dhul isteach agus ar imeacht náisiúnach tríú tír a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha limistéar Schengen le haghaidh gearrfhanachtaí. Cuirtear seiceálacha bithmhéadracha tapa slána in ionad an tseanchórais a raibh stampáil pasanna de láimh i gceist leis.
Amhail an 12 Deireadh Fómhair 2025, cuirfear EES chun feidhme de réir a chéile thar theorainneacha seachtracha Schengen thar thréimhse 6 mhí. Ní mór aon phointe trasnaithe teorann amháin ar a laghad i ngach tír rannpháirteach a bheith oibríochtúil tráth an tseolta. Le linn na tréimhse sin, ní chlárófar gach trasnú ná taistealaí trí EES, agus stampálfar pasanna fós.
Tá coinne leis go mbeidh an córas curtha go hiomlán chun feidhme faoin 10 Aibreán 2026.
Is é eu-LISA, i gcomhar leis na Ballstáit, a thóg EES.
- Agus tús curtha le córas nua rialaithe teorann EES, neartóidh an tAontas an tslándáil teorann agus méadóidh sé éifeachtúlacht do thaistealaithe (preaseisiúint, an 11 Deireadh Fómhair 2025)
- Bainistiú teorainneacha: cead tugtha ag an gComhairle tús a chur de réir a chéile leis an gcóras dul isteach/imeachta (preaseisiúint, an 18 Iúil 2025)
- An córas dul isteach/imeachta (eu-LISA)
An Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS)
In 2012 a cuireadh ar bun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS). Tugann sé caoi do na Ballstáit faisnéis a roinnt le chéile faoi chiontuithe coiriúla.
Is le saoránaigh an Aontais a bhaineann formhór na faisnéise a mhalartaítear mar nach bhfuil aon bhealach éifeachtúil ag an gcóras le sonraí faoi náisiúnaigh tríú tír a phróiseáil.
I mí Aibreáin 2019, ghlac an tAontas rialacha nua chun ECRIS a fheabhsú. Faoin gcóras athchóirithe sin, beidh bunachar sonraí lárnach ann ina mbeidh faisnéis faoi náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát a ciontaíodh.
Sonraí as an taifead ainmneacha paisinéirí
Bíonn taisteal idirnáisiúnta i gceist go minic leis an gcoireacht eagraithe agus le gníomhaíochtaí na sceimhlitheoirí. In 2016, mar fhreagairt ar dheireadh a chur le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha faoi Choinbhinsiún Schengen, ghlac an tAontas an treoir maidir le taifead ainmneacha paisinéirí (PNR).
Is eolas pearsanta iad sonraí PNR a sholáthraíonn na paisinéirí agus a dhéanann aeriompróirí a thiomsú agus a choinneáil. I measc na faisnéise, tá, mar shampla: ainm an phaisinéara, dátaí taistil, bealaí taistil, suíocháin, bagáiste, sonraí teagmhála agus modhanna íocaíochta.
Le Treoir PNR, rialaítear aistriú sonraí den sórt sin chuig údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus ar an gcaoi a ndéantar na sonraí sin a phróiseáil chun cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh.
Leis an gcóras PNR, comhlánaítear na huirlisí atá ann cheana féin chun an choireacht thrasteorann a chomhrac agus déantar forálacha dlíthiúla na mBallstát a chomhchuibhiú leis, rud a sheachnaíonn éiginnteacht dhlíthiúil agus bearnaí slándála, agus cosaint sonraí á gcaomhnú ag an am céanna.
- Treoir an Aontais maidir le sonraí as an taifead ainmneacha paisinéirí (eolas cúlra)
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Gníomhaireacht an Aontais atá i gceannas ar chórais mhórscála TF (eu-LISA)
Is é eu-LISA an ghníomhaireacht sin de chuid an Aontais atá freagrach as bainistiú a dhéanamh ar na córais mhórscála TF a úsáidtear chun beartais an Aontais a chur chun feidhme i ndáil le bainistiú teorainneacha, an imirce agus forfheidhmiú an dlí.
I mí na Samhna 2018, ghlac an Chomhairle rialacha nua chun sainordú na gníomhaireachta a neartú. Is é is aidhm leis na rialacha nua feabhas ar chumas na gníomhaireachta cur le bainistiú teorainneacha, comhar i bhforfheidhmiú an dlí agus bainistiú imirce san Aontas.
Beidh ról ríthábhachtach ag an ngníomhaireacht freisin agus córais nua TF á gcur chun feidhme i réimse an cheartais agus na ngnóthaí baile.
A bhuí leis an sainordú leathnaithe atá aige, beidh eu-LISA in ann:
- córais nua a fhorbairt agus a oibriú, cuir i gcás an córas dul isteach/imeachta a glacadh le déanaí agus ETIAS
- cuidiú le réitigh idir-inoibritheachta a cheapadh
- tacú leis na Ballstáit arna iarraidh sin dóibh
- ról níos mó a imirt i gcúrsaí taighde, i dtreoirthionscadail agus gníomhaíochtaí tástála
Déanann eu-LISA bainistiú ar na córais TF seo a leanas faoi láthair:
- córas faisnéise víosaí
- córas faisnéise Schengen
- Córas Eorpach méarlorgaireachta (Eurodac)
Tá na córais TF seo a leanas á bhforbairt ag eu-LISA faoi láthair:
- an córas dul isteach/imeachta
- An Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS)
- an córas ECRIS-TCN
Idir-inoibritheacht chórais faisnéise an Aontais
Níl aon idirnasc idir na córais faisnéise sin de chuid an Aontais a úsáidtear chun an choireacht a chomhrac, teorainneacha a rialú agus sreafaí imirce a bhainistiú. Tá siad ilroinnte, agus an baol ann go bhfágfar bearnaí san fhaisnéis dá bharr.
Tá an tAontas Eorpach ag féachaint ar bhealaí chun faisnéis a bhailiú agus a roinnt ar bhealach níos fearr chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- rochtain ar na sonraí a chur ar fáil do ghardaí teorann trí bhunachair sonraí ábhartha an Aontais
- imscrúdú coiriúil agus ionchúiseamh coiriúil a fheabhsú
I mí na Bealtaine 2019, ghlac an Chomhairle dhá rialachán lena mbunaítear creat maidir le hidir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais, a chuidíonn le teorainneacha, an tslándáil agus an imirce a bhainistiú. Déantar an méid seo a leanas leis na rialacha nua:
- tairseach chuardaigh Eorpach, a chuirfidh ar chumas na n-údarás ilchórais faisnéise a chuardach ag an am céanna
- seirbhís chomhroinnte um meaitseáil bhithmhéadrach lena ndéanfar sonraí bithmhéadracha a chros-seiceáil
- stóras coiteann sonraí céannachta ina stóráiltear sonraí aitheantais iad siúd nach saoránaigh de chuid an Aontais iad
- brathadóir ilchéannachtaí a chuirfidh na húdaráis ar an eolas nuair a léireofar calaois chéannachta le sonraí bithmhéadracha
Déanfar an ailtireacht idir-inoibritheachta nua sin a imlonnú ó lár na bliana 2024 go dtí deireadh 2026 agus beidh comhéadan amháin ar fáil leis le haghaidh cuardaigh, chomh maith le seirbhís meaitseála bithmhéadraí chun an tsainaithint a éascú.
An t-athbhreithniú deireanach: an 6 Márta 2025